Cupressaceae

Is buaircíneacha iad na plandaí sa bhfine Cupressaceae—crainn shíorghlasa a mbíonn spíonlacha gainneacha mar dhuilleoga orthu. Is é an t-aiteal (Juniperus communis) an t-aon phlanda ón bhfine seo atá dúchasach in Éirinn, ach tá go leor speiceas eile curtha anseo mar chrainn ornáideacha, i bhfálta sceach, nó i bhfáschoillte. Is sa bhfine seo atá na cufróga—cufróg Leyland, nó an leylandii, mar is fearr aithne uirthi, san áireamh. Is sa bhfine seo atá an chrónghiúis (Sequoia sempervirens) agus an mhórghiúis dhúdach (Sequoiadendron giganteum), na crainn is mó ar domhan.

An mhórghiúis dhúdach, i nGarraithe Náisiúnta na Lus.

Tá tréithe éagsúla i gcoiteann ag na crainn sa bhfine Cupressaceae. Bíonn siad síorghlas, le spíonlacha gainneacha mar dhuilleoga. Is iondúil gur crainn mhoinéiciacha iad agus bíonn buaircíní acu mar thorthaí. Bíonn formhór na dtorthaí adhmadach, ach bíonn cinn eile cosúil le caora feolmhara.

Tugtar cufróga (tá cufar agus crann cuphair ag Foclóir Lane[1], agus cupraisc ag Ó Dónaill[2]) ar speicis éagsúla de phlandaí buaircíneacha sa bhfine Cupressaceae, ina n-áirítear cuid de na crainn is mó ar domhan. Is iondúil gur crainn shíorghlasa iad, cé go bhfuil an chufróg mhaol (Taxodium distichum), a fhásann i seascainn oirdheisceart na Stáit Aontaithe, duillsilteach. Faightear ar fud an domhain iad, ach is sa leathsféar thuaidh atá formhór na speiceas.

Fíor-chufróga

Is minic a ndéantar na cufróga a rangú i dhá chatagóir. Is “fíor-chufróga” a thugtar ar na plandaí sin atá sa ngéineas Cupressus. Ar an speiceas is cáiliúla díobh siúd tá an chufróg Iodálach (Cupressus sempervirens), a fhásann ar fud na Meánmhara agus chomh fada soir leis an Iaráin. Is bunchuid de chultúr agus de thraidisiúin na Meánmhara agus an Mheánoirthir é Cupressus sempervirens. Spreag cruth caol, cónach an chrainn seo ealaíontóirí le na céadta bliain agus is íomhá steiréitipiciúil é anois de thírdhreach na Tuscáine san Iodáil. Tá an chufróg Iodálach feiceálach i gcuid de na saothair is cáiliúla a phéinteáil Vincent van Gogh—De sterrennacht, Korenveld met cipressen, agus Cipressen, a phéinteáil sé in 1889, agus a léiríonn cufróga Iodálacha ag fás i ndeisceart na Fraince.

Na Cufróga Bréagacha

Tugtar cufróga bréagacha ar chrainn atá sa ngéineas Chameacyparis. Ina measc siúd tá cuid de na cufróga is coitianta in Éirinn—cufróg Lawson (Chamaecyparis lawsoniana) agus cufróg Leyland (Cupressus x leylandii). Is níos minice a ghlaoitear leylandii ar chufróg Leyland, agus cáil bainte amach ag luas tapa fáis agus duilliúr dlúth an chrainn.

Is hibrid an leylandii idir dhá chufróg—cufróg Nootka (Chamaecyparis nootkatensis) agus cufróg Monterey (Hesperocyparis macrocarpa). Níl ceantar dúchais an dá speiceas seo i Meiriceá Thuaidh gar dá chéile, agus cé gur féidir leo hibridiú má mhalartaíonn siad pailin, ní fhaigheann siad an deis sa bhfiántas.

Cufróg Lawson.

Tá éiginnteacht faoi cár fhás an chéad leylandii. Bhí an dá thuismitheoir ag fás in aice le chéile i Leighton Hall, eastát sa mBreatain Bheag a bhí faoi úinéireacht Christopher Leyland. Bailíodh buaircíní ón gcufróg Nootka in 1888 agus b’iad na crainn a d’fhás astu seo na chéad phlandaí leylandii, agus is uaidh sin a tháinig ainm an chrainn.[3] Ar an lámh eile, maítear gur fhás leylandii i Ros Treabhair, Co. an Dúin in 1870.[4]

Na Céadair

Is crainn bhuaircíneacha freisin iad na céadair agus, mar aon leis na cufróga, tá fíor-chéadair ann agus céadair bhréagacha. Is iondúil go sainmhínítear céadair mar chrainn shíorghlasa le hadhmad cumhra, agus mar gheall ar an sainmhíniú leathan sin tá céadair scaipthe idir ghéinis agus fhinte éagsúla.

Is san ord Pinales, agus sa bhfine Pinaceae—an fhine chéanna ina bhfuil crainn amhail an péine Albanach (Pinus sylvestris)—atá na fíor-chéadair, cosúil le céadar cáiliúil na Liobáine (Cedrus libani). Is léiriú ar thábhacht na gcrann seo don Mheánoirthear go luaitear sa mBíobla gur bhronntanas ó Dhia do mhuintir na Liobáine a bhí sna crainn mhóra seo:

“Tá crainn an Tiarna lán de shúlach; na crainn chéadair a phlandaigh sé sa Liobáin.”

Salm 104:16

Is léiriú freisin ar éileamh na gcrann seo go bhfuil formhór na bhforaoisí céadair bainte anois, agus anuas ar seo tá an líon beag crann atá fágtha faoi léigear ag an athrú aeráide.[5] Aithníodh tábhacht na gcrann seo nuair a áireodh Céadair an Tiarna, foraois ársa chéadair na Liobáine atá suite i dtuaisceart na tíre sin, mar cheann de Láithreáin Oidhreachta Domhanda de chuid an UNESCO in 1998.

Céadair na Liobáine, i nGarraithe Náisiúnta na Lus.

Cé go bhfuil tóir ar chéadair na Liobáine mar chrainn ornáideacha i ndeisceart na Breataine, ní léir go bhfuil na céadair seo curtha go forleathan in Éirinn, seans mar go bhfuil coinníollacha níos tirime ag teastáil uathu ná crainn shíorghlasa eile. Tugadh isteach sa mBreatain iad in 1638, ach ní raibh an t-éileamh céanna orthu le linn réimeas bhanríon Victoria. Tá go leor de na crainn a cuireadh go luath sa 19ú haois ag fáil bháis. Is in oirthuaisceart na hÉireann atá an líon is mó de na crainn seo le fáil ar an oileán seo.[6]

Na Céadair Bhréagacha

Is sa bhfine Cupressaceae atá na céadair bhréagacha, ina measc an céadar crón iartharach (Thuja plicata), crann atá réasúnta fairsing in Éirinn. Tugtar céadair bhréagacha orthu mar nach bhfuil na crainn seo sa ngéineas Cedrus, ach tá tréithe i gcoitinn acu leis na fíor-chéadair. Bíonn duilleoga beaga gainneacha acu a luíonn anuas ar a chéile ar nós slinnte adhmaid, bíonn buaircíní comhchosúla acu, agus bíonn adhmad cumhra acu.

An céadar crón iartharach, sa lár, i gCúirt an Phaoraigh.

Is ruaigtheach nádúrtha do leamhain é adhmad cumhra an chéadair, agus is as a dhéantar cófraí éadaigh dá thoradh seo. Déantar ola céadair, a úsáidtear i dtionscail na cumhradóireachta agus mar lotnaidicíd, as na crainn seo freisin. Is iad na céadair bhréagacha is mó a úsáidtear chun ola céadair a ghiniúint toisc go bhfuil na fíorchéadair i mbaol.

Ollchrainn

Tá dhá speiceas de na crainn is mó ar domhan, an dá cheann acu sa bhfine Cupressaceae, ag fás in Éirinn. Is ó chósta thuaidh-thiar Mheiriceá Thuaidh a thagann an chrónghiúis (Sequoia sempervirens), agus feileann aeráid thais na hÉireann don chrann seo. Is crann den speiceas seo an ceann is airde ar an domhan (115.9 m).

Is mórghiúis dhúdach (Sequoiadendron giganteum) an crann is mó toirte (1,487 m3) ar domhan. Mar aon leis an gcrónghiúis, is ó iarthar Mheiriceá Thuaidh a thagann na mórghiúiseanna dúdacha. Fásann siad in Éirinn, cé nach mbaineann siad amach an airde céanna in Éirinn agus a bhíonn acu ina gceantar dúchais. Tá ceann i gContae Phort Láirge atá 56 m ar airde.

Buaircíneacha Dúchasacha

Tá crann dúchasach Éireannach amháin sa bhfine Cupressaceae—an t-aiteal (Juniper communis)—crann atá fairsing in Éirinn. Tháinig an t-aiteal go hÉirinn go luath tar éis na hoighearaoise deireanaí, timpeall 15,000 bliain ó shin.[7] Is i dtorthaí an chrainn atá an difríocht is mó atá idir an t-aiteal agus na céadair agus na cufróga le feiceáil. Is cosúil le caora beaga dearga atá na torthaí seo, i gcomparáid leis na buaircíní crua adhmadacha a bhíonn ar na crainn eile sa bhfine chéanna.

An t-aiteal.

Tá buaircíneach eile in Éirinn, an t-iúr (Taxus baccata). Tá tréithe i gcoitinn ag an iúr leis an aiteal—tá sé síorghlas, bíonn duilleoga spíonlacha air agus is buaircíní feolmhara iad torthaí an chrainn. Ní comhtharlú é seo—cé gur sa bhfine Taxaceae atá an t-iúr, tá an fhine sin agus Cupressaceae san ord Cupressales, agus tá gaol i bhfad amach ag an dá chrann lena chéile.

An t-iúr Éireannach. Bíonn siad curtha i reiligí go minic.

Plandaí sa bhfine Cupressaceae

Tagairtí

1. Lane, T.O.N., Lane’s English-Irish Dictionary…: Compiled from the Most Authentic Sources. 1904: D. Nutt.

2. Ó Dónaill, N. and T. De Bhaldraithe, Foclóir Gaeilge-Béarla. 1992: An Gúm.

3. Adams, R.P., K. Rushforth, and S.N. Trimble, The origins of Leyland’s cypresses (x Cupressocyparis leylandii) based on DNA data. Phytologia, 2006. 88(1): p. 1-16.

4. Savill, P.S., The silviculture of trees used in British forestry. 2019: CABI.

5. Sattout, E.J. and N. Nemer, Managing climate change effects on relic forest ecosystems: A program for Lebanese Cedar. Biodiversity, 2008. 9(3-4): p. 122-130.

6. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

7. Pilcher, J.R. and V.A. Hall, Flora hibernica. 2004: Collins Press.