Na Poibleoga

Tugtar poibleoga ar na crainn atá sa ngéineas Populus. Tá go leor cineálacha poibleog ag fás in Éirinn, ach ceaptar nach bhfuil dúchasach ach an crann creathach (Populus tremula). Aithnítear é go héasca mar go gcreathann a dhuilleoga, fiú i ngaoth éadrom. Níltear cinnte faoina bhfuil nó nach bhfuil an phoibleog dhubh Atlantaigh (Populus nigra betulifolia), a fhásann ar bhruach na Sionainne, dúchasach. Tá gaol gar ag na poibleoga leis na saileacha (Salix spp.) agus, cosúil leis na crainn sin, hibridíonn poibleoga éagsúla lena chéile go héasca. Cosúil leis na saileacha, bíonn bláthanna na bpoibleog ar chaitíní a osclaíonn go luath san earrach, sula dtagann duilleoga ar an gcrann.
An Géineas Populus
Is géineas é Populus de phlandaí duillsilteacha—tugtar poibleoga orthu—sa bhfine Salicaceae le tréithe ar leith acu i gcoitinne. Is crainn dhé-éiciacha iad na poibleoga—bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar chrainn éagsúla. Bíonn duilleoga ailtéarnacha acu go léir, agus bíonn fad suntasach i ngas na duilleoige.

Crochann na caitíní anuas ón ngéag agus tagann siad ar an gcrann sula n-osclaíonn na duilleoga.[1] Déantar na bláthanna a phailniú sa ngaoth. Cosúil leis na saileacha (Salix spp.), hibridíonn poibleoga éagsúla lena chéile go héasca.
Ní cheaptar go bhfuil ach poibleog amháin dúchasach in Éirinn, an crann creathach (Populus tremula), cé go bhfuil comhartha ceiste faoi stádas na poibleoige duibhe (Populus nigra fosp. betulifolia). In ainneoin sin, cuirtear go leor speiceas eile de phoibleoga ar an oileán.
Tugtar ‘cottonwoods’ ar na poibleoga Populus deltoides (Eastern Cottonwood) agus Populus fremontii (Fremont’s Cottonwood), crainn atá coitianta i Meiriceá Thuaidh. Ceaptar go bhfuil gaol gar ag poibleog dhubh (Populus nigra) na hEorpa leis na crainn seo.
An Crann Creathach
Is crann dúchasach, duillsilteach é an crann creathach (Populus tremula) a fhaightear ar fud na hEorpa agus in Éirinn, cé nach bhfuil sé chomh coitianta ar an oileán seo. Aithnítear é go héasca mar go gcreathann a duilleoga, fiú i ngaoth éadrom. Is í an t-aon phoibleog atá dúchasach in Éirinn, agus tá gaol gar ag an gcrann creathach leis na saileacha (Salix spp.) freisin.
Cuireann an crann creathach meatháin aníos óna chuid rútaí faoi thalamh; mar gheall air seo, is minic a fhásann sé i gclampaí móra. Sa chás seo, bíonn na géinte céanna ag gach crann.

Seans nach bhfuil mórán béaloidis faoin gcrann creathach in Éirinn mar nach raibh sé riamh chomh fairsing sin. Níor baineadh mórán úsáide as an gcrann in Éirinn ach an oiread, cé gur aimsíodh coire mhór atá déanta as adhmad an chrainn i gContae Mhuineacháin in 1933. Ceaptar gur sa gCré-umhaois Luath a rinneadh é.[2] Tá sé anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann.[3]
Tá adhmad an chrainn chreathaigh éadrom, neamhdhlúth, agus saor, agus maireann sé i bhfad. Déantar laíon do pháipéar as sa gCríoch Lochlann agus i Meiriceá Thuaidh. Déantar páipéar ar ardchaighdeán as an gcrann creathach mar nach bhfuil mórán lignine ann.[4] Éiríonn páipéar briosc agus tagann dath buí air má bhíonn an iomarca lignine ann.[5]
Déantar cipíní solais, fioghual ar ardchaighdeán, agus bithmhais le dó (mar go bhfásann sé go tapa) as an gcrann creathach freisin. Cuirtear mar chrios foscaidh é agus chun foraoisiú a dhéanamh ar thalamh lom mar gur crann téisclime é.[6]
An Phoibleog Dhubh Atlantaigh

Is crann ard duillsilteach í an phoibleog dhubh Atlantaigh (Populus nigra fosp. betulifolia). Ní fios an crann dúchasach í an phoibleog dhubh Atlantaigh in Éirinn, ach tá sí ag fás anseo agus ansiúd ar an oileán. Is ar thuilemhánna agus ar bhruacha uiscebhealaí (aibhneacha agus locha) a fhásann sí; tá pobal suntasach den chrann ag fás ar bhruach na Sionainne.
Tá an crann seo faoi bhagairt sa mBreatain mar go bhfuil scrios á dhéanamh ar na gnáthóga ina bhfásann sí. Tá an líon beag crainn atá fágtha ag fás chomh fada sin óna chéile go bhfuil sé deacair dóibh iomadú.
An Phoibleog Gheal

Fásann an phoibleog gheal, nó an phoibleog bhán (Populus alba) go timpeall 30 m ar airde agus maireann sí ar feadh 300-400 bliain.[7] Is crann bruachánach é a fhásann go dúchasach sa gceantar Meánmhara agus in oirthear na hEorpa, ach tá sé curtha go forleathan in Éirinn.
Crann duillsilteach dé-éiciach is ea an phoibleog gheal, a fhásann go 30 m ar airde. Is dath glas a bhíonn ar thaobh uachtarach na nduilleog, agus bíonn an taobh íochtarach geal le ribí gruaige bána. Cé nach crann dúchasach in Éirinn í, tá an phoibleog gheal curtha go fairsing, go háirithe ar an leath thoir den oileán. Cuirtear í i bpáirceanna agus mar chrios foscaidh i gceantair chósta. Mar aon leis na poibleoga eile, cuireann an phoibleog gheal meatháin aníos go rialta, as a bhfásann crainn nua.
An Phoibleog Liath

Is crann mór, ard, duillsilteach í an phoibleog liath (Populus x canescens). Is hibrid í idir an phoibleog gheal (Populus alba) agus an crann creathach (Populus tremula). Breathnaíonn sí níos cosúla leis an gcrann creathach ná an phoibleog gheal. Cosúil leis an bpoibleog gheal, bíonn codanna den chrann, go háirithe na duilleoga agus na géaga, clúdaithe le ribí gruaige.
Fásann sí go sciobtha agus go hard agus cuireann sí crainn nua aníos óna cuid fréamhacha. Mar gheall ar an tréith seo, feictear clampaí móra den chrann ag fás le chéile. Is iondúil gur crainn fhireanna den phoibleog liath a chuirtear in Éirinn.
Poibleoga Eile
Tá an phoibleog dhubh hibrideach (Populus x canadensis), hibrid den phoibleog dhubh agus Populus deltoides, curtha go fairsing in Éirinn.
Is iomaí poibleoga uasfhásmhara éagsúla a chuirtear mar chrainn ornáideacha in Éirinn anois. Ina measc tá an phoibleog bhalsaim hibrideach, hibrid den phoibleog bhalsaim (Populus balsamifera) agus Populus trichocarpa, dhá phoibleog ó Mheiriceá Thuaidh, agus crainn atá curtha in Éirinn freisin.
Tugtar poibleoga balsam ar speicis de phoibleoga atá dúchasach do Mheiriceá Thuaidh agus an Áis agus a bhfuil cumhra láidir ó na bachlóga. Tá an Western Balsam-poplar (Populus trichocarpa) agus an Eastern Balsam-poplar (Populus balsamifera) curtha anseo agus ansiúd in Éirinn. Tá Populus trichocarpa ag scaipeadh go fiáin sa mBreatain.[8]
Tagairtí
1. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
2. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
3. Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.
4. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
5. Małachowska, E., et al., Influence of lignin content in cellulose pulp on paper durability. Scientific Reports, 2020. 10(1): p. 19998.
6. Caudullo, G. and D. de Rigo, Populus tremula in Europe: distribution, habitat, usage and threats, in European Atlas of Forest Tree Species, J. San-Miguel-Ayanz, et al., Editors. 2016. p. 138-139.
7. Caudullo, G. and D. De Rigo, Populus alba in Europe: Distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of Forest Tree Species; San-Miguel-Ayanz, J., de Rigo, D., Caudullo, G., Houston Durrant, T., Mauri, A., Eds, 2016: p. 134-135.
8. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.