Dathú

Is ag úsáid plandaí fiáine agus curtha a dhéantaí olann agus éadaigh eile a dhathú, nó chun ruaim a chur orthu. D’fhéadfaí dathanna éagsúla a fháil ó chodanna difriúla de sceacha agus de chrainn fhiáine. Bhíodh buanaitheoir (mordant) ag teastáil ionas go bhfanfadh an ruaim ar an éadach go buan.

An fhearnóg.

Bhaintí úsáid as an bhfearnóg (Alnus glutinosa) níos mó ná aon chrann eile in Éirinn chun dath a chur ar olann. Cuireann an choirt dath dearg nó dubh ar éadach, faightear dath glas ó na caitíní, agus dath buí ó na géaga óga.[1] Tá cur síos ar an gcur chuige dathaithe déanta ag Éamonn Breathnach, ó Ros Cathail, Contae na Gaillimhe, i mBailiúchán na Scol:

“Fadó bhíodh na sean-daoine ag dathú a gcuid olann féin. Ar dtús chuiridís fearnóg agus dreiseacha i bpota i n-éinfeacht leis an olann. Líonaidís le uisge é agus choinghbheóch siad ag fiuchadh ar theine mhaith é go ceann lá go leith é go mbeadh an olann ruamuighthe. Bhíodh láib le fághail i bpoll amuigh ar an sleibh. Tugtar abhaile na mbuicéid é agus measgadh tríd an olann é agus do fiuchadhais lá uilig é no go mbeadh sé daithte dhubh. Annsin thógfaidis amach as an bpota an olann agus sgarfaidís i n-áirde ar clocha é go silfeadh sé. Annsin sgarfaidís amach e le n-a thiormúgadh is é a bheadh go bhreagh dubh annsin.”

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 67 Leathanach 223

An fraoch mór.

Bhídís ag dathú éadaigh le fraoch freisin—gheobhaidís dath buí, dubh, agus donn uaidh, ag braith ar an gcur chuige.[1]

“Bhiodh na daoine ag dathughadh le fraoch fado. An fraoch a bhruith agus ailim a chur trid agus an sugh do bhiodh ortha dheanadh se dath buidhe.”

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001 Leathanach 247

Dathanna a Fhaightear ó Chrainn Dhúchasacha

Liostáiltear sa tábla thíos cuid de na dathanna a fhaightear ó chrainn dhúchasacha na hÉireann.

An BheithDonn, Dearg (Coirt)[1]
An Sceach GhealDonn, Buí (Coirt)[2]
An FeorasDearg (Torthaí),[1]    Buí, Glas(Síolta)[3
An Draighean FearnaBuí (Coirt)  Glas(Torthaí Réamhaibí) Gorm Dorcha (Torthaí Aibí) [3] [4]
An FhuinseogBuí [1]
An FhiúiseDearg (Bláthanna)[5]
An PribhéadBuí, Glas, Gormghlas, Donn[1]
An RoithleogBuí (Coirt)   Buí (Rútaí)
An Crann Silíní FiáinDonn (Coirt)
An DonnroiscGlas (Duilleoga)    Liath, Glas (Torthaí)
An DairDubh(Coirt)        Dubh (Torthaí)
An Paide BréanBuí (Coirt)            Buí, Glas (Torthaí)
An Trom 
An CaorthannDubh (Coirt)
An tAiteannBuí (Coirt)[1, 6]
  

Nótaí

  • Is iondúil gur dath donn a chuirtí ar an olann le coirt na beithe, ach d’fhéadfaí dath dearg a bhaint as sraitheanna den choirt atá níos faide istigh sa gcrann.[1]
  • Faightear dath dearg ó thorthaí an fheorais[1] agus dath buí nó glas (má chuirtear alúm—aluminium sulphate—leis) ó na síolta.[4]
  • Is féidir ruaim bhuí a dhéanamh as coirt an draighin fhearna, ruaim ghlas as na caora réamhaibí[3] agus ruaim ghorm dhorcha as na caora aibí.[4]
  • Cuireann coirt na fuinseoige dath buí ar éadaí.[1] Tá tagairt i mBailiúchán na Scol, ó Leithrinn, Contae na Gaillimhe, go ndéantaí dath as rúta na fuinseoige, ach ní luaitear cén dath é fhéin.
  • Dhéantaí ruaim dhearg dhorcha as na bláthanna, fiuchta in uisce.[5]
  • D’úsáidtí na duilleoga i ndathú. Faightear dathanna buí, glas, gormghlas, agus donn ó dhuilleoga agus caora an phlanda.[1]
  • Cuireann an choirt agus na fréamhacha na roithleoige dath buí ar olann, agus úsáidtear é i gcoinnle freisin.
  • Dhéantaí ruaim dhonn ó choirt an chrainn silíní fiáine.[1]
  • Déantar ruaim (glas ó na duilleoga, liath go glas ó na torthaí)[4] as silíní an donnroisc chun olann agus eangacha iascaireachta a dhathú.
  • Dhéantaí dathú dubh ó choirt agus dearcáin na darach.[3]
  • Déantar ruaim bhuí do pháipéar as choirt an phaide bhréin agus na torthaí réamhaibí, agus déantar ábhar datha glas, le húsáid ar phictiúir uiscedhatha, as na torthaí aibí.[4]
  • Úsáidtear an trom i ndathú freisin—faightear dathanna éagsúla ón gcoirt, na duilleoga, agus na caora.[4]
  • Dhéantaí ruaim dhubh as freisin.[3]
  • D’úsáidtí coirt an aitinn chun dath buí a chur ar olann.[1, 6]

Tagairtí

1. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.

2. Fichtner, A. and V. Wissemann, Biological flora of the British Isles: Crataegus monogyna. Journal of Ecology, 2021. 109(1): p. 541-571.

3. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.

4. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.

5. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.

6. Rymer, L., Ethnobotany and Native Distribution of Gorse (Ulex europaeus L.) in Britain. Environmental Conservation, 1979. 6(3): p. 211-213.