Na Teilí

Is crainn mhóra, dhuillsilteacha iad na teilí. Cé nach bhfuil siad dúchasach in Éirinn, tá siad curtha go forleathan i ngairdíní, i bpáirceanna, agus go háirithe mar chrainn uirbeacha. Tá trí speiceas ag fás in Éirinn: an teile mhionduilleach (Tilia cordata), an teile mhórdhuilleach (Tilia platyphyllos) agus an teile choiteann (Tilia x europaea), hibrid idir an dá chrann eile. Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir na trí chineál teile ach staidéar a dhéanamh ar na duilleoga. Dhéantaí rópaí agus éadach as coirt na teile, agus bhí an-tóir ar adhmad bog an chrainn i gceird na snoíodóireachta.

Na Teilí in Éirinn