Platanaceae

Tá na plánaí—crainn arda, dhuillsilteacha—sa bhfine Platanaceae. Bíonn duilleoga bosacha acu a bhíonn cosúil le duilleoga na mailpeanna, mar shampla an seiceamóir (Acer pseudoplatanus), cé nach bhfuil gaol gairid acu lena chéile. Go deimhin, tugtar seiceamóir ar na plánaí dúchasacha i Meiriceá Thuaidh. Is hibrid idir an plána oirthearach agus an seiceamóir Meiriceánach é plána Londan (Platanus x ⁠hispanica), ceann de na plánaí is coitianta sa domhan. Cuirtear plána Londan i gceantair uirbeacha mar go bhfuil sé in ann truailliú a sheasamh.

Plána London, crann cathrach.

Níl sa bhfine Platanaceae ach géineas amháin, Platanus, le hocht speiceas ann.[1] Is sa ngéineas seo atá na plánaí, crainn arda, dhuillsilteacha a fhásann i gceantair fhothrópaiceacha agus i gceantair le haeráid mheasartha sa leathsféar thuaidh.

Fásann an plána oirthearach (Platanus orientalis) sa nGréig agus sa Mheánoirthear. Cuireadh an crann seo sa tseanaois le scáth a thabhairt do dhaoine ón ngrian. Tá cáil mhór ar phlána oirthearach ar leith, Crann Hippocrates, atá ag fás ar oileán Kos na Gréige. De réir an tseanchais, is faoin gcrann seo a mhúin Hippocrates (athair an leighis, mar a thugtar air) a chuid scoláirí leighis.[2]

Is i Stáit Aontaithe Mheiriceá a fhásann an seiceamóir Meiriceánach (Platanus occidentalis). Tugann Meiriceánaigh seiceamóir (nó ‘buttonwoods’) ar na plánaí, ach ní thugann na hÉireannaigh seiceamóir ach ar an gcrann Acer pseudoplatanus, atá i ngéineas na mailpeanna. Faigheann an crann sin an t-ainm pseudoplatanus (“plána bréagach”) mar go bhfuil duilleoga agus coirt an chrainn cosúil leo siúd atá ag na plánaí. Le rudaí a dhéanamh níos casta fós, tá seiceamóir luaite sa mBíobla freisin (Dúirt Amós le hAmaiziá á fhreagairt: “Ní fáidh mé ná mac fáidh, ach aoire agus coimeádaí seiceamar”) ach is crann fige atá i gceist ansin.[3]

Cosúil leis an bplána oirthearach, cuireadh an seiceamóir Meiriceánach go forleathan sa tír sin chun scáth a thabhairt. Ach mar go bhfuil an crann sin leochaileach d’ionraí ó fhungais, tosaíodh ag cur plána Londan (Platanus x hispanica), hibrid idir an plána oirthearach agus an seiceamóir Meiriceánach, ina áit.[4] Tá plána London curtha ag fás anois i gcathracha ar fud an domhain.

Plandaí sa bhfine Platanaceae

Tagairtí

1. Christenhusz, M.J. and J.W. Byng, The number of known plants species in the world and its annual increase. Phytotaxa, 2016. 261(3): p. 201–217-201–217.

2. Major, R.H., Hippocrates and the Island of Cos. The Yale Journal of Biology and Medicine, 1941. 14(1): p. 1.

3. Tudge, C., The secret life of trees: How they live and why they matter. 2006: Penguin UK.

4. Roman, L.A. and T.S. Eisenman, Drivers of street tree species selection: The case of London planetrees in Philadelphia, in The politics of street trees. 2022, Routledge. p. 83-96.