Aquifoliaceae

Is sa bhfine Aquifoliaceae atá na crainn chuilinn, an cuileann dúchasach (Ilex aquifolium) san áireamh. Is crainn nó sceacha síorghlasa iad na plandaí seo, le duilleoga deilgneacha. Is plandaí dé-éiciacha iad—bíonn plandaí fireanna agus baineanna ann. Ní bhíonn na torthaí, caora beaga dearga, ach ar chrainn bhaineanna.

Cé go raibh ceithre ghéineas sa bhfine Aquifoliaceae tráth, níl ann anois ach géineas amháin, Ilex, géineas na gcuileann. Tá beagnach 600 speiceas sa ngéineas Ilex, agus is crainn nó sceacha dé-éiciacha, iad an chuid is mó acu.[1] Is sna Trópaicí atá a bhformhór ag fás—tá 300 speiceas ag fás i dtrópaicí Mheiriceá agus 250 speiceas san Áise Thoir Theas.
Níl san Eoraip ach cineál amháin, Ilex aquifolium, an crann cuilinn (cé go bhfuil speicis eile ag fás ar na hOileáin Chanáracha). Is léiriú é seo ar an laghad bithéagsúlachta atá sna ceantair le haeráid mheasartha i gcomparáid leis na ceantair sin atá níos gaire do mheánlíne an domhain.
Is crainn nó sceacha dé-éiciacha iad na plandaí sa bhfine seo, a bhíonn go hiondúil mall ag fás. Fásann siad go 4,000 m sna hAindéis agus sna Himiléithe, ach ní fhaightear iad i gceantair thirime.[2] Bíonn duilleoga lonracha deilgneacha acu (is ón bhfocal aquifolium, a chiallaíonn duilleoga deilgneacha, a fuair an fine an t-ainm). Is drúip—síolta a bhíonn clúdaithe le clúdach crua, a bhíonn timpeallaithe ag clúdach feolmhar—iad na torthaí beaga.
Níl gach cuileann síorghlas. Is crainn dhuillsilteacha iad Ilex decidua (possumhaw) agus Ilex verticillata (winterberry) a fhásann i Mheiriceá Thuaidh. Bíonn caora dearga na gcrann seo níos suntasaí ar an ngéag mar go gcailleann siad na duilleoga sa ngeimhreadh.
Fásann an cuileann Meiriceánach (Ilex opaca) i Meiriceá Thuaidh freisin. Tá an-éileamh ar an bplanda mar chrann ornáide (tá os cionn 100 saothróg de ann) agus mar mhaisiúcháin Nollag. Úsáidtear an t-adhmad i gcaibinéadacht agus, nuair a chuirtear dath dubh air, úsáidtear in ionad éabainn é. Tá caiféin sa gcuileann Ilex paraguariensis, a fhásann i Meiriceá Theas, agus is as duilleoga an chrainn seo a dhéantar an deoch yerba maté.
Tugadh an t-ainm Ilex do ghéineas na gcuileann mar gheall ar na cosúlachtaí idir an cuileann agus an dair thoilm (Quercus ilex), crann a dtugtar ilex ar sa Laidin. Bíonn duilleoga deilgneacha ar an gcineál dair seo, a thagann ó cheantar na Meánmhara ach a chuirtear go fairsing in Éirinn. Is ionann holm agus holly i mBéarla, agus tá Holm Oak agus Holly Oak ar an dair thoilm i mBéarla.
Plandaí sa bhfine Aquifoliaceae
Tagairtí
1. Manen, J.-F., et al., The history of extant Ilex species (Aquifoliaceae): Evidence of hybridization within a Miocene radiation. Molecular Phylogenetics and Evolution, 2010. 57(3): p. 961-977.
2. Loizeau, P.-A., et al., Towards an understanding of the distribution of Ilex L.(Aquifoliaceae) on a world-wide scale. Biol. Skr, 2005. 55: p. 501-520.