Ericaceae

Is sa bhfine Ericaceae atá plandaí atá compordach ag fás i gcréafóg aigéadach phortaigh na hÉireann. Tá crann amháin sa bhfine seo atá dúchasach in Éirinn—an chaithne (Arbutus unedo). Is planda Lúsatánach é, agus ceann de fhíorbheagán plandaí atá dúchasach in Éirinn ach nach bhfuil sa mBreatain. Tá an fhraochóg (Vaccinium myrtillus), sceach bheag a tháirgeann torthaí beaga inite, agus an róslabhras (Rhododendron ponticum), sceach ionrach neamhdhúchasach, sa bhfine seo freisin. Is in Ericaceae atá na cineálacha éagsúla fraoigh freisin.

Gnáthóga Aigéadacha
Is in iarthar na tíre atá formhór na bplandaí sa bhfine Ericaceae le feiceáil, mar gheall ar gur ar thalamh aigéadach is fearr a fhásann siad. I measc na bplandaí seo tá lus na stalóg (Arctostaphylos uva-ursi), nó lusra na geire-boirnigh.[1] ilbhliantóg adhmadach a fhásann in iarthar agus in iarthuaisceart na tíre.[2] Tá gaol gar lus na stalóg seo leis an gcaithne, mar is léir ó na bláthanna comhchosúla atá ar an dá phlanda.

Tá an fhraochóg (Vaccinium myrtillus) coitianta ar chriathrach oscailte an iarthair, ach fásann sé i sraith na talún i sean-choillte darach freisin. Is sa bhfine Ericaceae freisin atá an géineas Rhododendron, géineas mór le os cionn 600 speiceas.[3] Tá ceann amháin acu, an róslabhras (Rhododendron ponticum), ionrach agus tar éis greim a fháil ar stráicí móra d’iarthar na hÉireann. Is iad na bláthanna móra corcra a thagann a mheall daoine chun é a chur ina gcuid gairdíní, ach tá scéimeanna ar bun go náisiúnta anois chun iarracht a dhéanamh an sceach seo a dhíothú.
Fraoch
Is ón ngéineas Erica a thagann an t-ainm Ericaceae. Is sa ngéineas seo atá cineálacha fraoch amhail an fraoch cloigíneach (Erica cinerea) agus an fraoch naosctha (Erica tetralix). Ní fhásann an fraoch camógach (Erica erigena), fraoch a bhláthaíonn sa ngeimhreadh, ach in iarthar Mhaigh Eo agus Gaillimh. Ceapadh le fada gur planda dúchasach a bhí ann, ach maítear anois gur tháinig sé isteach go hÉirinn sa 15ú haois.[4]

Is planda uathúil freisin é fraoch na haon choise (Daboecia cantabrica), planda Lúsatánach eile nach bhfásann in Éirinn ach in iarthar na Gaillimhe agus iarthar Mhaigh Eo, agus nach bhfásann fiáin sa mBreatain ar chor ar bith. Tá an-éileamh ar fhraoch na haon choise agus ar an bhfraoch camógach i bplandlanna agus in ionaid gharraíodóireachta ar fud an domhain. Ní sa ngéineas Erica atá ceann de na cineálacha fraoch is coitianta in Éirinn, an fraoch mór (Calluna vulgaris). Tugann an fraoch seo clúdach d’éin amhail an chearc fhraoigh agus an fhuiseog. Baintear úsáid as na géaga adhmadacha i gcaoladóireacht.
Plandaí sa bhfine Ericaceae
Tagairtí
1. Cameron, J., The Gaelic Names of Plants: (Scottish, Irish and Manx). 1883, Dún Éireann, Londain: William Blackwood and Sons.
2. Hanrahan, S.A. and M.S. Skeffington, Arctostaphylos heath community ecology in the Burren, Western Ireland. Ecological Questions, 2015. 21: p. 9-12.
3. Cross, J.R., Rhododendron Ponticum L. Journal of Ecology, 1975. 63(1): p. 345-364.
4. Foss, P.J. and G.J. Doyle, The history of Erica erigena R. Ross, an Irish plant with a disjunct European distribution. Journal of Quaternary Science, 1990. 5(1): p. 1-16.