Fagaceae

Is sa bhfine Fagaceae atá cuid de na crainn is mó in Éirinn—na daracha (Quercus spp.) agus an fheá (Fagus sylvatica) ina measc. Is crainn mhóra, arda, craobhacha iad na daracha a raibh an-luach leo san am atá caite. Cé nach bhfuil an fheá dúchasach, tá sí ag scaipeadh ar fud na tíre. Tá an castán (Castanea sativa), crann neamhdhúchasach eile, sa bhfine seo freisin. Tá cáil ar an gcrann mór duillsilteach seo mar gheall ar na cnónna inite a sholáthraíonn sé sa bhfómhar.

Cé nach fine mhór í Fagaceae i gcomparáid le finte eile—tá 8 ghéineas agus beagán os cionn 900 speiceas ann[1]—is sa bhfine seo atá cuid de na crainn dhuillsilteacha is mó ar domhan. Go deimhin, is crainn dhuillsilteacha iad formhór na bplandaí sa bhfine seo.
Léiríonn aicmiú fíliginiteach na fine seo go bhfuil trí threibh sa bhfine. Is i Quercoideae atá géinis na gcrann darach (Quercus spp.) agus na gcastán (Castanea spp.). Is crainn agus sceacha shíorghlasa atá dúchasacha don Áis atá sna géinis Castanopsis agus Trigonobalanus. Tugtar stone oaks ar chrainn sa ghéineas Lithocarpus, a fhásann san Áise Thoir Theas, mar go mbíonn na síolta timpeallaithe ag clúdach crua.
Fásann na crainn dhuillsilteacha atá sa ngéineas Notholithocarpus in iarthar Mheiriceá. Bhaintí úsáid as na crainn seo i dtionscal na súdaireachta, mar go mbíonn go leor tainnine i gcoirt na gcrann seo, go dtí gur tháinig laghdú suntasach ar líon na gcrann. Is in iarthar Mheiriceá Thuaidh a fhásann sceacha agus crainn sa ngéineas Chrysolepis. Is plandaí síorghlasa iad le torthaí spíonacha.

Níl sa bhfofhine Fagoideae ach géineas amháin, Fagus, ina bhfuil an fheá (Fagus sylvatica). Is crainn mhoinéiciacha iad na feánna. Is sa leathsféar theas—san Astráil, sa Nua-Shéalainn, agus i Meiriceá Theas—atá na feánna deiscirte (Southern Beeches), na crainn atá sa ngéineas Nothofagus. Uaireanta, cuirtear iad i bhfine leo féin, Nothofagaceae, mar nach bhfuil gaol gar acu leis na crainn eile. Fástar roinnt speiceas den ghéineas seo i ngairdíní, i bpáirceanna agus in eastáit in Éirinn, go háirithe Nothofagus alpina agus Nothofagus obliqua.[2]

Crainn sa bhfine Fagaceae
Tagairtí
1. Christenhusz, M.J. and J.W. Byng, The number of known plants species in the world and its annual increase. Phytotaxa, 2016. 261(3): p. 201–217-201–217.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.