Giúsach Phortaigh

Tugtar giúsach nó dair phortaigh ar adhmad na gcrann a shlog an portach nuair a thosaigh sé ag leathnú amach timpeall 4,500 bliain ó shin. Ba chrainn phéine Albanacha (Pinus sylvestris) bhformhór acu, ach bhí an dair ghaelach (Quercus petraea) agus an t-iúr (Taxus baccata) ina measc freisin. Bhí an t-ábhar seo chomh tábhachtach le móin mar bhreosla fadó, agus d’úsáidtí freisin mar ábhar tógála é, go háirithe i gceantair san iarthar nach raibh mórán crann ag fás. Dhéantaí rópaí as an ngiúsach, agus ba fhoinse solais a bhí sna geatairí giúise sna hoícheanta dorcha.
Giúmhas Dhubh

Balor Beimeann, rí a bhí ‘na chomhnuí i gceann de na h-oileáin. Le bitheamhnas a ghnothuigh sé an ríocht, agus b’é a bhíodh ag tógáil an áird-chíosa. Ar deireadh d’eitigh na daoine cíos thabhairt dó feasta. Chuir se cuntas go dtí iad go lasfadh sé iad mur n-íocadh siad an cíos. Nuair nár íoc siad tháinig sé féin ‘na n-aghaidh. Bhí súil amháin aige n-a chlár éadain: súil nimhe teineadh a bhí innti. Bhíodh seacht mbrat ar an tsúil seo i gcomhnuí, agus bhí na brait ag coinneáil na súile fuar agus ‘chuile shórt eile fuar chomh maith.
Bhain Balor na brait de’n tsúil i ndiaidh a chéile. An chéad bhrat thoisigh an raithneach ag críonadh; an dara brat thoisigh an féar ag éirghe ruadh; an tríomhadh brat thoisigh an t-ádhmad agus na coillte ag téidheadh; an ceathramhadh brat bhí teas agus deatach ag teacht as an adhmaid agus as na crainn; an cúigeadh brat bhí chuile shórt ag éirghe dearg…An seachtmhadh ceann lasadh iad, agus bhí an tír uilig frí thine, agus níor stopadh an teine gur shroich sí Caiseal Acla. Sin agaibh anois an fáth a bhfuil giumhas dhubh agus dair dhubh le fáil is gach uile phortach ar fud na tíre.[1]
Leathnú an Phortaigh
Thosaigh portaigh na hÉireann ag forbairt go gairid tar éis na hoighearaoise deireanaí. Thapaigh an próiseas seo nuair a gearradh na foraoisí agus, ag an am céanna, nuair a d’éirigh an aeráid níos fliche. Ach nuair a d’éirigh an aeráid níos tirime arís timpeall 4,500 bliain ó shin, scaip crainn—crainn phéine Albanacha (Pinus sylvestris) a bhformhór acu, ach bhí speicis eile freisin ann—isteach ar an talamh portaigh.
D’iompaigh an aeráid níos fliche arís go tobann agus theip ar na crainn. Mar nach raibh an t-adhmad in ann lobhadh gan ocsaigin, caomhnaíodh na crainn sin, mar shraith adhmaid faoin mhóin. Is nuair a thosaigh daoine ag baint móna arís le dó a nochtaíodh an giúsach phortaigh seo—mar a thugtar air.
Úsáid na Giúsaí Portaí
Cé gur péine Albanach é an t-adhmad portaigh seo go minic, bhí iúir (Taxus baccata) agus daracha (Quercus petraea) freisin ann.[2] Thugtaí dair dhubh agus giúis nó giúsach dhubh ar an adhmad a bhí sa bportach freisin.
“Bhíodh miasa beaga maide de’n dair dhubh ag na mná leis an uachtar a bhaint de’n bhiainne. Aon phíosa amháin a bhí ionntab, piosa tanaidhe.”[3]
Bhí an t-ábhar seo chomh tábhachtach le móin mar bhreosla i gceantair éagsúla in Éirinn. Cé nach mórán móna a bhí ar an Trá Bháin, i gCeantar na nOileán i gContae na Gaillimhe, bhí giúsach ann le dó:
“Ní bhíonn mórán móna le dóghadh ag na daoine agus sé an rud is mó a dhógann siad giúsach.”
Bailiúchán na Scol, Im. 0070, Lth. 377
Gan adhmaid úr freisin—is beag crann a bhí ag fás in Éirinn, go háirithe ar chósta an iarthair, sa 17ú aois—baineadh úsáid as giúsach phortaigh ní amháin mar bhreosla, ach mar ábhar tógála freisin:[4]
“Giús ó phortach bhíodh mar ádmadh aca ar díon an tighe bhí poll ina barr leis an deatach a leigint amach.”
Bailiúchán na Scol, Im. 0129, Lth. 259
Luaitear, i dtuairisc ó Chontae Thír Eoghain in 1802, gurb í an deacracht is mó a bhain le teach a thógáil sa gceantar sin ná an ghiúis phortaigh don díon a aimsiú. Luadh go raibh na coillte a chur adhmad ar fáil gearrtha faoin am sin, agus go rabhthar anois ag brath ar na portaigh chun adhmad a sholáthar.
Dhéantaí troscán as giúis phortaigh freisin—ní amháin troscán simplí, garbh do theaghlaigh bochta, ach troscán ar ard-chaighdeán freisin.[4] Dhéantaí gnáth-ábhar tí as giúsach freisin, go háirithe cuinneoga agus rudaí eile mar iad:
“Tá cuinneóg againn sa mbaile agus tá sí bordáil’s trí troigh ar oirde. Cuinneóg í a bhfuil loithne fhada aiste a bhíonns muid dhó noibrigheadh síos agus suas. Giúsach an tainm atá ar an ádhmad atá innte. Baineadh é i bportach Chornamónadh trí sgór bliadhain ó shoin.”
Bailiúchán na Scol, Im. 0076, Lth. 349
Ba léir go raibh údar ar leith le hábhar tí a dhéanamh as giúsach:
“Ní teach geanamhail a bhí ann mura mbeadh…coinneóg ghiúsaighe, canna giúsaighe, agus tobán giúsaighe leis an uachtar a chur ar suidheachán ann. Ní fhágann giúsach blas ádhmuid ar an mbainne ná ar an im.”[5]
Dhéantaí rópaí de ghiúis phortaigh freisin:
“Fadó sé an t-ainm do bhí ar na rópanna do bhíodh ag daoine ná “Gad-rópanna”. Bhí siad déanta de ghiumhais. Ar dtús cuireadh an ghiumhais san uisge ar feadh lae. Annsin tógadh aníos é agus bhéadh sé bog agus bhíodh siad i ndon é a thógáil amach i dtéada. Cuireadh go leór aca le chéile le beart amháin a dhéanamh agus cuireadh trí de na beartanna sin le chéile. Déanadh iad cosmhail le dlaoi. Nuair bhí sé déanta ba dheacair é a bhriseadh.”
Bailiúchán na Scol, Im. 0039, Lth. 0125
D’úsáidtí na rópaí le cocaí féir, díonta tuí, agus seolta a cheangail,[6] ach ba cordú leapacha (le tocht nó tuí a chur air) ceann de na húsáidí ba mó a baineadh as na rópaí giúsaigh.[6] Maítear gur dóigh go raibh rópaí á ndéanamh as crainn nua-ghearrtha go dtí gur tháinig an t-am nach raibh crainn fheiliúnacha fágtha ina seasamh, agus gur ansin a thosaigh daoine ag tarraingt ar ghiúsach phortaigh mar amh-ábhar chun rópaí a dhéanamh.[4]
Ag Aimsiú na Giúsaí
Bhí obair i gceist le giúsach phortaigh a aimsiú, mura rabhthar ag teacht air trí thimpiste agus móin á baint. Bhíodh sé ráite go fairsing in iarthar na tíre go raibh giúis faoin bpíosa sin den chriathrach nach raibh drúcht air ar mhaidin fhuar.
Sháidís barra iarainn, 6-10 troigh ar fhad, isteach sa bportach chun an ghiúsach a aimsiú. Thugtaí bior, bior giúise, nó treagh ar an uirlis seo i gceantair Ghaeltachta.[4] Dheirtí go raibh daoine a bhí inniúil ar an mbior giúise in ann an speiceas crainn a aimsiú ón torann a rinne sé nuair a bhuail sé an t-adhmad.
Geatairí Giúise
Ba léir go raibh a fhios ag an bpobal faoi stair na giúise portaigh:
“Smutáin: Nuair atá na daoine ag gearradh na portaigh geibheann siad a lán smutain gúiseach. Tógtar anois iad annsin agus cuirtear í ngeataí iad no úsáidtear iad chun teine do lasadh. Tus na smutáin: Deirtear gur coill mór gúimhasaighe a bhí in Acaill fado agus gur thug na daoine teine do cuid de agus gur ghearr siad an meid eile chun adhmhaid a chur ar agcoid tihthe. B’é guimhas an t-afhmad a cuirtí ar na tighthe an tam sin. Nuair a doigheadh agus gearradh na crainnte fagadh a phrérmhacha ins an talamh agus ortha sin tugad na smutáin gúimhasaighe. Fado d’úsáid na daoine iad mar solas do na tíghthe ins an oidhche. Rinne siad a lán piosaí fada caola do’n guimhais le sgian. Las siad iad sin agus b’in é an solus a biodh ag na daoine an tam sin.”
Bailiúchán na Scol, Im. 0086F, Lth. 05_028
Thugtaí geatairí giúise ar na soilse nó na coinnle giúise. Tá cur síos i mBailiúchán na Scol ar an jab a bhí ag duine amháin ag ranganna damhsa i gContae Chiarraí, sé sin an geatairí giúis a chrochadh le go mbeadh solas ag na daoine a bhí ag damhsa. Thugtaí síntiúis don té ar aige a bhí an geataire giúise ar an oíche.
“Bhíodh cuid de na daoine ag lasadh píosa de ghiumhais agus d’á sháthadh síos i bhfód móna le coinneal a dhéanamh.”
Bailiúchán na Scol, Im.0131,Lth.352
Thugtaí “sgiotacháin” ar na píosaí tanaí giúise a lasaidís. Bhíodh poill i mballaí na dtithe, in aice leis an teallach, ar a dtugtaí poill-cloiche. Is ann a choinnítí na geatairí giúise le go mbeadh siad in aice na tine dá mbeadh solas ag teastáil le dul timpeall an tí nó amach taobh amuigh.[6]
Téarmaíocht na Giúsaí Portaí
Bhí téarmaí éagsúla in úsáid in áiteanna difriúla do na choinnle giúise a dhéantaí as an adhmad portaigh. Spliota a bhí acu ar fud Thír Chonaill, cé is moite de na Cruacha Gorma, áit a raibh coitheán in úsáid. Cipín a bhí in úsáid in Acaill agus bhí caisnín timpeall ar Thuaim. Bhí mitheán nó meathán i Maigh Cuillinn agus gibidí agus lasóg i dtuaisceart Chonamara. Bhí geataire giúmhaise i gCorcaigh (cé go raibh geataire forleathan mar ainm ábhar a lasfá, bíodh sin luachair nó giúsach). Bhí sciotachán agus siotachán in úsáid i gCúige Mumhan freisin, seachas i gCiarraí, áit a raibh scolb forleathan.[4]
Ceaptar go n-úsáidtí adhmad portaigh seachas luachair mar fhoinse solais aon áit a raibh an t-adhmad sin ar fáil. Ní raibh aon ghá leis an ngeir agus ní raibh an t-anró céanna i gceist leis an ngiúsach agus a bhí leis an luachair (a bhí le baint, le fliuchadh, le scamhadh agus le triomú).
Thugtaí carcar (iarthar na Gaillimhe) agus cathaoir (Corcaigh) ar stumpa giúise. Cirín a bhí ar stumpa nó stoc i Luimneach. Creachaill a bhí ar na rútaí. Crompán a thugtaí ar stoc casta giúise. Fadharcán a bhí ar chraobh ghiúise i gCúige Mumhan. Ladhar gráige a bhí ar phíosa de stoc giúise i nDún na Gall. Tuagh giúise a thugtaí ar an tua a d’úsáidtí le píosa giúsaigh a ghearradh ón bportach.[4]
Tagairtí
1. Ó Cillín, T., Balor Béimeann. Béaloideas, 1933. 4(1): p. 88.
2. O’Connell, M., E. Jennings, and K. Molloy, Holocene Vegetation Dynamics, Landscape Change and Human Impact in Western Ireland as Revealed by Multidisciplinary, Palaeoecological Investigations of Peat Deposits and Bog-Pine in Lowland Connemara. Geographies, 2021. 1(3): p. 251-291.
3. Mac Giollarnáth, S., Annála Beaga ó Iorras Aithneach. 1941: Oifig an tSoláthair.
4. Lucas, A.T., Bog Wood: A Study in Rural Economy. Béaloideas, 1954. 23: p. 71-134.
5. Mac Giollarnáth, S., Peadar Chois Fhairrge, sgéalta nua agus seansgéalta a d’innis Peadar Mac Thuaṫaláin naċ maireann do Sheán Mac Giollarnáth. 1934, Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.
6. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.