Oleaceae

Is crainn agus sceacha, de chuid is mo, iad na plandaí atá sa bhfine Oleaceae, cé nach bhfuil mórán acu dúchasach in Éirinn. Is sa bhfine Oleaceae atá an fhuinseog (Fraxinus excelsior). Tá an fhuinseog ar cheann de na crainn is coitianta in Éirinn, ach tá sí i mbaol díothaithe anois ag an bhfungas Hymenoscyphus fraxineus, atá tar éis sléacht a dhéanamh ar chrainn na Mór-roinne agus in Éirinn. Is sa bhfine seo freisin atá an pribhéad (Ligustrum vulgare).—sceach dhuillsilteach dhúchasach.

Fuinseog
An fhuinseog ag fás i reilig i gContae an Chláir.

Tá timpeall 50 speiceas sa ngéineas Fraxinus, scaipthe ar fud an leathsféir thuaidh, agus is crainn dhuillsilteacha formhór acu. Ceaptar gur ón nGréigis a tháinig an focal Fraxinus—tugtar phrasso ar an bhfuinseog i nGréigis, focal a chiallaíonn ráille nó sconsa a thugann cosaint (dhéantaí sleánna as fuinseoga sa gcianaimsir).[1]

Is sceach dhuillsilteach atá sa líológ (Syringa vulgaris), éalaitheach gairdín neamhdhúchasach atá forleathan in Éirinn anois.[2] Dath bán nó líológ a bhíonn ar bhláthanna pirimidiúla an phlanda. Ní minic a shíolraínn sé, ach cuireann an planda meatháin aníos óna chuid fréamhacha faoi thalamh agus is mar seo a scaipeann sé.[2] Is ón nGréigis syrinx (tiúb) a thagann syringa, mar go bhfuil na géaga toll – cosúil leis an trom (Sambucus nigra). Is planda ornáideach an-choitianta é an líológ i ngairdíní agus i bpáirceanna, mar gheall ar an mboladh milis atá ag na bláthanna mealltacha. Tagann siad amach go luath sa samhradh, sula mbíonn plandaí coitianta eile an ghairdín faoi bhláth.

Spideog sa bpribhéad.

an pribhéid (Ligustrum vulgare) sa bhfine seo freisin. Is planda sceachach é seo a d’úsáidtí go fairsing in Éirinn mar fhál do ghairdíní bruachbhailteacha. Is mó plandaí pribhéid den chineál Calafoirniach (Ligustrum ovalifolium) a dhíolann plandlanna anois, in áit an speicis dhúchasaigh.

Is ó ghéineas na n-ológa, Olea, a fuair an fhine an t-ainm. Is é an t-ológ Eorpach (Olea europaea), planda Meánmhara, an ceann is tábhachtaí acu seo don chine daonna. Is uaidh seo a fhaigheann muid ológa agus ola ológa. Is sa bhfine seo freisin atá seasmainí (Jasminum spp.), sceacha a fhásann i gceantair the san Eoraip, san Áis, san Afraic, agus san Aigéine. Tá cáil ar an seasmain mar gheall ar na bláthanna cumhra a bhíonn uirthi agus is planda tábhachtach i dtionscail na cumhradóireachta í.

Plandaí sa bhfine Oleaceae

Tagairtí

1. Carvalho, A.M. and J. Castro, Cultural aspects of the trees in selected European countries. VALBRO-COST E42: Valuable Broadleaved Trees in Europe, 2008.

2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.