Na Fionnchoill

Cé nach bhfuil aon ainm ar leith do na crainn sa ngéineas Sorbus, mar atá ag, mar shampla, Quercus (na daracha) agus Betula (na beitheanna), is géineas thar a bheith spéisiúil é. Is é an caorthann (Sorbus aucuparia) an crann is coitianta ón ngéineas Sorbus in Éirinn. Is cineálacha fionncholl iad an chuid eile de na crainn ón ngéineas Sorbus atá ag fás in Éirinn. Is crainn mheánmhéide, dhuillsilteacha, le bláthanna móra bána agus caora beaga feolmhara, iad na crainn seo go léir.

an fionncholl gaelach (Sorbus hibernica) ar cheann de dhá chrann nó sceach atá eindéimeach d’Éirinn—níl sé dúchasach in aon áit eile ar domhan. Is é Sorbus scannelliana, nach bhfásann ach ar Oileán an Rois, in aice le Cill Airne, an ceann eile. Níl ach dornán beag de chrainn ón speiceas seo ar domhan, agus tá gach ceann acu ar oileán an Rois. Tá crainn Sorbus eile ag fás in Éirinn—tá an oiread sin ann toisc go bhfuil plandaí sa ngéineas in ann hibridiú go héasca lena chéile.

An Géineas Sorbus
Na Speicis Éagsúla i Sorbus
Tagairtí

Crainn sa ngéineas Sorbus