Rhamnaceae

Is crainn agus sceacha, den chuid is mó, iad na plandaí sa bhfine Rhamnaceae. Fásann siad ar fud an domhain, cé nach bhfuil dúchasach in Éirinn ach an paide bréan (Rhamnus cathartica) agus an draighean fearna (Frangula alnus). Is dhá chrann bheaga iad seo atá cosúil lena chéile—bíonn duilleoga ubhacha, bláthanna buíghlasa, agus caora beaga dubha orthu. Tá cáil ar na crainn seo, an draighean fearna ach go háirithe, mar gheall ar chaighdeáin an fhioghuail a dhéantaí as a n-adhmad. Dhéantaí púdar gunna as an bhfioghual seo. Dhéantaí ruaim bhuí agus ghlas as adhmad na gcrann seo freisin.

Crainn sa bhfine Rhamnaceae