Na Daracha

Tugtar daracha ar na crainn sa ngéineas Quercus. Tá dhá dhair dhúchasach in Éirinn—an dair ghaelach (Quercus petraea) agus an dair ghallda (Quercus robur)—agus tá roinnt speiceas eile curtha nó ag fás go fiáin anseo. Is crainn mhóra chraobhacha, fhadsaolacha iad na daracha, crainn atá ar an oileán le timpeall 9,000 bliain. Bhí siad i bhfad níos fairsinge san am atá caite, ach gearradh iad mar go raibh an t-adhmad chomh luachmhar sin. In ainneoin nach bhfuil siad chomh líonmhar anois, is cuid thábhachtach í an dair i ngréasán na bithéagsúlachta, mar is iomaí éan, mamach, feithid, fungas, agus caonach atá ag brath ar an gcrann ársa seo. Tá daracha eile ag fás in Éirinn freisin, an dair thoilm (Quercus ilex)—a bhfuil duilleoga deilgneacha uirthi—ina measc.
Na Daracha Dúchasacha

Is iad an dair ghaelach (Quercus petraea) agus an dair ghallda (Quercus robur) an dá chineál dair atá dúchasach in Éirinn. Síneann réimse dúchais an dá chineál dair seo ó thuaisceart na Spáinne soir chomh fada le hoirthear na hEorpa, agus ó dheisceart na Sualainne go tuaisceart na Tuirce.[1]
Tá réimse fáis san Eoraip níos leithne ag an dair ghallda (Quercus robur)—fásann sí níos faide soir, chomh fada le Sléibhte na hÚraile—ná mar atá ag an dair ghaelach (Quercus petraea).[1] Fásann an dá chineál dair ar fud na hÉireann, cé go bhfuil an dair ghaelach níos coitianta in iarthar na tíre ná mar atá sí i lár na tíre agus ar an gcósta thoir.[2]
Aois agus Airde

Is crainn fhadsaolacha iad na daracha—bíonn dair ársa nuair a bhíonn sí os cionn 400 bliain d’aois, agus tá daracha ann atá os cionn 1,000 bliain d’aois.[3] Deirtear gurb é Brian Bóramha, a cailleadh sa bhliain 1014, a chuir an dair ghallda ársa i dTuaim Gréine, Contae an Chláir. Tá sí beagnach 8 m timpeall an stoic. Tá dair ghallda eile, an King Oak, i gCaisleán an Rátha, Contae Chorcaí, ar a laghad 400 bliain d’aois, agus meastar go bhféadfadh sí a bheith 800 bliain d’aois.
Bíonn ráta fáis tapa ag daracha don chéad 100 nó 200 bliain, ach laghdaíonn an ráta fáis ina dhiaidh sin. Tá an dá chineál darach in ann 40 m in airde a bhaint amach, ach sroicheann formhór na ndarach móra 30 m[4] in airde. Faightear daracha gaelacha beaga, feosaí in áiteanna feannta, go háirithe ar phortaigh an iarthair, ar thalamh bhocht, agus ar chnoic.
Bíonn solas ag teastáil ón dair le go bhfásfaidh sí ina crann mór—bíonn crainn a fhásann sa scáth feosaí, le stoc lúbtha. Cé go bhfuil an dair ghaelach in ann scáth a sheasamh níos fearr ná an dair ghallda, is fearr leis an dá chrann neart gréine.[2]
Bíonn socfhréamh ag an dair a dhaingníonn an crann sa talamh le cosaint a thabhairt ón ngaoth agus le gur féidir leo tarraingt ar uisce atá níos doimhne nuair a bhuaileann triomach í.[1] Leathann na craobhacha amach i gcrainn dharacha lánfhásta agus bíonn ceannbhrat leathan acu freisin.
Is coirt mhín le dath liathghlas a bhíonn ar dharacha, agus éiríonn sí cladhach le haois.[4] Uaireanta, ritheann na hiomairí seo trasna ar a chéile, ag cruthú cruthanna dronuilleogacha agus heicseagánacha.
Is furasta an dair a aithint sa ngeimhreadh mar go mbíonn triopaill de bhachlóga duilleoige ar bharr na ngéag. Mar go mbíonn siad leochaileach do shioc crua, ní thagann duilleoga ar an dair go dtí deireadh Aibreáin nó tús Bealtaine. D’fhéadfadh borrfhás eile duilleog a bheith ann níos deireanaí sa samhradh. Ceaptar gur eascair an tréith seo mar chosaint ón dídhuilliú a dhéanann bratógaí níos luaithe sa samhradh.[5]

Tá difríochtaí moirfeolaíochta idir dhuilleoga na darach gaelaí agus na darach gallda. Bíonn duilleoga maothánacha ag an dá speiceas. Is idir 5 agus 6 maothán ar an dá taobh den duilleog a bhíonn ar an dair ghaelach. Bíonn níos lú maothán ar dhuilleoga na darach gallda, agus bíonn na maotháin níos doimhne.
Bíonn duilleoga na darach gaelaí níos faide ná mar a bhíonn siad leathan, agus is os cionn lár na duilleoige a bhíonn an leithead is mó. Is ar éigean go mbíonn gas duilleoige (peitín a thugtar air) ar bith ag an dair ghallda, ach bíonn ceann réasúnta fada (os cionn 1 cm) ar dhuilleoga na darach gaelaí.[6]
Bíonn ribí gruaige réaltchruthacha in ascaill na bhféitheacha ar thaobh íochtair na nduilleog ar an dair ghaelach, tréith nach mbíonn ar na duilleoga a bhíonn ar an dair ghallda.[6, 7]
Bíonn dhá mhaothán bheaga ar an dá thaobh den ghas ag bun na duilleoige ag an dair ghallda—tréith nach mbíonn ag an dair ghaelach.[6] De ghnáth, is é seo an bealach is fearr chun an dá speiceas a idirdhealú. Tagann dath corcra, buí, agus oráiste ar dhuilleoga daracha sula dtiteann siad sa bhfómhar.
Mar phlanda moinéiciach, bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar an gcrann darach céanna. Is mar chaitíní glasa (5 cm ar fhad) a fhásann na bláthanna fireanna agus osclaíonn siad san earrach, sula dtagann na duilleoga amach.
Bíonn idir 1-5 bláth ar na caitíní beaga baineanna, a fhásann i mbraislí ar an gcraobh.[4] Cé go ngineann na bláthanna neachtar a mheallann feithidí, is í an ghaoth is mó a scaipeann an phailin.[5]

Fásann na bláthanna baineanna a bhíonn ar an dair ghallda ar ghas gearr ar a dtugtar sealgóg. Ní bhíonn sealgóga ar na bláthanna baineanna a bhíonn ar an dair ghaelach—is ag fás díreach amach ón ngéag a bhíonn siad.[8]
Scaoileann na bláthanna fireanna a gcuid pailine in Aibreán agus Bealtaine, scaiptear le gaoth í. Tar éis dóibh pailniú, athraíonn na bláthanna baineanna ina ndearcáin, timpeall 2 cm ar fhad. Is síol mór lonrach é an dearcán, a bhíonn suite laistigh de chupán adhmadach. Is dath glas a bhíonn ar na dearcáin óga, agus athraíonn siad go dath donn sula dtiteann siad sa bhfómhar.
Mar go mbíonn braislí de bhláthanna baineanna ar an dair ghaelach, is i mbraislí freisin a bhíonn na dearcáin ar an ngéag, agus mar nach mbíonn sealgóg ag na bláthanna, ní bhíonn sealgóg ag na dearcáin. Is mar gheall ar seo a thugtar dair neamhghasánach ar an dair ghaelach freisin. Tugtar sessile (‘suiteach’ i nGaeilge) oak ar an dair ghaelach i mBéarla mar nach féidir leis na dearcáin bogadh sa ngaoth—tá siad suite ar an ngéag mar nach bhfuil aon ghas acu. Bíonn sealgóg ag na dearcáin a bhíonn ar an dair ghallda.[7]
Is iondúil go mbíonn crann darach ar a laghad 20-40 bliain sula dtairgeann sí barr mór dearcáin, agus bíonn bliain mheasa (bliain ar leith i saolré an chrainn ina dtáirgeann sí go leor dearcán) ag an dair gach 3-7 bliain. I mblianta nach blianta measa iad, d’fhéadfaí nach mbeadh dearcán ar bith ar an dair. Tá an tréith seo, ina dtáirgeann crainn lear mór torthaí i mblianta éagsúla thar a chéile, freisin ag an bhfeá (Fagus sylvatica), crann atá sa bhfine céanna leis an dair.[5]
Ní mhaireann dearcáin ach roinnt seachtainí tar éis titim mura bhfréamhaíonn siad, rud a tharlaíonn de ghnáth díreach tar éis dóibh titim. Maraíonn sioc nó triomach iad go héasca, ach bíonn tréimhse fhuar ag teastáil le linn an gheimhridh sular féidir leis na dearcáin péacadh os cionn talún san earrach ina dhiaidh.
Tugann cothaithigh an dearcáin gach deis do na crainn óga iad féin a bhunú sa gcréafóg tar éis dóibh péacadh. Maireann siad sa scáth ar feadh roinnt blianta, ach bíonn solas ag teastáil ón dair le gur féidir léi crann mór a dhéanamh.[5]
Quercus x rosacea
Is hibrid é Quercus x rosacea idir an dair ghallda agus an dair ghaelach. Níor ceapadh go raibh sí coitianta mar go dtagann bláth ar an dair ghallda coicís sula mbláthaíonn an dair ghaelach, agus bíonn trasphailniú níos deacra dá thoradh seo.[3] Anuas ar sin, níl cuntas maith againn ar líon na hibridí seo in Éirinn mar go bhfuil sé deacair an speiceas a aithint de bharr go bhfuil tréithe athraitheacha ag an dá thuismitheoir. Ach ceapann luibheolaithe anois go mb’fhéidir go bhfuil Q. x rosacea, níos coitianta ná mar a síleadh.[2]
Éiceolaíocht na Darach

Gnáthóga na Darach
Tá an dair ghaelach compordach i gcréafóg atá aigéadach agus draenáilte go maith. Níl doimhneacht mhór chréafóige ag teastáil uaithi (ciallaíonn petraea clochach, tagairt den ghnáthóg choitianta ina bhfásann sí), agus tá sí níos scáthfhulangaí ná mar atá an dair ghallda.[2]
In Éirinn, fásann daracha i gcoillte in éineacht le cineálacha éagsúla crainn eile, ag brath ar choinníollacha créafóige. Fásann an dair ghaelach in éineacht leis an mbeith (Betula spp.) agus an cuileann (Ilex aquifolium) in ithir aigéadach atá tirim nó tais ach nach bhfuil leathbháite. Mura bhfuil an ithir an-aigéadach, feictear an coll (Corylus avellana) nó an fhuinseog (Fraxinus excelsior) leo freisin. Fásann an dair ghallda in éineacht leis an gcoll agus an bhfuinseog in ithir atá alcaileach (ar nós ithir aolchloiche) tirim, agus draenáilte go maith.[9]
Níl mórán glacadh ag an dair ghaelach le tuilte, agus is níos compordaí atá sí ar thalamh chrochta. Fásann an dair ghaelach go fairsing freisin i ngnáthóga feannta.[9]
Fásann an dá chineál dair taobh lena chéile ar chréafóg aigéadach nó neodrach atá tirim nó tais. Sa chás seo, is iad an bheith chlúmhach (Betula pubescens) agus an caorthann (Sorbus aucuparia) a fhásann in éineacht leo.[9]
An Dair sa nGréasán Bithéagsúlachta
Scaipeann mamaigh agus éin, go háirithe an scréachóg choille (Garrulus glandarius), na dearcáin. Bailíonn scréachóga dearcáin agus cuireann siad i dtaisce iad—tá éan amháin in ann na mílte dearcán a chur sa talamh gach fómhar. Dár ndóigh, mar nach n-itheann siad gach dearcán, tá ról tábhachtach ag na héin seo—agus ag ioraí rua, a dhéanann amhlaidh—lena chinntiú go bhfásfaidh crainn dharacha nua i gcoillte na hÉireann.[1]
Ceaptar go bhfuil níos mó feithidí ag brath ar an dair ná ar aon chrann dúchasach eile sa mBreatain[5, 10] agus is dócha go bhfuil an rud céanna fíor in Éirinn.
Déanann crainn dharacha lánfhásta ceannbhrat oscailte a scaoileann solas síos go sraith talún na coille, a théann chun sochair bláthanna coille an earraigh—coinnle corra (Hyacinthoides non-scripta), sailchuachanna (Viola spp.), agus creabhanna (Allium ursinum), ina measc. Is foinse bheatha freisin iad na feithidí a mhaireann ar an gcrann d’éin agus do chreachadóirí eile. Amhail crainn eile, saibhríonn duilleoga lofa an chrainn an ithir.
Mar aon le speiceas ar bith eile, tá an dair leochaileach d’ionfhabhtú ó bhaictéir agus fungais, agus d’ionradh ó fheithidí. Thug nóta gan dáta, scríofa ar phíosa veillim agus sáite isteach i Leabhar Buí Leacáin (ón 14ú nó 15ú aois) le fios nár fhág ionfhabhtú ón leamhan, Tortrix viridana, duilleog amháin féin ar na daracha i gcríocha Uí Fhlaithearta in iarthar Chonnacht.[11]
Tá timpeall 30 speiceas de ghálfhoiche in Éirinn, agus is iad is cúis leis na gáil dhifriúla a fheictear ar chrainn dharacha. Is iomaí cineál gál atá ann, agus is iomaí bealach éagsúla a dhéantar na gáil seo, mar go bhfuil saolré casta ag na gálfhoichí.
Tá glúin amháin de na foichí seo in ann síolrú éighnéasach a dhéanamh, agus an chéad ghlúin eile atáirgeadh gnéasach. Is iondúil go mbeireann an fhoiche bhaineann ubh i mbachlóg duilleoige nó ar an duilleog féin. Nuair a bheirtear an larbha, tálaítear substaint a athraíonn próiseas forbartha an phlanda, agus forbraíonn an crann clúdach timpeall ar an larbha, ar a dtugtar gál. Tugann an gál seo cosaint don larbha go dtí go ndéanann sé meiteamorfóis go foiche. Beireann an fhoiche seo ubh in áit éigin eile ar an bplanda agus leanann an timthriall ar aghaidh.
Is í an gálfhoiche Neuroterus quercusbaccarum (an common spangle gall wasp i mBéarla) is cúis leis na gáil a bhíonn i bhfoirm dioscaí donnbhuí in íochtar duilleoga daracha. Titeann na gáil go talamh sa bhfómhar agus tagann gálfhoichí baineanna amach as na huibheacha a bhíonn istigh sna gáil. Is iad na gálfhoichí baineanna seo is cúis leis na gáil sféaracha glasa nó dearga a bhíonn ar chaitíní fireanna na darach. Breathnaíonn siad cosúil le cuiríní—tugtar currant galls orthu i mBéarla. Is iad na foichí a thagann as na gáil seo a thosaíonn an timthriall arís.
Tugadh isteach an gálfhoiche Andricus kollari, a dhéanann gáil sféaracha (tugtar gáil mharmaracha orthu) ón Meánoirthear go Devon Shasana sna 1930idí le go bhféadfaí na gáil a úsáid le dathú agus i ndéantúsaíocht dúigh (tá aigéad tainneach sna gáil a chabhraíonn leis an bpróiseas seo).[12] Tá saolré casta ag na feithidí beaga seo agus bíonn speiceas eile den dair, an tsearbhdhair (Quercus cerris), ag teastáil uathu le gur féidir leo iomadú.
Is gálfhoiche ar leith é Andricus quercuscalicis a tháinig isteach go hÉireann am éigin sna 1980idí.[4] Is foiche eile é seo a bhíonn ag brath ar an searbhdhair, chomh maith leis an dair ghallda. Is iondúil gur cruth sféarach a bhíonn ar gháil dharacha, ach cruthaíonn an ghálfhoiche seo gál le cruth neamhghnáthach—bíonn sé maothánach, le go leor gobtha cuislithe air. Más i mbachlóg dearcáin a bheirtear na huibheacha, fásann an gál cuislithe ar an dearcán. Ar chúis éigin nach dtuigeann eolaithe, ní fhásann na gáil uathúla seo ar an dair ghaelach—is ar an tsearbhdhair (Quercus cerris), an dair ghallda (Quercus robur), agus ar an hibrid idir an dair ghaelach agus an dair ghallda (Quercus x rosacea) a bhíonn siad.[13]
An Dair in Éirinn

Maítear, ó anailís ar thaifid pailine, gur tháinig an dair isteach go hÉirinn ón deisceart, trasna an Mara Ceiltí, 9,000 bliain ó shin, agus gur thóg sé timpeall 1,000 bliain eile ar an gcrann a bhealach a dhéanamh uaidh sin go tuaisceart an oileáin.[4, 14] Faoin am gur tháinig na chéad daoine go hÉirinn, ba í an dair ghaelach an crann ceannasach in iarthar an oileáin agus bhí an dair ghallda fairsing in oirthear na hÉireann agus in áiteanna i lár na tíre.
Thosaigh gortghlanadh na gcrann, na daracha ina measc, in Éirinn leis na pobail neoiliteacha a shroich an t-oileán timpeall 6,000 bliain ó shin. Gearradh na crainn le spás a dhéanamh do thalmhaíocht, agus nuair a d’éirigh an aeráid níos fliche, thosaigh bratphortaigh an iarthair ag fás.
Leanadh ag gearradh na gcrann, agus faoin mbliain 1600 AD bhí níos lú ná 20% den oileán clúdaithe le crainn. Threisigh an próiseas seo le fás daonra na tíre, agus nuair a tosaíodh ar an tír a phlandáil. Tá adhmad darach crua, snasta, agus marthanach. Dónn sé go maith, agus maireann sé níos faide sa tine ná go leor adhmaid eile. Ar na cúiseanna seo, b’acmhainn fíor-thábhachtach a bhí sa dair. Ní raibh na foraoisí in ann an t-éileamh ó thionscadail na súdaireachta, na cúipéireachta, agus úsáidí eile a bhí ag an bpobal don dair, a shásamh. Faoi dheireadh an 19ú haois, ní raibh ach 1% den tír clúdaithe ag crainn.
Is dealraitheach gur mhair pobail de dharacha gallda tar éis an scrios uafásach seo a rinneadh ar choillte na hÉireann sa 17ú agus 18ú haois. Tá crainn i gcoillte Bhaile an Bhóthair, Contae Uíbh Fhailí, atá os cionn 450 bliain d’aois[15] (ceann de na crainn is sine in Éirinn) agus ní cheaptar gur cuireadh na crainn sin.[4]

Béaloideas na Darach
Bhí ról lárnach ag an dair i sochaí agus i dtraidisiúin chultúr ar fud na hEorpa. Ón gcianaimsir, bhí an dair fairsing mar shiombail ar bhoinn agus ar bhratacha ar fud na Mór-Roinne.[1] Tugadh an t-aitheantas céanna don dair in Éirinn. Is mar gheall ar thábhacht an chrainn a hairíodh an dair (is minic nach ndéantar idirdhealú idir an dá chineál dair sa seanchas faoin gcrann) sna airig fedo—uaisle na coille—sa bhFéineachas agus gearradh pionós mór ar an té a ghearradh dair.
Is crann aitheanta i seanchais na nGael í Eo Mugna—crann le géaga chomh fada sin go bhféadfadh míle duine dul i bhfoscadh fúthu. Cé go gceapfá ón ainm gur iúr (Taxus baccata) a bhí ann, deirtear gur dair a bhí in Eo Mugna, ach ceann draíochta, a raibh dearcáin, úlla, agus collchnónna mar thorthaí air.[4, 16]
Bhí an oiread sin measa ar an dair mar gur iomaí úsáidí a d’fhéadfaí a bhaint as adhmad crua, snasta, marthanach an chrainn. Is léiriú ar mharthanacht na darach iad na cláir daracha, 2 m ar fhad, atá sa tóchar ársa sa gCorr Liath, Contae Longfoirt. Tá siad beagnach 2,000 bliain d’aois.[17] Maítear go bhfuil tóchar nó fulacht fiadh a nocht an fharraige ar an gcósta taobh thiar den Spidéal, Contae na Gaillimhe, in 2014, níos sine fós.[18]
D’úsáidtí adhmad na darach mar ábhar tógála freisin, chomh maith le tóchair a dhéanamh. Is as dair a rinneadh crannóg, sa gCré-umhaois,[19] i mBaile an Doire, Contae na hIarmhí. Dhéantaí foirgnimh eile astu chomh maith. Thugtaí dair-theach ar shéipéal fadó (is aireagal adhmaid é an dairtheach freisin).[11]
Tugann fad na mbád scaobtha, soithigh a bhí fairsing ar lochanna na hÉireann na mílte bliain ó shin, leid dúinn faoi mhéid na gcrann a bhí ag fás in Éirinn ag an am. Is as adhmad darach a dhéantaí na báid seo—na báid atá aimsithe go dtí seo, ar aon chaoi. Fritheadh bád scaobtha déanta as dair a bhí os cionn 7 m ar fhad, i mBaile an Doire.[20] Aimsíodh bád eile in aice le hEanach Chaoin, Contae na Gaillimhe atá 12 m ar fhad agus 4,500 bliain d’aois,[21] agus ceann eile, in Eadargúil, Contae na Gaillimhe, atá beagán le cois 15 m agus atá beagnach 4,000 bliain d’aois.[22] Níl dair fágtha sa tír anois a bheadh in ann cláir a sholáthar chun bád scaobtha 15 m ar fhad a dhéanamh.
Bhíodh na báid scaobtha seo fairsing ar Loch Coirib, de réir an taifid thíos, ó Eanach Dhúin, Contae na Gaillimhe in 1935:
“Tá cruthughadh maith againn go raibh na Danair ar loch Coirib mar tá na sean bháid darach le feiceáil ar thóin an locha fós. Tá dá ceann aca ann. Ceann aca i n-aice Oileán an Aol agus ceann taobh amuigh den Céibh. Rinneadh íarachtaí íad do thógaint aníos acht theip ar na daoine a bhí gh’á déanamh.”
Bailiúchán na Scol Im. 0024, Lth. 0006
I bhfad tar éis aimsir na mbád scaobtha, is í an dair a d’úsáidtí le longa móra a thógáil. Tá an t-adhmad solúbtha agus in ann uisce a sheasamh. Thairis sin, tugann gráin agus uigeacht an adhmaid an cumas dó freastal ar an mbrú agus an t-ualach a bhíonn ar chláir adhmaid na mbád móra agus iad ar an uisce. Bhí an dair an-fheiliúnach le báid agus longa a thógáil freisin mar go bhféadfaí leas a bhaint as cuar nádúrtha na gcraobhacha agus na cláir á ngearradh.[23]
Dhéantaí ábhar tí as adhmad darach freisin. Dhéantaí bairillí as an dair mar go gcoinníonn sí leachtanna agus mar go dtugann sí blas don fhíon nó an biotáille atá sa mbairille.[1] Is as an dair a dhéantaí cuinneoga freisin.[24]
Is as dair freisin a dhéantaí formhór an fhioghuail a bhí ag teastáil chun iarann a bhruithniú sular tosaíodh ar ghual a dhó. Thosaigh daoine ag bruithniú iarainn os cionn 2,000 bliain ó shin agus bhí an cheird fairsing ar an oileán seo—tá 79 foirnéis bhruithnithe ón Iarannaois aimsithe ag seandálaithe in Éirinn go dtí seo.[25]
Súdaireacht
B’acmhainn thábhachtach a bhí sna daracha i dtionscadal na súdaireachta freisin. Déanann an súdaire cóireáil ar chraiceann ainmhithe ag úsáid ábhair plandaí ar leith—coirt, duilleoga, nó torthaí—chun an craiceann a athrú go leathar, ábhar atá marthanach agus atá in ann teas agus taise a sheasamh. Tarlaíonn an t-athrú seo mar gheall ar imoibriú ceimiceach a tharlaíonn idir collaigin (próitéin a bhíonn sa gcraiceann) agus tainnin, a bhíonn i gcodanna an chrainn.[26]
Cé go bhfuil tainnin i gcrainn eile, amhail an bheith (Betula spp.) agus an fhearnóg (Alnus glutinosa), tá níos mó tainnin i gcoirt dharach (tagann an focal tainnin ón bhfocal Gaillise, tann, don dair), agus dhéantaí (agus déantar fós) leathar ar ardchaighdeán as craicne ainmhithe ag úsáid tainnin darach. Dhóití mar bhreosla an chuid sin den choirt a bhí fágtha tar éis an tainnin a bhaint di.[23] Dhéantaí dathú dubh ó choirt agus dearcáin an chrainn freisin.[4]
Bia agus Leigheas
Chuir an dair níos mó ná adhmad agus coirt ar fáil do mhuintir na hÉireann. D’fhéadfadh crann amháin dóthain dearcáin a sholáthar (i mbliain mhaith) le muc amháin a bheathú ar feadh bliana.[11] Cé go ndéantaí plúr as dearcáin dharacha ar Mhór-roinn na hEorpa,[27] níl aon fhaisnéis ann go raibh an cheird sin á chleachtadh in Éirinn.[28]
Is iomaí úsáid leighis a bhaineadh daoine as plandaí coitianta, agus b’amhlaidh a bhí sé leis an dair, cé gur mó úsáide a bhaintí as an dair mar chógas leighis in Éirinn ná sa mBreatain.[29] Cheaptaí go raibh leigheas sna duilleoga agus sna dearcáin do thinnis dhifriúla, ach is sa gcoirt ba mhó a bhí leigheas na darach, más fíor do na hiontrálacha sna lámhscríbhinní i mBailiúchán na Scol.
D’fhiuchtaí an choirt thriomaithe agus dhéantaí craosfholcadh leis an leacht chun scornach tinn a leigheas. Bhí leigheas ann freisin don bhuinneach, d’othrais, agus do dhaitheacha i gceantair éagsúla ar fud na tíre. Is leigheas do phian sa mbolg a bhí sa gcoirt a ithe, i gContae na Gaillimhe. Thugtaí an sú a bhí fágtha tar éis an choirt a bhruith do chapaill a bhí ag casacht.[24] D’úsáidtí na duilleoga leis an ruaig a chur ar borrphéisteanna in Uíbh Fhailí.[29]
Cé go bhfuil bunús eolaíoch le héifeacht na saileach (Salix spp.) chun pian a mhaolú, níl aon fhianaise eolaíoch fós ann go bhfuil leigheas i gcodanna na darach ar bhreoiteachtaí an duine. Cosúil le go leor plandaí eile, tá poilafeanóil éagsúla le fáil sa gcrann agus, cé go maítear go bhfuil maitheas sna ceimicí seo don chorp, níl aon fhianaise chrua ann fós go bhfuil éifeacht iontu:
“Whilst the case for the biological functions of polyphenols in humans is accumulating, there remains insufficient evidence to claim clear and undisputed positive health effects relating to their consumption, particularly with regards to long-term dietary ingestion and human health.”[30]
Rian na gCoillte Daracha
Logainmneacha na Darach
D’fhág an dair a lorg ar logainmneacha na tíre, agus léiríonn líon na logainmneacha ina bhfuil tagairt do chrainn iontu cé chomh coitianta agus chomh forleathan a bhí an dair fadó. Tá os cionn míle logainm in Éirinn a thagraíonn don dair, de réir taifid ar Bhunachar Logainmneacha na hÉireann.[31] Tá an sampla is suntasaí, doire, a chiallaíonn roschoill dharach, le feiceáil i gContae Dhoire. Tá an ginideach den seanfhocal don dair, ráil, le feiceáil i Raileach, i gContae Dhoire, agus Cluain Raileach i gContae Longfoirt, freisin. Tá ‘omna’, focal eile don dair, le fáil i gContae na Gaillimhe:
“Cialluigheann Omna crann darach agus luigheann an t-ainm Áth Omna nó Port Omna le reásún i ngeall air a raibh de chrainnte darach ‘sna coillte.”
Bailiúchán na Scol, Im. 0057, Lth. 0219
Tá an focal ‘farcan’, ainm eile don dair, le feiceáil in Achadh Farcáin i Muineacháin (ciallaíonn ‘farcan’ alt in adhmad freisin).[32] Baineann ‘darthanach’, mar atá i nDarthanach, i gContae Mhaigh Eo, le háit ina bhfásann daracha. Tá an dair i bhfolach sa logainm Áth an Choite (Contae Luimnigh). Is bád déanta as adhmad darach a bhí sa gcoite.[33]
Meath na Darach
Chuir an ró-éileamh a bhí ar an dair—mar bhreosla, mar ábhar tithíochta, i dtionscal na súdaireachta, mar fhioghual chun iarann a sholáthar—go leor brú ar na coillte daracha, agus de réir a chéile gearradh foraoisí móra daracha na hÉireann.
Tá miotaseolaíocht agus áibhéil le brath uaireanta sa gcur síos a dhéantar ar choillte daracha na hÉireann. Ní léir go bhfuil fírinne, mar shampla, leis an scéal gur gearradh daracha na hÉireann le cabhlach mór na Breataine a thógáil. Bhí adhmad ó thart ar 4,000 crann (dair, den chuid is mó) ag teastáil le long chogaidh a thógáil san 18ú agus 19ú haois,[34] agus deirtear gurb iad na Sasanaigh a ghlan coillte darach na hÉireann lena gcabhlach míleata a thógáil. Ach faoin mbliain 1600 AD, bhí níos lú ná 10% den tír faoi choillearnach,[35] agus maítear, mar go raibh an oiread sin éilimh ar adhmad, go raibh córas bainistithe foraoise forbartha go dtí an leibhéal go raibh foraoisí na hÉireann, na Breataine agus a cuid coilíneachta in ann freastal ar an éileamh gan a thuilleadh laghdú a dhéanamh ar na foraoisí sin.[36]
Ghearr muintir na hÉireann foraoisí an oileáin chun freastal ar a gcuid riachtanas féin—ní léir go raibh cúnamh ar bith ag teastáil uainn chun ár gcuid coillte dúchasacha a scrios.
Is iomaí tagairt atá don dair i lámhscríbhinní Bhailiúchán na Scol, agus is minic gur ag tagairt siar atá siad don am a raibh an tír brataithe leis an gcrann. Tá cumha le braith sna hiontrálacha seo do na gcoillte daracha agus an méid a cailleadh nuair a gearradh iad.
Ach bíonn an saothar darach a chruthaigh ár sinsear agus a fágadh mar uacht againn faoi bhagairt freisin, mar a léirítear sa taifead seo ó Chontae na hIarmhí:
“Bhí fear ag obair ar bhruach Loch Ailinne agus thárla do a bheith ag corruigh an ghainimh ar chaoi eicint, agus casadh ar bhádh é a bhí go domhain síos ins an ngainimh thóig sé anios í agus píosa de chrann darach a bhí innti bhí sí tríochadh troigh ar faid, agus deirtear go bí bád Rígh Mhaolseachlainn a bhí innti. Bhí daoinibh as gach áit ag teacht i breathnú uirthi, acht sa deire gearradh suas í agus rinneadh umar muice de phíosa di.“
Bailiúchán na Scol, Im. 0731, Lth. 004
Dair Phortaigh
Tá rian choillte darach le haimsiú fós i bportaigh an oileáin seo. Thosaigh portaigh na hÉireann ag forbairt go gairid tar éis na hoighearaoise deireanaí. Thapaigh an próiseas nuair a gearradh na crainn agus nuair a d’éirigh an aeráid níos fliche. Ach nuair a d’éirigh an aeráid níos tirime arís timpeall 4,500 bliain ó shin, scaip crainn—crainn péine Albanacha (Pinus sylvestris) a bhformhór acu, ach bhí an dair ina measc freisin—isteach ar an talamh portaigh. D’iompaigh an aeráid níos fliche arís go tobann, theip ar na crainn sin, agus thóg an portach iad. Caomhnaíodh na crainn, mar shraith adhmaid faoin mhóin, agus nochtaigh daoine arís an t-adhmad ársa seo nuair a tosaíodh ag baint na móna.
Bhí úsáid fhairsing á baint as an dair phortaigh, nó an dair dhubh, mar a thugtaí air. Dhéantaí geataí astu i gContae Chiarraí[24] agus ba mhinic iad a úsáid i ndíonta tithe freisin. Tá cur síos níos iomláine ar adhmad portaigh ar fáil sa gcur síos ar an bpéine Albanach.

Úsáid Chomhaimseartha na Darach
Déantar an dair a shaothrú in Éirinn inniu i bhfáschoillte. Fástar í in éineacht le crainn eile cosúil leis an learóg (Larix spp.) nó an péine Albanach (Pinus sylvestris).[37] Fásann sí níos moille ná crainn a tháirgeann bogadhmad, agus is minic go gcaithfear fanacht blianta fada sular féidir í a bhaint.
Bíonn fáinní fáis gar dá chéile san adhmad darach is luachmhara—ní fhaightear é seo gan talamh mhaith a bheith sna fáschoillte, le neart spáis ag na crainn, agus le córas rothlaithe fadtréimhseach i bhfeidhm (os cionn 150 bliain).[1, 38] Mar gheall ar sin, is infheistíocht fhadtéarmach iad fáschoillte daracha. Is minic go ndéantar troscán agus veinír as adhmad darach, chomh maith le hurláir agus breosla (adhmad le dó).[4]
Mar a luaitear an dair ghallda le Sasana, is minic go luaitear an dair ghaelach le hÉirinn, cé gur nós nua-aimseartha é seo. Is in 1990 a bronnadh an stádas mar chrann náisiúnta na hÉireann ar an dair ghaelach. Bhí seastán ag an Stát ag taispeántas gairneoireachta sa tSeapáin agus bhí crann náisiúnta le bheith luaite le gach seastán. Ós rud é nach raibh a leithéid ag Éire, thapaigh an Taoiseach ag an am, Charles Haughey, an deis an onóir sin a thabhairt don dair ghaelach.[4]
Ní fhéadfaí a rá go bhfuil aon cheangal speisialta ag an gcrann seo le hÉirinn thar aon chrann dúchasach eile ar an oileán. Níl an dair ghaelach eindéimeach go hÉirinn—síneann a ceantar dúchais trasna na hEorpa, soir chomh fada le sléibhte na hÚraile. Go deimhin, ceaptar gur gearradh an oiread sin de chrainn dharacha nach stoc Éireannach iad formhór na gcrann atá ag fás anseo anois.[4] Maítear go mb’fhéidir go bhfuil iarrthóirí eile níos cáilithe, an t-iúr (Taxus baccata) ina measc,[39] don onóir atá ag an dair ghaelach faoi láthair.
Ach níl aon cheist ann ach go spreagann dair mhór lánfhásta daoine i mbealaí nach féidir le haon chrann eile a dhéanamh.
Téarmaí a bhaineann le daracha: Crann daróige,[40] rí na coille[41], ráil,[40] éitheach, omna,[32] farcan, furrán[32] dairbheog (fáschoill dharach)[40], doire, dairbhre (áit dharach),[40] dar-ubhall[40] dairghe, darchabhall, dearc-abhall.[32] (gál darach)
Tagairtí
1. Eaton, E., et al., Quercus robur and Quercus petraea in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. 160-163.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
4. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
5. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
6. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
7. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
8. Sealy, J.R. and D.A. Webb, Arbutus Unedo L. Journal of Ecology, 1950. 38(1): p. 223-236.
9. Fossitt, J.A., A Guide to Habitats in Ireland, A.C. Oidhreachta, Editor. 2000.
10. Southwood, T.R.E., The Number of Species of Insect Associated with Various Trees. Journal of Animal Ecology, 1961. 30(1): p. 1-8.
11. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
12. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
13. Reynolds, S.C.P. and J.D. Reynolds, Knopper Gall Andricus quercuscalicis (Burgsdorf) records on oaks in Co. Limerick, with observations on the Artichoke Gall Andricus fecundator (Hartig). The Irish Naturalists’ Journal, 2008. 29: p. 13-17.
14. Mitchell, F., The development of Ireland’s tree cover over the millennia. Irish Forestry, 2000.
15. Twomey, M., A. Fennell, and F. McHugh, The tree register of Ireland. Irish Forestry, 2002.
16. Ó hÓgáin, D., Trees in Irish Lore. Irish Forestry, 2003. 60: p. 46-60.
17. Raftery, B., Ancient Trackways in Corlea Bog, Co. Longford. Archaeology Ireland, 1987. 1(2): p. 60-64.
18. Siggins, L., Storms reveal 7,500-year-old ‘drowned forest’ on north Galway coastline, in The Irish Times. 2014.
19. Johnson, R., Ballinderry crannóg No. 1: a reinterpretation. Proceedings of the Royal Irish Academy. Section C: Archaeology, Celtic Studies, History, Linguistics, Literature, 1999: p. 23-71.
20. Hencken, H.O.N., et al., Ballinderry crannog no. 1. Proceedings of the Royal Irish Academy. Section C: Archaeology, Celtic Studies, History, Linguistics, Literature, 1935. 43: p. 103-239.
21. Siggins, L., Log boat dating back 4,500 years found in Lough Corrib, in The Irish Times. 2014.
22. Lanting, J.N. and A.L. Brindley, Irish Logboats and Their European Context. The Journal of Irish Archaeology, 1996. 7: p. 85-95.
23. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
24. Bhreathnach, Ú., An introduction to the National Folklore Collection and Meitheal Dúchas. ie. 2019.
25. Dolan, B., Making iron in the Irish midlands the social and symbolic role of Iron Age ironworkers. The Journal of Irish Archaeology, 2016. 25: p. 31-48.
26. Falcão, L. and M.E.M. Araújo, Vegetable Tannins Used in the Manufacture of Historic Leathers. Molecules, 2018. 23(5): p. 1081.
27. García-Gómez, E., et al., The Consumption of Acorns (from Quercus spp.) in the Central West of the Iberian Peninsula in the 20th Century. Economic Botany, 2017. 71(3): p. 256-268.
28. Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.
29. Allen, D.E. and G. Hatfield, Medicinal plants in folk tradition. 2004.
30. Vauzour, D., et al., Polyphenols and Human Health: Prevention of Disease and Mechanisms of Action. Nutrients, 2010. 2(11): p. 1106-1131.
31. Bunachar Logainmneacha na hÉireann. 2024.
32. Hogan, E., Luibhleabhrán: Irish and Scottish Gaelic Names of Herbs, Plants. Trees (Dublin, 1900). 50.
33. Joyce, P.W., The Origin and History of Irish Names of Places. 1910, Baile Átha Cliath: M.H. Gill.
34. Melby, P., Insatiable shipyards: The impact of the royal navy on the world’s forests, 1200-1850. Western Oregon University, 2012.
35. Byrnes, E. and D. Little, A history of woodland management in Ireland: an overview. Forest Service native woodland scheme information note no, 2007. 2.
36. Rackham, O., The history of the countryside. 2020: Hachette UK.
37. Guest, C. and J. Huss, Nursing of oak in Ireland. 2012, COFORD Connects. 8pp.
38. Fennessy, J., P. Savill, and B. Clifford, Dynamic silviculture–an alternative approach to traditional oak silviculture. Irish Forestry, 2016. 73: p. 217-238.
39. Coitir, N.M., IRELAND—LAND OF THE YEW? Archaeology Ireland, 2016. 30(4): p. 38-40.
40. Dinneen, P.S., An Irish-English Dictionary. 1927: Educational Company of Ireland.
41. Moloney, M.F., Irish ethno-botany and the evolution of medicine in Ireland. 1919: MH Gill.