Na Saileacha

Tá seacht speiceas de shaileach (crann ón ngéineas Salix) dúchasach in Éirinn, ach tá timpeall 15 speiceas nó hibrid de shaileach eile ag fás ar an oileán. Tá sé deacair a bheith cruinn faoin bhfigiúr toisc go hibridíonn siad saileacha lena chéile. Hibridíonn na hibridí lena chéile freisin, mar gur minic a mbíonn na hibridí torthúil. Bíonn sé deacair, de ghnáth, na cineálacha saileach seo go léir a aithint óna chéile, mar go mbíonn na hibridí cosúil leis na tuismitheoirí. Is crainn nó sceacha duillsilteacha iad na saileacha a fhásann, go hiondúil, ar thalamh tais nó bruachánach. Is caitíní iad na bláthanna, agus osclaíonn siad go luath sa mbliain. Cé nach adhmad d’ardchaighdeán atá ag an saileach—tá sé bog, éadrom, agus solúbtha—bhí sé fairsing agus éasca le fás. Chuige sin, b’iomaí úsáid a bhaintí as adhmad ó chrann a bhí chomh flúirseach.

An Géineas Salix
Grúpaí Saileacha
Cur Síos ar na Saileacha
Úsáid na Saileach
Seanchas na Saileach
Eiceolaíocht na Saileach
Tagairtí

Saileacha in Éirinn