An Phoibleog Dhubh Atlantaigh
Populus nigra betulifolia

Is crann ard duillsilteach í an phoibleog dhubh Atlantaigh. Ní fios ar crann dúchasach í an phoibleog dhubh Atlantaigh in Éirinn, ach tá sí ag fás anseo agus ansiúd ar an oileán. Is ar thuilemhánna agus ar bhruacha uiscebhealaí (aibhneacha agus locha) a fhásann sí; tá pobal suntasach den chrann ag fás ar bhruach na Sionainne. Tá an crann seo faoi bhagairt sa mBreatain mar go bhfuil scrios á dhéanamh ar na gnáthóga ina bhfásann sí. Tá an líon beag crainn atá fágtha ag fás chomh fada sin óna chéile go bhfuil sé deacair acu iomadú.

Béarla: Black Poplar
Réamhrá
Is crann ard duillsilteach í an phoibleog dhubh Atlantaigh (Populus nigra fosp. betulifolia). Tá sí le fáil ag fás fiáin in Éirinn, ach is crann annamh í. Déantar idirdhealú idir an phoibleog dhubh (Populus nigra fosp. nigra) a fhásann ar Mhór-roinn na hEorpa, agus an fospeiceas Atlantaigh (betulifolia), atá níos coitianta in iarthuaisceart na hEorpa.[2]
Faightear an phoibleog dhubh in Éirinn ag fás ar thuilemhánna agus ar bhruacha uiscebhealaí, aibhneacha, agus locha.[3] Mar a bheifeá ag súil leis ó chrann téisclime, ní dhéanann sí go maith sa scáth—bíonn neart gréine ag teastáil uaithi—agus is minic a fheictear crainn mar iad ag fás astu féin, gan comhluadar ó chrainn eile.
Cur Síos ar an gCrann
Is crann ard í an phoibleog dhubh Atlantaigh le barr cruinneogach uirthi. Is minic go mbíonn leadáin ar an stoc agus ar na craobhacha,[4] agus bíonn moil (píosaí den stoc a bhíonn ag gobadh amach) ar an stoc. Ní bhíonn moil ar stoc Populus nigra fosp. nigra, mar a bhíonn ar betulifolia.[5]
Bíonn na duilleoga croíchruthacha nó triantánacha (le hais na duilleoga ciorclacha a bhíonn ag an gcrann creathach). Bíonn bior ar gach duilleog freisin.[4, 6] Is dath glas lonrach a bhíonn ar na duilleoga. Bíonn ribí gruaige ar pheitín, nó gas duilleoige, Populus nigra fosp. betulifolia, tréith nach mbíonn ag Populus nigra fosp. nigra.
Cosúil le poibleoga eile, is crainn dhé-éiciacha iad na poibleoga dubha. Fásann caitíní baineanna agus fireanna ar chrainn dhifriúla san earrach. Pailnítear sa ngaoth iad agus scaiptear na síolta sa ngaoth freisin.
Stádas na Poibleoige Duibhe
Tá sé beagnach dodhéanta réimse dúchais na poibleoige duibhe a mheas mar nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir crainn dhúchasacha agus crainn atá curtha a thuilleadh.[3] Bíonn sé deacair, freisin, líon na gcrann a chomhaireamh, mar go bhfuil sé dúshlánach idirdhealú a dhéanamh idir an phoibleog dhubh hibrideach (Populus x canadensis) agus an phoibleog dhubh Atlantaigh. Chomh maith leis sin, bíonn sé deacair a dhéanamh amach an bhfuil siad ag iomadú.
Sa mBreatain
Tá an phoibleog dhubh Atlantaigh dúchasach sa Breatain, ach tá sé freisin ar an gcrann dúchasach is mó atá i mbaol sa mBreatain.[7] Ceaptar nach bhfuil ach 6,000 crann fágtha anois sa mBreatain,[5] agus is mionlach an-bheag dóibh siúd iad na crainn bhaineanna. Tá crainn fiáine chomh hannamh sin sa mBreatain go gceaptar nach féidir leis na cinn atá fágtha iad féin a phailniú a thuilleadh.
Fiú má phailnítear na caitíní baineanna, bíonn sé deacair ag na crainn iomadú. Is crainn bruachánacha iad atá ag brath ar chréafóg fhliuch, lom, le gur féidir leis na síolta péacadh. Níl na coinníollacha sin fairsing a thuilleadh sa mBreatain mar gheall go bhfuil talamh á dhraenáil don fheirmeoireacht. Tháinig meath mór ar an bpoibleog dhubh de bharr na gcúinsí seo.
In Éirinn
Ní fios fós an crann dúchasach í an phoibleog dhubh Atlantaigh in Éirinn. Glacadh leis, go dtí deireadh an 20ú haois, gur tugadh isteach an crann ón mBreatain. Ach tosaíodh ag ceistiú na teoirice seo nuair a aimsíodh os cionn 300 poibleog dhubh Atlantaigh i suirbhé ar bhruacha na Sionainne, ar bhruacha locha na Sionainne, agus ar bhruacha na Life ag tús na 1990idí.[8]
Ó shin, fuarthas amach gur Populus x canadensis a bhí in aon trian díobh siúd. Anuas ar sin, is léir nach bhfuil mórán éagsúlachta sa gcomhdhéanamh géiniteach sna poibleoga dubha Atlantaigh atá ag fás go fiáin i lár na hÉireann. Tugann sé sin le fios go mb’fhéidir gur cuireadh iad i bhfad siar.[5] Bíodh sin mar atá, tá pobal de chrainn uathúla ag fás go fiáin ar bhruacha na Sionainne agus aibhneacha eile na hÉireann, agus is fiú iad a chaomhnú.
An Phoibleog Lombardach
Is saothróg den phoibleog dhubh í an phoibleog Lombardach (Populus nigra var. italica). Is crann an-ard í (go 38m)[1] a fhásann go tapa. Is cruth uasfhásmhar (colúnach) a bhíonn uirthi, cruth atá an-difriúil ón gcuma leathadh a bhíonn ar an bpoibleog dhubh. Ní bhíonn moil ar an stoc ach an oiread.
Ceaptar gur ag fás ar bhruacha an Po i Lombaird na hIodáile, am éigin idir 1700-1720, a bhí bunchrann an fhospeicis seo.[9] Is furasta gearrthóga de phoibleoga a fhás mar chrainn nua, agus cuireadh an crann nua seo ar fud na hEorpa ó lár an 18ú aois ar aghaidh. Is crainn fireanna iad na poibleoga Lombardacha go léir (mar gur crann fireann a bhí sa mbunchrann).
Cuireadh go forleathan í mar chrann ascaill—línte fada den chrann ar an dá thaobh de bhóithre. Bhí faisean ann ag an am crainn cholúnacha a chur sna heastáit mhóra—is ag lorg na haeistéitice céanna a bhíodar nuair a chuirtí an chufróg Iodálach (Cupressus sempervirens).
Tá cleachtadh ag an tsaothróg seo ar aeráid thirim na Meánmhara. Cuireadh iad go forleathan i gcathracha Mheiriceá Thuaidh agus tuaisceart na hEorpa nó gur tugadh faoi deara an dochar a bhí na fréamhacha ag déanamh do phíopaí uisce agus séarachais, agus go rabhadar ag titim mar go raibh stoic laga acu. Bhí siad leochaileach do ghalair fhungais freisin[10] agus, cé go gcuirtear an phoibleog Lombardach i gceantar na Meánmhara fós, níl siad chomh fairsing níos mó i dtuaisceart na hEorpa.[9]
Populus nigra ‘Plantierensis’
Is hibrid é Populus nigra ‘Plantierensis’ den phoibleog Lombardach agus an phoibleog dhubh Atlantaigh (Populus nigra fosp. betulifolia). Bíonn an chuma cholúnach céanna ag an tsaothróg seo agus a bhíonn ag an bpoibleog Lombardach, cé go mbíonn barr níos leithne agus duilliúr níos dlúithe aici.[11] Mar go bhfuil sí níos fearr in ann ag aeráid mheasartha na tíre seo, tosaíodh ag cur na saothróige seo nuair a chuaigh an phoibleog Lombardach as faisean.
Tagairtí
1. Stace, C., New Flora of the British Isles. 4ú ed. 2019: C&M Floristics.
2. Mac Lochlainn, C., Black poplar: Could it be native?, in Woodland, The Magazine of the Native Woodland Trust. 2023, Native Woodland Trust. p. 18-22.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
4. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
5. Winfield, M. and F.M.R. Hughes, Variation in Populus nigra clones: Implications for river restoration projects in the United Kingdom. Wetlands, 2002. 22(1): p. 33-48.
6. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
7. A’Hara, S., S. Samuel, and J. Cottrell, The role of DNA-fingerprinting in the conservation of the native Black Poplar. British Wildlife, 2009. 21(2): p. 110.
8. Hobson, D., The status of Populus nigra L. in the Republic of Ireland. Watsonia, 1991. 18: p. 303-305.
9. Wood, C.D., “A Most Dangerous Tree”: The Lombardy Poplar in Landscape Gardening. Arnoldia, 1994. 54(1): p. 24-30.
10. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
11. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
Tuilleadh Íomhánna






