Onagraceae

Tugtar fine na saileachán ar an bhfine Onagraceae, mar gur ann atá na saileacháin (Epilobium spp.), plandaí le bláthanna atá coitianta, agus ag éirí níos fairsinge, in Éirinn. Is sa bhfine freisin atá na coinnle oíche (Oenothera) agus an fhuinseagach (Circaea lutetiana), planda atá coitianta i gcoillte na hÉireann. Tá an fhiúise (Fuchsia magellanica) sa bhfine seo freisin. Cé gur ó Mheiriceá Theas a tháinig an sceach seo, tá sí nádúraithe in Éirinn anois.

Is iondúil gur ceithre pheiteal a bhíonn ar bhláthanna na bplandaí sa bhfine Onagraceae. I gcás na fiúise, tá na seipil dhearga chomh suntasach céanna leis na peitil chorcra. Fásann an sceach seo go tapa agus ní chuireann gaoth sáile isteach uirthi. Bíonn na milíní, bláthanna na fiúise, lán le neachtar a mheallann meachain.

Is i suíomhanna sa scáth, go háirithe i gcoillte agus i bhfálta sceach, a fhásann an fhuinseagach (Circaea lutetiana). Is éalaithaigh gairdín iad na coinnle oíche (Oenothera spp.), plandaí arda le bláthanna móra buí.
Is ilbhliantóga iad, le bláthanna suntasacha corcra nó bándearg, iad na saileacháin (Epilobium spp.). Tá cúig nó sé speiceas dúchasach in Éirinn, agus níos mó arís a tugadh isteach. Fásann saileacháin ar thalamh oscailte, cosúil le talamh briste nó ar leataobh an bhóthair, mar go mbíonn solas na gréine uathu.
