Salicaceae

Is iad na saileacha (Salix spp.) na plandaí dúchasacha is coitianta ón bhfine Salicaceae atá ag fás in Éirinn. Is crainn téisclime iad agus bhí siad ar chuid de na chéad chrainn a tháinig go hÉirinn tar éis na hoighearaoise. Taitníonn spás oscailte le neart solais leo, agus scaipeann siad go héasca. Is iomaí cineál saileach atá ag fás in Éirinn, agus hibridíonn siad lena chéile freisin. Tá na poibleoga (Populus spp.) sa bhfine Saliceaea freisin. Níl in Éirinn ach poibleog amháin dhúchasach—an crann creathach (Populus tremula)—ach cuirtear go leor poibleoga neamhdhúchasacha mar chrainn ornáideacha.

Ord agus Fine na Saileach
Tá tuairim is 1,220 speiceas i 56 géineas sa bhfine Salicaceae,[1] nó fine na saileacha, mar a thugtar uirthi, ach níl ag fás dúchasach in Éirinn ach plandaí ó phéire acu—Salix agus Populus, cé gur crainn thar a bheith coitianta iad na saileacha. Is crainn nó sceacha duillsilteach iad na speicis seo, le duilleoga simplí, a fhásann go hailtéarnach ar an ngéag.
Bhíodh Salicaceae curtha san ord Salicales, ach nuair a chonacthas go bhfuil gaol idir plandaí i Salicaceae agus plandaí amhail na sailchuacha (Viola spp.) agus plandaí eile atá san ord Malpighiales, cuireadh san ord sin gach a raibh i Salicales.
Na Saileacha
Is iomaí cineál planda iad na saileacha (Salix spp.). Tá an tsaileach bhán (Salix alba) in ann 30 m ar airde a bhaint amach, is crainnte beaga nó sceacha móra iad na saileacha liath (Salix cinerea), agus is planda sínte í an tsaileach ghaelach (Salix phylicifolia).
Tá go leor speiceas de shaileacha ag fás in Éirinn—cuid acu dúchasach, cuid acu nádúraithe, agus cuid eile curtha. Tá sé deacair an méid iomlán a mheas, mar go hibridíonn siad lena chéile. Mar gur minic go mbíonn na hibridí seo torthúil, hibridíonn na hibridí lena chéile freisin. Mar gheall ar an hibridiú seo, is deacair na speicis a aithint óna chéile, go háirithe mar go mbíonn cosúlachtaí idir na hibridí agus na tuismitheoirí.

Fásann go leor saileach ar thalamh atá tais, fliuch nó leathbháite. Is crainn bhruachánacha a bhformhór acu, a fhaightear go háirithe ar bhruacha aibhneacha agus cuidíonn a gcuid fréamhacha leis an mbruach a chobhsú. Tugann sé seo deis d’ainmhithe amhail an madra uisce tearmann a fháil sna poill laistigh. Fásann saileacha beaga, sínte ar shléibhte na tíre.
Na Poibleoga
Mar chrainn dhé-éiciacha dhuillsilleacha, agus le caitíní mar bhláthanna, is plandaí comhchosúla iad na poibleoga (Populus spp.) leis na saileacha. Ach tá difríochtaí suntasacha idir na saileacha agus na poibleoga. Ní bhíonn bachlóg mhullaigh ar an tsaileach, agus bíonn ceann ar an bpoibleog. Ní bhíonn ach gainne amháin ar bhachlóga na sailí, bíonn níos mó ná ceann ar bhachlóga dhuille na poibleoige. Bíonn caitíní na sailí ceartingearach ar an ngéag, ach crochann caitíní na poibleoige anuas ón gcraobh. Déanann feithidí na saileacha a phailniú, ach pailnítear na poibleoga le cúnamh ón ngaoth.[2]

Níl dúchasach in Éirinn ach poibleog amháin, an crann creathach (Populus tremula). Fásann an crann creathach in áiteanna le haeráid mheasartha agus i réigiúin bhóireacha. Chuige sin, is é an dara crann is fairsinge ar domhan (an péine Albanach (Pinus sylvestris) an ceann is fairsinge) agus feictear é ó Leithinis na hIbéire soir chomh le Leithinis Kamchatka, agus ó thuaidh chomh fada leis an gCiorcal Artach.[3] Tá an crann creathach fairsing freisin in Éirinn—cé is moite de phortaigh an iarthair agus lár na tíre[4]—ach níl sé líonmhar in Éirinn. Is i Meiriceá Thuaidh atá gaol gairid leis, Populus tremuloides, crann ar an dtugtar aspen i mBéarla freisin.
Plandaí sa bhfine Salicaceae
Tagairtí
1. Christenhusz, M.J. and J.W. Byng, The number of known plants species in the world and its annual increase. Phytotaxa, 2016. 261(3): p. 201–217-201–217.
2. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
3. Caudullo, G. and D. de Rigo, Populus tremula in Europe: distribution, habitat, usage and threats, in European Atlas of Forest Tree Species, J. San-Miguel-Ayanz, et al., Editors. 2016. p. 138-139.
4. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.