Ulmaceae

Tá an leamháin (Ulmus spp.), crainn mhóra dhuillsilteacha, sa bhfine Ulmaceae. Bíonn duilleoga fiaclacha agus torthaí sciathánacha ag na crainn seo. Bíonn taobh amháin den duilleog níos ísle ar ghas na duilleoige ná an taobh eile, tréith atá uathúil do na leamháin. Bhíodh luach ard ag adhmad an leamháin, ach tá go leor acu imithe anois mar gheall ar ghalar Dúitseach Leamhán, a rinne scrios orthu sna 1970idí. Tá an leamhán sléibhe (Ulmus glabra) dúchasach in Éirinn.

Ceaptar go bhfuil idir 20 agus 40 speiceas sa ngéineas Ulmus, ach tá sé deacair a bheith cruinn faoi líon na speiceas. Bíonn sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir speicis éagsúla mar go bhfuil difríochtaí moirfeolaíochta idir crainn sa speiceas céanna mar gheall ar chúinsí tíreolaíochta agus timpeallachta. Chun rudaí a dhéanamh níos casta, hibridíonn speicis dhifriúla de leamháin lena chéile go héasca.

Is iondúil go ndéantar trí mhórghrúpa de leamháin—Ulmus laevis (an leamhán bán Eorpach), Ulmus glabra (an leamhán sléibhe), agus Ulmus minor (an leamhán mion). Is é an leamhán sléibhe an t-aon cheann acu ar féidir speiceas, sa míniú traidisiúnta, a thabhairt air. Tá iliomad cineálacha U. minor agus U. laevis ann.
Cé go ndéantar tagairt go minic don leamhán coiteann nó don leamhán gallda (Ulmus procera) mar speiceas ann féin, níl sa gcrann sin ach cineál ar leith den leamhán mion. Go deimhin, is clón é an leamhán gallda a thug na Rómhánaigh go Sasana, agus d’eascair gach crann den chineál sin ó ghearrthóga, a tógadh sa deireadh thiar ón mbunchrann sin, 2,000 bliain ó shin. Cé go dtáirgeann an leamhán gallda pailin, ní bhíonn na síolta inmharthana agus ní féidir leis iomadú.
Cuirtear crainn eile ón bhfine Ulmaceae—go háirithe ón ngéineas Zelkova—mar chrainn ornáideacha in Éirinn. Tá tréithe i gcoiteann acu leis na leamháin, ach níl siad chomh leochaileach do ghalracha.