Betulaceae

Is sa bhfine Betulaceae atá cuid de na speicis dhúchasacha is coitianta, agus is fairsinge in Éirinn—an coll (Corylus avellana), an fhearnóg (Alnus glutinosa), agus na beitheanna (Betula spp.). Is iondúil gur sa leathsféar thuaidh, i gceantair le haeráid mheasartha, a fhásann crainn sa bhfine seo, cé go bhfuil roinnt speiceas tar éis a mbealach a dhéanamh síos go dtí na hAindéis i Meiriceá Theas.

Meascán d’fhearnóga agus beitheanna clúmhacha ag fás i gConamara in Eanáir.

Is crainn mhoinéiciacha, dhuillsilteacha iad na plandaí atá sa bhfine seo. Bíonn tréithe i gcoiteann acu—bíonn na duilleoga simplí, fásann siad go hailtéarnach ar an ngas, agus bíonn imill na nduilleog fiaclach (agus go minic défhiaclach). Is caitíní a bhíonn ag na crainn seo mar bhláthanna, agus is minic go dtagann siad amach go luath sa mbliain, sula dtagann duilleoga ar na géaga. Is í an ghaoth an príomhbhealach a bpailnítear na bláthanna. Is síol beag sciathánach, ar a dtugtar samár, a bhíonn mar thoradh ar na beitheanna. Is cnónna iad na torthaí a bhíonn ag an gcrann coill.

Is iondúil go ndéantar dhá fhofhine de Betulaceae—Betuloideae agus Coryloideae (ar fhinte iontu féin iad go dtí le gairid). Is sa bhfofhine Betuloideae atá na beitheanna agus na fearnóga. Tá dhá bheith dhúchasach in Éirinn—an bheith gheal (Betula pendula) agus an bheith chlúmhach (Betula pubescens). Tá an fhearnóg choiteann dúchasach in Éirinn freisin, agus tá dhá fhearnóg neamhdhúchasach—an fhearnóg Iodálach (Alnus cordata) agus an fhearnóg liath (Alnus incana)—ag scaipeadh go fiáin in Éirinn chomh maith.

An bheith chlúmhach.
An coll.
An fhearnóg

Is sa bhfhofhine Coryloideae atá an coll— crann a bhfuil stair fhada agus traidisiún mór leis in Éirinn. Bíonn tóir ag daoine agus ag ainmhithe ar chnónna an chrainn seo, agus bhí úsáid mhór á baint as adhmad an chrainn coill i gceird na caoladóireachta san am atá caite. Cé go bhfásann sé go minic sa sraith mheánach i gcoillte in éineacht le crainn mhóra, cosúil leis an dair (Quercus spp.) agus an fhuinseog (Fraxinus excelsior), tá coillearnaigh freisin ar aolchloch na tíre—go háirithe sa mBoireann i gContae an Chláir — nach bhfuil ag fás iontu ach crainn choill.

Caitín na beithe.
Caitín an choill.
Caitín na fearnóige.

Is sa bhfofhine Coryloideae freisin atá an crann sleamhain (Carpinus betulus). Tugadh an crann seo isteach go hÉirinn, ach tá sé fairsing anois. Is minic a chuirtear é mar chrann ornáideach agus mar fhál sceach. Tá cuma cosúil leis an bhfeá (Fagus sylvatica) ar an gcrann sleamhain agus, cosúil leis an bhfeá freisin, coinníonn sé na duilleoga feoite sa ngeimhreadh.

Plandaí sa bhfine Betulaceae