Na Fearnóga

Is fearnóga a thugtar ar na crainn atá sa ngéineas Alnus. Cé go bhfuil os cionn 30 speiceas éagsúil sa ngéineas, níl dúchasach in Éirinn ach an fhearnóg (Alnus glutinosa). Tá dhá speiceas eile a fhásann go fiáin ar fud na hEorpa, an fhearnóg liath (Alnus incana) agus an fhearnóg Iodálach (Alnus cordata), curtha go forleathan mar chrainn ornáideacha in Éirinn agus síolraíonn siad sa tír seo freisin. Is crainn dhuillsilteacha iad na fearnóga, le caitíní fada de bhláthanna a osclaíonn go luath san Earrach. Tagann dath dearg ar adhmad na fearnóige má ghearrtar é—ceaptar go bhfuil baint ag dath fola an adhmaid leis an mí-ádh agus an choimhlint atá luaite leis an gcrann sa seanchas.
An Géineas Alnus

Faightear crainn ón ngéineas Alnus ar fud an leathsféir thuaidh agus fásann speiceas amháin, Alnus accuminata, chomh fada ó dheas leis an Airgintín. Cé go bhfuil os cionn 30 speiceas éagsúil sa ngéineas, níl dúchasach in Éirinn ach an fhearnóg (Alnus glutinosa). In ainneoin go dtugtar Common Alder ar an speiceas seo i mBéarla chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus crainnte eile sa ngéineas céanna, ní léir go bhfuil an ainmníocht seo amhlaidh sa nGaeilge. Mar sin féin, tabharfar an fhearnóg choiteann ar Alnus glutinosa anseo más gá an t-idirdhealú sin a dhéanamh.
Tá dhá speiceas eile a fhásann go fiáin ar fud na hEorpa, an fhearnóg liath (Alnus incana) agus an fhearnóg Iodálach (Alnus cordata), curtha go forleathan mar chrainn ornáideacha in Éirinn agus síolraíonn siad sa tír seo freisin.
Tá na fearnóga go léir sa bhfine Betulaceae, fine a roinneann siad le crainn atá sa ngéineas Betula cosúil leis an mbeith chlúmhach (Betula pubescens) agus an bheith gheal (Betula pendula). Is minic go bhfásann na crainn dhúchasacha seo sna gnáthóga céanna le fearnóga in Éirinn. Is ón tréimhse Chailceach Dhéanach (os cionn 66 milliún bliain ó shin) a thosaigh na beitheanna agus na fearnóga ag éabhlóidiú ar chosáin dhifriúla óna chéile.[1]
Cur Síos ar Fhearnóga
Is crainn dhuillsilteacha iad formhór na bhfearnóg (seachas an crann síorghlas, Alnus jorullensis, a fhásann i Meiriceá Láir), le duilleoga simplí, fiaclacha. Is crainn mhoinéiciacha iad—bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar an gcrann céanna—agus, amhail na beitheanna, is caitíní iad na bláthanna a bhíonn orthu.
Pailníonn an ghaoth iad den chuid is mó, cé go mbíonn neachtar sna bláthanna agus is foinse bhia iad do phailneoirí nuair nach mbíonn mórán bláthanna eile amuigh chomh luath sin sa mbliain (tagann na bláthanna ar fhearnóga luath sa mbliain, agus sula n-osclaíonn na duilleoga).
Bíonn na torthaí adhmadach—breathnaíonn siad cosúil leis na buaircíní a bhíonn ar chrainn bhuaircíneacha. Is furasta fearnóga aithint ó speicis eile sa ngeimhreadh mar go bhfanann siad ar an gcrann, fiú tar éis dóibh na síolta scaipeadh.
An Fhearnóg Choiteann

Tá an fhearnóg choiteann, nó an fhearnóg (Alnus glutinosa) ar cheann de na crainn dhúchasacha is fairsinge in Éirinn. Fásann sí, den chuid is mó, i ngnáthóga fliucha ar fud na hÉireann agus bíonn an crann an-coitianta ar bhruacha aibhneacha agus srutháin. Is furasta an crann duillsilteach a aithint san earrach mar gheall ar na caitíní corcra a chrochann anuas ón ngéag, sula n-osclaíonn na duilleoga.
Is i gcaitheamh an tsamhraidh a fhorbraíonn na torthaí, atá cosúil leis na cóin a bhíonn ar bhuaircíneacha. Luaitear an fhearnóg le troid agus le cogadh sa seanchas mar gheall ar dhath dearg an adhmaid nuair a ghearrtar é. Baineadh úsáid as codanna den fhearnóg chun dathú a dhéanamh agus i dtionscal na súdaireachta, agus bhí cáil ar chaighdeán an fhioghuail a dhéantaí as adhmad na fearnóige.
Fásann agus scaipeann an fhearnóg go maith in Éirinn agus meastar go gcuimsíonn fearnóga (Alnus glutinosa a bhformhór) 2.7% de chrainn na hÉireann anois.[2] Táthar ag iarraidh níos mó béime a chur ar chrainn dhuillsilteacha i dtionscadal na foraoiseachta. Mar gheall ar seo, cuirtear deontais ar fáil chun ar a laghad 20% de chrainn leathandhuilleacha cosúil le fearnóga a chur in éineacht leis na crainn shíorghlasa—sprúis (Picea spp.) den chuid is mó—a chuimsíonn formhór na gcrann sna fáschoillte.
An Fhearnóg Iodálach

Fásann an fhearnóg Iodálach (Alnus cordata), crann neamhdhúchasach ach gaolta leis an bhfearnóg dhúchasach (Alnus glutinosa), go fiáin ar fud na hÉireann. Is sna duilleoga is mó a fheictear an difríocht idir an dá chrann. Bíonn dath glas geal ar na duilleoga lonracha, i gcomparáid leis na duilleoga níos dorcha, neamhlonracha a bhíonn ar an bhfearnóg choiteann. Chomh maith leis sin, bíonn duilleoga croíchruthacha ar an bhfearnóg Iodálach. Tá an fhearnóg Iodálach níos inoiriúnaithe do ghnáthóga níos tirime ná mar atá an fhearnóg choiteann.
An Fhearnóg Liath
Is fearnóg neamhdhúchasach í an fhearnóg liath (Alnus incana) atá fairsing ar Mhór-roinn na hEorpa. Tá gaol dlúth ag an gcrann seo leis an bhfearnóg dhúchasach. Cé go bhfuil an dá chrann cosúil lena chéile, tá difríochtaí beaga eatarthu. Bíonn duilleoga ubhchruthacha le bior ar bharr na nduilleog ar an bhfearnóg liath, murab ionann agus an fhearnóg dhúchasach, a mbíonn duilleoga piorracha uirthi, le heang ar a mbarr. Cosúil leis na fearnóga go léir, fosaíonn an fhearnóg liath nítrigin (a shúnn an crann ón aer) sa gcréafóg. Saibhríonn sé seo an talamh le himeacht ama.
Is ar chósta iarthair Meiriceá Thuaidh a fhásann an fhearnóg dhearg (Alnus rubra), an speiceas fearnóige is mó ar domhan (tá cuid de chrainn an speicis seo os cionn 30 m ar airde). Mar go dtáirgeann fhearnóg dhearg adhmad éadrom, neamhdhlúth, le tréithe maithe fuaime, is as adhmad an chrainn seo a dhéantar giotáir leictreacha, an Fender Stratocaster san áireamh. Ní crann coitianta é seo in Éirinn, ach tá an fhearnóg dhearg curtha i bhfáschoillte i gCo. Chiarraí agus i gCo. Chorcaigh, agus tá crainnte óga ag scaipeadh dá thoradh ar thalamh tréigthe sa gceantar sin.[3]
Ina cheantar dúchais, fásann an fhearnóg rua in éineacht le crainn atá coitianta anois ar fháschoillte na hÉireann, amhail an sprús Sitceach (Picea sitchensis) agus an ghiúis mhór (Abies grandis), agus speicis amhail an himlic iartharach (Tsuga heterophylla) agus an céadar crón iartharach (Thuja plicata) a chuirtear anois mar chrainn ornáide ar eastáit mhóra na tíre. Luíonn sé le réasún, mar sin, go n-éireodh go maith leis an fhearnóg rua in aeráid thais an oileáin seo freisin.
Tá speiceas eile, an fhearnóg ghlas (Alnus viridis), dúchasach san Eoraip ach níl sí fairsing in Éirinn.[4] Is sceach ilstocach í, nó crann beag, a chuirtear mar chrann ornáide sa mBreatain.
Fearnóga ag Fosú Nítrigine
Saibhríonn fearnóga an talamh ar a bhfásann siad trí phróiseas ar a dtugtar fosú nítrigine. Fásann an baictéar Frankia alni ar nóidíní i rútaí na fearnóige.[5] Súnn an baictéar seo nítrigin ón aer agus stóráiltear sna nóidíní é—acmhainn thábhachtach gur féidir leis an gcrann leas a bhaint as agus é ag fás.
Is mar gheall ar an gcumas seo gur crainn téisclime iad na fearnóga—tá siad in ann fás in ithir mhianrach gan mórán cothaithigh. Cuireann an crann táirgí carbóin ar fáil don bhaictéar mar chúiteamh ar an obair seo. Lobhann na nóidíní isteach sa gcréafóg nuair a fhaigheann an crann bás agus saibhrítear an ithir mar thoradh ar an gcaidrimh siombóiseach seo idir an dá orgánach.
Cuirtear fearnóga chun an talamh a leasú mar go bhfuil an bua seo acu. Ach ní ag fearnóga amháin atá an cumas seo—baineann plandaí sa bhfine Fabaceae, an t-aiteann (Ulex spp.), peasairí (Vicia spp.), agus seamair (Trifolium spp.) san áireamh, leas as fosú nítrigine freisin agus iad ag fás.
Súnn fearnóga dúile eile—ór san áireamh—isteach ina gcuid géag, coirte, agus duilleog. Dá thoradh seo, is féidir níos mó a foghlaim faoi chomhdhéanamh na créafóige ina bhfuil siad ag fás tríd anailís a dhéanamh ar chodanna an chrainn. Táthar á fhiosrú seo mar bhealach chun fosú óir nua a aimsiú, go háirithe i suíomhanna nach dtugann a gcomhdhéanamh geolaíoch le fios go bhfuil na mianraí sin ann.[6]
Bhaintí úsáid as fearnóga (san áireamh an fhearnóg choiteann in Éirinn) mar chógas leighis, agus léiríonn taighde go bhfuil comhdhúile sna crainnte seo le tréithe frith-athlastacha a d’fhéadfadh cabhrú le raon leathan breoiteachtaí.[7, 8]
An Fhearnóg sa tSochaí
Tá níos mó faoi úsáid agus faoi bhéaloideas na fearnóige san iontráil faoin bhfearnóg dhúchasach (Alnus glutinosa).
Tagairtí
1. Chen, Z. and J. Li, Phylogenetics and Biogeography of Alnus (Betulaceae) Inferred from Sequences of Nuclear Ribosomal DNA ITS Region. International Journal of Plant Sciences – INT J PLANT SCI, 2004. 165: p. 325-335.
2. An Roinn Talmhaíochta, B.a.M., Forest Statistics Ireland 2020, B.a.M. An Roinn Talmhaíochta, Editor. 2020, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara: Loch Garman. p. 89.
3. Buckley, D.J., Observations on two non-native Alder species (Betulaceae) naturalising in Ireland. British & Irish Botany, 2021. 3(1).
4. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
5. Bond, G., Evidence for fixation of nitrogen by root nodules of alder (Alnus) under field conditions. The New Phytologist, 1956. 55(2): p. 147-153.
6. Cohen, D.R., E. Hoffman, and I. Nichol, Biogeochemistry: A geochemical method for gold exploration in the Canadian Shield. Journal of Geochemical Exploration, 1987. 29(1-3): p. 49-73.
7. Ren, X., et al., The Genus Alnus, A Comprehensive Outline of Its Chemical Constituents and Biological Activities. Molecules, 2017. 22(8): p. 1383.
8. Smeriglio, A., et al., New Insights on Phytochemical Features and Biological Properties of Alnus glutinosa Stem Bark. Plants, 2022. 11(19): p. 2499.