Malvaceae

Is fine mhór leathan í Malvaceae a chuimsíonn crainn, sceacha agus plandaí luibheacha, le os cionn 4,000 speiceas ann. Is sa bhfine seo atá plandaí sa ngéineas Gossypium, a dtugann muid cadáis orthu, agus an speiceas Theobroma cacao, as a dtagann seacláid. Itear faighneoga an ocra (Abelmoschus esculentus) ar fud an domhain freisin. Is ó Althaea officinalis a thagann na leamhacháin a itear cois tine. Is ón ngéineas Malva a ainmníodh Malvaceae. Tugtar mallow freisin ar na plandaí sa ngéineas Malva. Tá an hocas ard (Malva arborea), sceach bheag, dúchasach in Éirinn. Is sa bhfine seo freisin atá na teilinn (Tilia spp.)—crainn mhóra dhuillsilteacha atá curtha ar fud na hÉireann.

Crainn agus Sceacha sa bhfine Malvaceae