Scrophulariaceae

Cé go bhfuil roinnt mhaith crann agus sceach sa bhfine Scrophulariaceae, fásann a bhformhór san Afraic agus san Áis. Níl an t-aon sceach ón bhfine seo a fhásann go fiáin in Éirinn, tor an fhéileacáin (Buddleja davidii), dúchasach ach an oiread. Is sceach leathdhuillsilteach é a tháinig ón tSín. Scaip sé go tapa in Éirinn sna 80idí agus 90idí, agus tá sé an-choitianta anois ar fud na hÉireann. Tá luibheanna dúchasacha ón bhfine seo ag fás in Éirinn freisin, na donnlusanna (Scrophularia spp.) agus coinneal Muire (Verbascum thapsus), ina measc.

Tor an fhéileacáin.

Bhí an fhine Scrophulariaceae mór tráth, ach tá go leor géineas a bhí mar chuid di aistrithe amach go Plantaginaceae, bunaithe ar thaighde nua ar mhoirfeolaíocht na bplandaí sin. Ina measc siúd atá aistrithe ó Scrophulariaceae go Plantaginaceae tá na slánlusanna (Plantago spp.), na lusanna cré (Veronica spp.), agus plandaí seadánacha cosúil leis an hocas tae (Odontites vernus), lus an tsagairt (Melampyrum pratense), agus an gliográn (Rhinanthus minor).[1] Ach tá cuid mhaith de na plandaí atá fágtha sa bhfine Scrophulariaceae dúchasach in Éirinn, agus rinne cuid eile acu a mbealach chuig an oileán seo le déanaí. Is plandaí luibheacha iad a bhformhór, le corr-sceach ina measc.

Tá timpeall 100 speiceas sa ngéineas Buddleja, agus fásann siad i gceantair thrópaiceacha, fothrópaiceacha, agus mheasartha ar fud an domhain.[2] Tá an sceach tor an fhéileacáin (Buddleja davidii) fairsing in Éirinn. Glacann sé seilbh tapa ar thalamh tréigthe, agus bíonn an-tóir ag féileacáin ar neachtar na mbláthanna móra corcra, bána, agus líológa. Cuirtear Buddleja alternifolia agus Buddleja globosa, le liathróidí móra oráiste mar bhláthanna air, freisin.[3]

An donnlus uisce.

Tugtar fine na ndonnlusanna ar an bhfine Scrophulariaceae. Is ón ngéineas Scrophularia a fuair an fhine an t-ainm, agus sa ngéineas seo tá an donnlus (Scrophularia nodosa) agus an donnlus uisce (Scrophularia auriculata), plandaí arda, le duilleoga móra, atá coitianta in Éirinn. Baineadh úsáid as na plandaí seo san am atá caite le créachtaí a ghlanadh.[4]

Coinneal Muire.

Is planda an-ard é coinneal Muire (Verbascum thapsus), a shroicheann airde os cionn 2 m uaireanta. Is débhliantóg é: fásann roiséad de dhuilleoga boga clúmhacha sa gcéad bhliain dá shaolré fáis, sula bhfásann an spíce mór ard, le bláthanna móra buí air, sa dara bliain. D’úsáidtí duilleoga an phlanda chun cóireáil a chur ar dhaoine a bhí ag fulaingt le raon mór breoiteachtaí, ina measc casacht (ar Árainn[5]), neascóidí,[4] agus eitinn scamhóige.[5]

Sceacha sa bhfine Scrophulariaceae

Tagairtí

1. Christenhusz, M.J. and J.W. Byng, The number of known plants species in the world and its annual increase. Phytotaxa, 2016. 261(3): p. 201–217-201–217.

2. Moloney, M.F., Irish ethno-botany and the evolution of medicine in Ireland. 1919: MH Gill.

3. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.

4. Tallent, N. and M. Watt, The Invasive Buddleja davidii (Butterfly Bush). The Botanical Review, 2009. 75: p. 292-325.

5. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.