An Dair Thoilm
Quercus ilex

Tá an crann mór, síorghlas seo sa ngéineas céanna leis na daracha dúchasacha. Bíonn duilleoga deilgneacha, cosúil le duilleoga an chuilinn, ar an dair thoilm. Is é ceantar na Meánmhara a cheantar dúchais, agus cuirtear in Éirinn é mar chrann ornáide. Is minic a chuirtear i gcathracha é mar go bhfuil an crann seo go maith in ann ag scáth agus truailliú.

Ainmneacha eile: Crann tuilm,[1] dair tuilm, dair shíor-uaine[2]
Béarla: Holm Oak, Evergreen oak
Réamhrá
Is crann síorghlas í an dair thoilm. Is é ceantar na Meánmhara, ón bPortaingéil agus Maracó go dtí an Ghréig agus iarthar na Tuirce, réigiún dúchais an chrainn.[3] Tá cosúlachtaí idir an dair thoilm agus an cuileann—is crann síorghlas le duilleoga deilgneacha iad an dá phlanda agus is ón gcuileann (Ilex aquifolium) a tháinig ainm eolaíoch na darach (Quercus ilex). Ach in ainneoin na gcosúlachtaí seo, níl gaol gar acu lena chéile—tá an dair thoilm sa ngéineas céanna, Quercus, le daracha dúchasacha na hÉireann.
Cuma an Chrainn

Bíonn barr an chrainn leathan agus cruinneachánach, agus bíonn craobhacha ardaitheacha air. Is crann mór é—tá sé ar an gcrann síorghlas neamhbhuaircíneach is mó in Éirinn. Is iondúil go bhfásann sé go 25 m i gcoinníollacha fabhracha, cé go bhfuil crainn eisceachtúla in ann 30m a bhaint amach.[3]
Is planda fadsaolach é freisin—níl crainn den speiceas seo atá 1,000 bliain d’aois neamhghnách.[3]

Bíonn dath donn dorcha ar an gcoirt, a bhíonn scoilte ina plátaí beaga, tanaí, cearnógacha.[4] Bíonn na géaga clúmhach le ribí beaga donn orthu.[3]
Duilleoga, Bláthanna, agus Torthaí
Bíonn duilleoga an chrainn seo an-athraitheach. Is minic a bhíonn siad cuasach agus tiubh, le cruth lansach nó ubhchruthach. Is dath glas dorcha lonrach a bhíonn ar thaobh uachtarach na nduilleog agus dath níos gile ar an taobh íochtarach. Bíonn an taobh íochtair clúmhach.[3, 4]
Bíonn na duilleoga óga deilgneach—is ó ainm géiniteach an chuilinn, Ilex, a fuair an dair thoilm an t-ainm Quercus ilex. Ach bíonn duilleoga níos sine ubhchruthach agus gan deilgní. Is iondúil go bhfásann duilleoga nua ar an gcrann sa samhradh, ag an am céanna le caitíní buí an chrainn. Maireann na duilleoga ar an gcraobh ar feadh idir 1-4 bliana, ag brath ar choinníollacha éagsúla, sula dtiteann siad.[3]
Bíonn caitíní baineanna agus fireanna ar an gcrann moinéiciach seo. Is dath gealghlas a bhíonn ar na caitíní fireanna (4-7 cm ar fhad) a chrochann anuas ón gcrann, sula n-osclaíonn na staimíní ag tús an tsamhraidh. Mar aon leis na daracha eile, bíonn na caitíní baineanna an-bheag.[3]
Tar éis dóibh pailniú sa ngaoth, forbraíonn na caitíní baineanna i gcaitheamh an tsamhraidh go dearcáin donn a bhíonn suite istigh i gcupúl glas. Titeann na dearcáin sa ngeimhreadh agus, cosúil le daracha eile, bíonn blianta measa acu gach 4-6 bliain, nuair a thairgeann an crann líon mór dearcán.[3]
An Dair Thoilm sa tSochaí
Stair agus Dáileadh
Saothraíodh an crann sa mBreatain ó 1557 ar aghaidh, agus cuireadh go fairsing é san 18ú haois.[5] Síolraíonn an dair thoilm go héasca anois i ndeisceart Shasana, áit a nglacann sé seilbh thapa ar an talamh sa gcaoi nach mbíonn plandaí dúchasacha in ann dul in iomaíocht leis.[5]
In Éirinn, is in oirthuaisceart agus in oirdheisceart na tíre is mó atá an dair thoilm ag fás, le dáileadh scaipthe sa gcuid eile den tír.[5] Mar gur crann mór galánta síorghlas é, cuirtear an dair thoilm in Éirinn agus sa mBreatain mar chrann ornáide i bpáirceanna, i reiligí, agus i ngairdíní móra.[5]
Tá sé in ann ag an sáile[6] agus cuirtear go minic é mar fhál foscaidh ón ngaoth, ach ní crainn iad atá in ann ag sioc crua. Cuirtear daracha thoilm i gcathracha freisin mar nach gcuireann scáth ná truailliú as dóibh.[7]
Úsáid an Chrainn
Tá adhmad an chrainn an-dlúth, an-chrua, agus deacair le hoibriú. Mar nach dtriomaíonn sé go héasca, ní dhéantar leis an adhmad ina cheantar dúchais ach earraí beaga a fhaigheann go leor úsáide—uirlisí siúinéireachta agus giarfhiacla, mar shampla.[3]
Is acmhainn fioghuail a bhí san adhmad, agus dhéantaí trasnáin traenacha agus cuaillí as an dair thoilm freisin.[3] Is ar dhearcáin na darach thoilm a bheathaítear na muca a tháirgeann liamhás Ibérico ar Leithinis na hIbéire.[8]
Tagairtí
1. Dinneen, P.S., An Irish-English Dictionary. 1927: Educational Company of Ireland.
2. Hogan, E., Luibhleabhrán: Irish and Scottish Gaelic Names of Herbs, Plants. Trees (Dublin, 1900). 50.
3. De Rigo, D. and G. Caudullo, Quercus ilex in Europe: Distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of Forest Tree Species; San-Miguel-Ayanz, J., de Rigo, D., Caudullo, G., Houston Durrant, T., Mauri, A., Eds, 2016: p. 152-153.
4. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
5. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
6. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
7. Blanusa, T., et al., Leaf trapping and retention of particles by holm oak and other common tree species in Mediterranean urban environments. Urban Forestry & Urban Greening, 2015. 14(4): p. 1095-1101.
8. García-Gómez, E., et al., The Consumption of Acorns (from Quercus spp.) in the Central West of the Iberian Peninsula in the 20th Century. Economic Botany, 2017. 71(3): p. 256-268.
Tuilleadh Íomhánna







