Crainn Phéine

Tá os cionn 100 cineál péine (crainn sa ngéineas Pinus) ar domhan—tá 11 dúchasach san Eoraip. Tá crann péine amháin—an péine Albanach (Pinus sylvestris)—dúchasach in Éirinn, cé gur ceapadh go dtí le déanaí gur díothaíodh í. Déantar na crainn phéine a ghrúpáil de réir an líon spíonlach a bhíonn ar gach duilleog. Tá péire ag an bpéine Albanach, mar atá ag an bpéine contórtach (Pinus contorta), an péine is fairsinge in Éirinn. Is ó iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh a tháinig an crann seo agus tá sé curtha i bhfáschoillte foraoiseachta na tíre, go háirithe san iarthar. Is ó iarthar Mheiriceá—Monterey, California—a thagann péine Monterey (Pinus radiata), péine trí-spíonlach atá curtha go fairsing ar chósta an iarthair, áit a dhéanann sé crann mór leathan.

Crainn Phéine in Éirinn