Clochthorthaí

Tá timpeall 15 speiceas den ghéineas Prunus ag fás in Éirinn—tá beagnach 350 speiceas sa ghéineas. Bíonn torthaí feolmhara, le ‘cloch’ ina lár, ag na speicis seo go léir (tugtar clochthorthaí orthu). Is sa ngéineas seo atá crainn agus sceacha le torthaí mór-éilimh cosúil le plumaí, silíní, agus neachtairíní.

Tá trí phlanda ón ngéineas seo dúchasach in Éirinn—an draighean (Prunus spinosa), an crann silíní fiáin (Prunus avium), agus an donnroisc (Prunus padus). Tá plandaí neamhdhúchasacha ón ngéineas seo, cosúil leis an crann silíní searbha (Prunus cerasus) ag scaipeadh in Éirinn. Is ar an gcrann silíní Seapánach (Prunus serrulata) a bhíonn na bláthanna móra bándearga atá chomh feiceálach i ngairdíní agus i gcathracha ag tús an tsamhraidh.

Prunus in Éirinn