Hypericaceae

De réir an taifid is déanaí, tá 6 ghéineas agus 570 speiceas de phlandaí sa bhfine Hypericaceae. Tugtar fine Eoin Baiste uirthi mar gur inti atá an géineas Hypericum, nó géineas na mbeathnuanna. Tá ar a laghad 11 speiceas éagsúla de Hypericum ag fás fiáin in Éirinn, lus na Maighdine Muire (Hypericum perforatum), san áireamh. Tá cáil ar an ilbhliantóg seo sa luibhliacht ón gcianaimsir, agus úsáidtear í inniu chun dúlagar a bhainistiú. Tugtar luibh Eoin Baiste ar an mbeathnua seo freisin mar gur iondúil go mbíonn siad faoi bhláth Oíche Shin Seáin (23 Meitheamh), ar an dáta céanna le Féile Naomh Eoin. Tá sceach amháin a ón ngéineas Hypericum, an meas torc allta (Hypericum androsaemum) dúchasach Éirinn.

Cé is moite díobh siúd sa ngéineas Hypericum, níl aon cheann eile de na speicis ón bhfine Hypericaceae ag fás fiáin in Éirinn.

Tá níos mó eolais faoin ngéineas Hypericum anseo.

Plandaí sa bhfine Hypericaceae