Plána Londan
Platanus x hispanica

Duilleog: Bosach
Airde: 40m
Dath an Bhlátha: Dearg, Glas
Tréimhse faoi Bhláth: Aibreán
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Eanáir, Deireadh Fómhair, Samhain, Nollaig
Géineas: Platanus

Is hibrid é plána Londan de dhá chrann neamhdhúchasach, an plána oirthearach agus an seiceamóir Meiriceánach. Bíonn duilleoga bosacha aige, cosúil leis an seiceamóir agus na mailpeanna eile. Tá plána Londan ar an gcrann uirbeach is coitianta ar domhan, mar go gcabhraíonn sé go mór le truailleáin san aer a laghdú. Greamaíonn truailleáin san aer de choirt an chrainn agus scamhtar an choirt go rialta sula ndéantar dochar don chrann. Tugann an crann foscadh do mhuintir na cathrach freisin, agus laghdaítear teas na gceantar uirbeach dá bharr.

Plána London i nGarraithe Náisiúnta na Lus, Baile Átha Cliath.

Ainmneacha Eolaíocha eile: Platanus x acerifolia (Platanus occidentalis x orientalis)

Béarla: London Plane

Dáileadh an Chrainn

Ní fhéadfá crann níos neamhdhúchasaí ná plána London a fháil ag fás in Éirinn, cé go bhfásann sé go maith anseo. Is hibrid é idir dhá chrann neamhdhúchasach eile, an plána oirthearach (Platanus orientalis), a thagann ón nGréig agus an Mheánoirthear, agus an seiceamóir Meiriceánach (Platanus occidentalis), a fhásann go nádúrtha i Meiriceá Thuaidh.[1]

Cé nach bhfuil dáileadh fairsing in Éirinn ag plána Londan ar bhunachar Chumann Luibheolaíochta na Breataine agus na hÉireann,[2] seans go bhfuil an crann faoi ghannionadaíocht ar na mapaí sin agus go bhfuil sé curtha níos forleithne ar an oileán ná mar a thugann siad le fios. Tá roinnt iontrálacha den chrann seo ar Chlár Chrainn na hÉireann agus na Breataine[3] nach bhfuil ar bhunachar Chumann Luibheolaíochta na Breataine agus na hÉireann. Is cinnte go bhfuil an crann ag fás i bhformhór na gcathracha in Éirinn.

Cuma an Chrainn
Crann óg i gcathair na Gaillimhe.

Is crann ard é plána Londan. Tá trí chrann den speiceas seo—i gContae Longfoirt, i gContae Thiobrad Árann, agus i gContae Uíbh Fhailí—atá os cionn 30 m ar airde.[3] Bíonn stoc an chrainn tiubh freisin. Tá plána Londan suntasach ag fás in Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath, agus cáil bainte amach aige mar go bhfuil an crann ag fás timpeall ar binse páirce, agus leath den bhinse slogtha ag stoc an chrainn.[4]

Is mar gheall go scamhann an choirt ón stoc go rialta a mbíonn plána Londan in ann fás in aer truaillithe.

Briseann coirt an chrainn ina plátaí móra de réir mar a fhásann sé, agus scamhann na plátaí ón stoc go rialta. Is duilleoga bosacha a bhíonn ar an gcrann, le maotháin bhioracha.

Duilleog bhosach an chrainn.

Is braislí de 2-4 toradh sféarach, guaireach a thagann ar an gcrann sa bhfómhar.[5] Is iondúil go mbíonn hibridí aimrid (neamhthorthúil), ach bíonn plána London torthúil agus síolraíonn sé go minic sna ceantair uirbeacha ina mbíonn sé curtha.[2]

Torthaí i mí Mheán Fómhair.
Torthaí i mí Eanáir.
Stair Phlána Londan

Ní fios go cinnte cén uair a fásadh an hibrid seo den chéad uair. Maítear gur thug an nádúraí Sasanach agus ceann de gharraíodóirí Shéarlas 1, John Tradescant (1570-1638), an seiceamóir Meiriceánach (Platanus occidentalis) go Sasana in 1640, agus gur i ngairdín Tradescant, i Lambeth Londan, a tharla an hibridiú.[6]

De réir taifid eile, is in Oxford, Sasana, a tháinig an chéad phlána Londan ar an saol. Is i liosta de chrainn agus sceacha a saothraíodh i nGairdín Lusanna Oxford, ó 1666, atá an chéad tagairt scríofa den phlána Londan.[7]

Tá an Spáinn, atá le feiceáil in ainm eolaíoch an phlána (Platanus x hispanica), luaite freisin mar áit a saothraíodh an crann den chéad uair. Ach cibé am agus bealach a síolraíodh an chéad crann den speiceas seo, is ó 1811 ar aghaidh a tosaíodh á chur mar chrann sráide.[2]

An Crann Uirbeach
Is crann sráide é plána Londan.

Cuirtear plána Londan go fairsing i mbailte agus i gcathracha chun scáth a thabhairt do choisithe mar gur iomaí buntáiste atá ag an gcrann sna gnáthóga seo thar chrainn eile. Is crann fadmharthanach é plána Londan, agus fásann sé go tapa, fiú in aer truaillithe. Éiríonn go maith leis in ainneoin nach mbíonn mórán spáis ag a chuid fréamhacha i gceantair uirbeacha, agus ní chuireann prúnáil rialta isteach ar an gcrann ach an oiread.[2]

Chuige sin, tá plána Londan ar cheann de na crainn sráide is coitianta ar domhan. Is plánaí Londan iad aon trian de na crainn sráide i bPáras na Fraince, agus os cionn an deichiú cuid de na crainn sráide i Nua Eabhrach.[8]

Éiríonn go maith leis plána Londan mar chrann uirbeach mar gheall gur hibrid é. Tugtar heatróis ar an bhfeiniméan ina mbíonn tréithe ar leith níos fearr ag hibrid ná mar a bhíonn ag ceachtar den dá thuismitheoir. Tá sé seo le feiceáil i gcás phlána Londan. Tá an crann níos frithsheasmhaí in aghaidh galracha. Coinníonn an crann a chuid duilleoga in earrach fliuch freisin—tréith nach bhfuil ag an seiceamóir Meiriceánach. Chomh maith leis sin, tá sé in ann aeráid fhuar iarthuaisceart na hEorpa a sheasamh, ceantar nach mbeadh an plána oirthearach in ann aige.[9] Tá heatróis le feiceáil freisin i hibrid coitianta eile in Éirinn—Cupressus x leylandii, nó an leylandii, mar a tugtar air. Sa gcás seo tá ráta fáis ag an leylandii nach bhfuil ag ceachtar den dá thuismitheoir.[10]

Cuireann údaráis cathracha crainn ar scála mór anois, chun scáth a thabhairt, le gur féidir an teocht a chruthaíonn oileáin uirbeacha a laghdú, agus chun caighdeán an aeir a fheabhsú. Cuirtear iad freisin chun an t-athrú aeráide a mhaolú mar go stórálann siad carbón agus iad ag fás, cé go gceaptar go bhfuil teorainn leis an éifeacht seo.[11] Ní dócha go laghdóidh an t-éileamh ar phlána Londan mar chrann cathrach.

Ag dul i ngleic le Truailliú

Tá roinnt bealaí ag plána Londan dul i ngleic le truailliú.[12] Déanann crainn gáis a mhalartú leis an taobh amuigh tríd a gcuid lionsacháin (poill bheaga) sa gcoirt. Má bhíonn an t-aer truaillithe le cáithníní beaga, éiríonn na lionsacháin blocáilte (feictear é seo uaireanta mar spotaí dubha ar an gcoirt). Déanfar dochar do chrann mura n-éiríonn leis an dúshlán seo a shárú. Scamhann plána Londan a choirt agus fásann sé coirt nua ag ráta níos tapúla ná crainn eile, agus faightear réidh leis na truailleáin sa tseanchoirt.

Tá bealach eile ag plána London leis an aer a ghlanadh. Is i bhfoirm ábhair cháithnínigh atá go leor den truailliú atá san aer i gcathracha móra. Greamaíonn na cáithníní seo de na ribí gruaige ar dhuilleoga an chrainn. Bailíonn na truailleáin le himeacht ama ar an duilleog go dtí go bhfaigheann an bháisteach réidh leo.[13, 14] Ní beag an méid truaillithe atá crainn mar seo in ann a bhaint den aer.  De réir taighde ó 2011, tógann crainn i Mórcheantar Uirbeach Londan idir 850 agus 2,000 tonna de cháithníní a dhéanann dochar do dhaoine ón aer.[15]

Míbhuntáistí an Chrainn

Tá míbhuntáistí ag baint leis an gcrann seo freisin, áfach. Tá sé cruthaithe ag eolaithe go n-astaíonn plánaí Londan méid suntasach de chomhdhúile orgánacha bithghineacha so-ghalaithe (BVOC). Baineann go leor plandaí úsáid as na ceimicí nádúrtha seo chun fás, forbairt, iomadú, agus cosaint.[16] Ach ceaptar nuair a théann na gail seo suas san atmaisféar go gcuireann siad síneadh le saolré meatáin atmaisféaraigh, ceann de na gáis cheaptha teasa is mó a imríonn tionchar ar an athrú aeráide.[17]

Cruthaíonn plánaí Londan méid mór pailine san earrach. Mar gur minic iad a bheith curtha i gceantair uirbeacha, san áit chéanna ina bhfuil na milliúin daoine ag cónaí, ceaptar go gcuireann siad as go mór do dhaoine a bhíonn ag fulaingt le hailléirge pailine.[16] Chomh maith leis sin, sceitheann an crann ribí gruaige, a bhíonn ar na síolta agus na duilleoga, agus cuireann siad seo as d’análú dhaoine leochaileacha.[18]

Tagairtí

1. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.

2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

3. The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.

4. Griffin, D., ‘Hungry tree’ is slowly eating a cast-iron bench in Dublin, in The Irish Times. 2017.

5. Stace, C., New Flora of the British Isles. 4ú ed. 2019: C&M Floristics.

6. Harrison, M., Plant History: Expanding the Horizons of a Small Garden. Arnoldia, 1993. 53(1): p. 8-18.

7. Henry, A. and M.G. Flood, The History of the London Plane, Platanus Acerifolia, with Notes on the Genus Platanus. Proceedings of the Royal Irish Academy. Section B: Biological, Geological, and Chemical Science, 1919. 35: p. 9-28.

8. Roman, L.A. and T.S. Eisenman, Drivers of street tree species selection: The case of London planetrees in Philadelphia, in The politics of street trees. 2022, Routledge. p. 83-96.

9. Flemer, W. Questing for the Perfect Landscape Tree. in COMBINED PROCEEDINGS-INTERNATIONAL PLANT PROPAGATORS SOCIETY. 2000. IPPS; 1998.

10. Mitchell, A., The improvement of forest trees by selection and breeding. Irish Forestry, 1963.

11. Pataki, D.E., et al., The Benefits and Limits of Urban Tree Planting for Environmental and Human Health. Frontiers in Ecology and Evolution, 2021. 9.

12. Yang, J., Y. Chang, and P. Yan, Ranking the suitability of common urban tree species for controlling PM2.5 pollution. Atmospheric Pollution Research, 2015. 6(2): p. 267-277.

13. McIntosh, G., M. Gómez-Paccard, and M.L. Osete, The magnetic properties of particles deposited on Platanus x hispanica leaves in Madrid, Spain, and their temporal and spatial variations. Science of The Total Environment, 2007. 382(1): p. 135-146.

14. Baldacchini, C., et al., How Does the Amount and Composition of PM Deposited on Platanus acerifolia Leaves Change Across Different Cities in Europe? 2017.

15. Tallis, M., et al., Estimating the removal of atmospheric particulate pollution by the urban tree canopy of London, under current and future environments. Landscape and Urban Planning, 2011. 103(2): p. 129-138.

16. Vrinceanu, D., et al., Urban allergy review: Allergic rhinitis and asthma with plane tree sensitization (Review). Exp Ther Med, 2021. 21(3): p. 275.

17. Xiaoshan, Z., et al., Seasonal variations of isoprene emissions from deciduous trees. Atmospheric Environment, 2000. 34(18): p. 3027-3032.

18. Lu, S., et al., Isolation and expression analysis of a LEAFY/FLORICAULA homolog and its promoter from London plane (Platanus acerifolia Willd.). Plant Cell Reports, 2012. 31(10): p. 1851-1865.

Tuilleadh Íomhánna