Na Rósanna

Tá timpeall 15 speiceas de rós ag fás fiáin in Éirinn. Tá tuairim is 10 speiceas dúchasach, agus is éalaithigh gairdín iad an chuid eile. Is í an fheirdhris (Rosa canina) an rós is fairsinge in Éirinn. I measc na rósanna dúchasacha eile atá coitianta in Éirinn, tá rós Shioraird (Rosa sherardii), an briúlán (Rosa spinosissima) agus an dris chumhra (Rosa rubiginosa). Tá an rós rúsach (Rosa rugosa) agus Rosa multiflora ar phéire de na rósanna coitianta neamhdhúchasacha.
Bíonn bláthanna bána nó bándearga ar na rósanna sa samhradh, agus tagann torthaí feolmhara orthu (tugtar mogóirí orthu) ag deireadh an tsamhraidh. Tá ról lárnach ag rósanna i gcultúir éagsúla ar fud an domhain, agus is minic gur comhartha den ghrá agus den áilleacht iad. Déantar cumhráin agus earraí eile as na peitil, agus déantar anraith, subh agus glóthacha as na mogóirí.
An Géineas Rosa in Éirinn

Tá os cionn 300 speiceas de rósanna (Rosa spp.) ag fás ar fud an leathsféir thuaidh agus tá na mílte saothróga (rósanna gairdín) éagsúla ann. Tá tuairim is 10 speiceas de rós dúchasach in Éirinn,[1] ach is iomaí hibrid eile atá ag fás ar an oileán, chomh maith le speicis neamhdhúchasacha a d’éalaigh ó ghairdíní agus ó pháirceanna poiblí.

Is í an fheirdhris (Rosa canina) an rós is fairsinge in Éirinn. I measc na rósanna eile atá coitianta in Éirinn tá rós Shioraird (Rosa sherardii), an briúlán (Rosa spinosissima), agus an dris chumhra (Rosa rubiginosa). Tá cineálacha eile ann, cosúil leis an dris chumhra gheal (Rosa agrestis), an rós bog (Rosa mollis), nach bhfuil le feiceáil ach i réigiúin ar leith in Éirinn. Tá rósanna dúchasacha eile, cosúil le Rosa caesia, annamh in Éirinn.[2]
Rósanna sa tSochaí

Tá ról lárnach ag rósanna i gcultúir éagsúla ar fud an domhain. B’fhéidir go bhfuil sé seo amhlaidh toisc go bhfuil réimse dúchais an róis, a chuimsíonn Meiriceá Thuaidh, an Eoraip, an Áis agus tuaisceart na hAfraice, chomh leathan sin. Tá cáil ar an rós mar shiombail den ghrá ó aimsir na nGréagach. Freisin, tá iliomad tagairtí don phlanda i litríocht agus i miotaseolaíocht na dtíortha sin ina bhfuil an rós flúirseach.[3, 4]
Inniu, tá úsáid ag daoine ar fud an domhain do gach cuid de phlanda an róis.
Is tráchtearra tábhachtach iad na bláthanna féin, ach baintear úsáid as na peitil, na duilleoga, na mogóirí (torthaí) agus fiú na rútaí, chun bia, deochanna, cógais leighis, agus cumhráin agus cosmaidí eile a dhéanamh.
Tá na peitil na mbláthanna inite. Is féidir iad a úsáid i sailéid, i gcácaí agus i milseoga. Úsáidtear rósuisce, déanta as peitil dhriogtha, mar bhlasóir i ndeochanna éagsúla. Déantar cumhráin as bláthanna an róis, freisin.
Na Mogóirí

Tá an-tóir ar thorthaí an róis ar fud na hEorpa agus na hÁise. Tá níos mó vitimín C iontu ná mar atá i dtorthaí fhormhór na bplandaí eile sa bhfine Rosaceae.[5] Thugtaí síoróip mogóirí do ghasúir na hÉireann le linn an Dara Cogadh Domhanda nuair nach raibh citris ar fáil, agus ina dhiaidh sin mar fhorbhia vitimín C.[6]
Itear anraith mogóirí sa tSualainn agus sa nGearmáin. Itear subh mogóirí sa Pholainn. Déantar branda astu san Ungáir, tae sa mBreatain, marmaláid sa Tuirc. Úsáidtear san Iaráin iad mar chógas luibhe do shlaghdán, iatacht agus breoiteachtaí gastracha. Sa tSín, tógtar mogóirí mar chóir leighis don bhfliú, at agus airtríteas. Déantar maothlach craicinn as ola na mogóirí sa tSín, freisin.[5]
Níor mhór na mogóirí a scagadh go cúramach chun na síolta clúmhacha a bhaint amach. Déantar púdar tochais as na síolta céanna, mar go gcuireann na ribí gruaige isteach go mór ar an gcraiceann.
Tagairtí
1. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
4. Mac Coitir, N., Ireland’s Wild Plants–Myths, Legends & Folklore. 2017: Gill & Macmillan Ltd.
5. Patel, S., Rose hip as an underutilized functional food: Evidence-based review. Trends in Food Science & Technology, 2017. 63: p. 29-38.
6. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.