Faoin Suíomh

Déantar iarracht sa suíomh seo léargas domhain a thabhairt ar na crainn agus ar na sceacha atá in Éirinn.

Tá leathanach ag gach speiceas, a bhfuil cur síos ann ar chuma an phlanda, chomh maith le codanna éagsúla den phlanda: an choirt, na duilleoga, na bláthanna, agus na torthaí.

Tugtar blaiseadh freisin de stair an phlanda, d’úsáid an phlanda sa tsochaí, agus de sheanchas a bhaineann leis an bplanda in Éirinn.

Plandaí Neamhdhúchasacha

Tá plandaí neamhdhúchasacha le fáil ar an suíomh seo freisin. Áiríodh aon phlanda nó sceach atá ag fás go fiáin in Éirinn, agus tá go leor plandaí neamhdhúchasacha ina measc. Tá cuid acu siúd, cosúil leis an seiceamóir, an fheá, agus an fhiúise, nádúraithe anseo le fada.

An fheá – crann neamhdhúchasach.

Tá crainn atá curtha ag daoine le feiceáil ar an suíomh seo freisin. Bhí nós ag lucht na dtithe móra crainn andúchasacha a chur in Éirinn sa 19ú haois. Tá cuid acu siúd, cosúil leis an gcrónghiúis agus an mhórghiúis dhúdach, san an-mhéid anois, agus iad fós ag fás.

na cufróga, na céadair, agus go leor speiceas neamhdhúchasacha eile atá curtha in eastáit, i bpáirceanna, agus timpeall ar shean tithe ar fud na tíre, anois mar chuid de thírdhreach an oileáin.

An sprús Sitceach, crann eile neamhdhúchasach atá coitianta in Éirinn.

Easnaimh

Cé gur rinneadh iarracht gach crann agus sceach dhúchasach in Éirinn a áireamh ar an suíomh seo, níl siad go léir ann.

Mar shampla, tá an tsaileach ghaelach (Salix phylicifolia), sceach shínte nach bhfásann ach ar Bhinn Ghulbain i gContae Shligigh, in easnamh, mar atá an mhonóg (Vaccinium oxycoccos), sceach bheag le torthaí inite.

Táthar ag súil leis na bearnaí seo a líonadh gan mhoill.