Na Beathnuanna

Tugtar beathnuanna ar na plandaí atá sa ngéineas Hypericum. Tá 8 speiceas dúchasach in Éirinn agus tá 3 speiceas neamhdhúchasach anseo freisin. Is sceacha agus plandaí luibheacha iad na beathnuanna, agus aithnítear iad mar go mbíonn bláthanna tarraingteacha buí acu go léir. Tá cáil ar lus na Maighdine Muire (Hypericum perforatum) sa luibhliacht ón gcianaimsir, agus úsáidtear é inniu chun dúlagar a bhainistiú. Tugtar luibh Eoin Baiste ar an mbeathnua seo freisin mar gur iondúil go mbíonn siad faoi bhláth Oíche Shin Seáin (23 Meitheamh), an dáta céanna le Féile Naomh Eoin. Bhaintí úsáid as an meas torc allta (Hypericum androsaemum), sceach dhúchasach, mar luibh leighis freisin. Is ón bhFraincis (tout–saine, a chiallaíonn leigheas ar gach rud) a thagann ainm Béarla an phlanda, tutsan, a léiríonn úsáid an phlanda mar chógas leighis.

An Géineas Hypericum
Lus na Maighdine Muire
An Beathnua Gaelach
Na Sceacha na ngéineas Hypericum
Tagairtí

Na Beathnuanna in Éirinn ar sceacha iad