Crainn, Sceacha, agus an Luibhliacht

Is iomaí crann agus sceach ar bhain daoine leas astu fadó mar chógais leighis. Luíonn sé seo le réasún—ní raibh cógais nua-aimseartha acu, agus bhí orthu brath ar na plandaí dúchasacha a bhí ag fás thart timpeall orthu. Bhí cógas ag daoine ar gach uile breoiteacht, ag úsáid codanna éagsúla de chrainn agus de sceacha. Ní gá go raibh bunús eolaíoch le go leor den luibhliacht—bhí pisreoga agus an t-osnádúr fite fuaite sa luibhliacht. Ach ba léir go raibh cuid den chleachtas bunaithe ar thaithí agus ar thorthaí. Is ó chuid de na plandaí céanna a d’úsáid daoine fadó a rinne eolaithe cuid de na leigheasanna is tábhachtaí atá againn anois.
Leigheas do gach Breoiteacht

Is iomaí breoiteacht a raibh crainn agus sceacha difriúla ina leigheas orthu. D’úsáidtí codanna den draighean fearna (Frangula alnus) chun breoiteachtaí ae (buíochán, heipitíteas, agus ciorróis) a leigheas.[1] Cheaptaí go raibh leigheas don bhuíochan san aiteann (Ulex spp.) freisin—bhruití na bláthanna agus d’óltaí an deoch.
Is minic a luaitear i mBailiúchán na Scol coirt na beithe (Betula spp.) mar leigheas ar eachma an chraicinn. Déantar ceirnín de ar an gcraiceann nó bruitear in uisce é agus óltar an tae sin. Bhaintí úsáid as an mbeith mar chógas ar eachma—agus soiriáis freisin—i dtíortha eile. Déantar amhlaidh in oirthear na hÁise le coirt ó speiceas eile, an bheith bhán Sheapánach (Betula platyphylla var. japonica), agus tá sé léirithe go maolaíonn coirt na beithe sin deirmitíteas i luchain.
Ní hí an bheith an t-aon phlanda a bhí in úsáid chun breoiteachtaí craicinn a leigheas in Éirinn. D’úsáidtí an bearnán lachan (Menyanthes trifoliata), an neantóg (Urtica dioca), agus eibheann (Hedera hibernica) chuige seo freisin.Meascadh na duilleoga le tuirpintín chun scoilteacha a leigheas, agus, mar aon leis an eachma, feiceann eolaithe go bhfuil duilleoga na beithe in ann limficítí athlastacha (is iad is cúis le airtríteas réamatóideach) a cheansú sa gcorp.

Is cógas é an roithleog (Myrica gale) do scornach tinn, deacrachtaí duáin, agus an bhruitíneach. D’úsáidtí an sceach gheal (Crataegus monogyna) chun plúchadh, buinneach, breoiteachtaí a bhain le máilín an domlais a leigheas, agus mar thámhachán d’easuan.[2] Luaitear an fhearnóg mar leigheas ar bhreoiteachtaí éagsúla—mar shampla, go raibh an choirt go maith do dhó craicinn.(99:37) Dheirtí go raibh insileadh pribhéid (Ligustrum vulgare) go maith do scornach tinn agus urbhruith den phlanda do chluas tinn.[3]
Faithní
Bhí breoiteachtaí éagsúla ann —faithní ach go háirithe—a raibh go leor leigheasanna difriúla ann dóibh. D’úsáidtí coirt na fearnóige (Alnus glutinosa) chun faithní a leigheas i gCo. na Gaillimhe.(18:283) Bhí an úsáid chéanna á baint as an bhfearnóg i Sasana—sa gcás sin bhailídís an líon céanna bachlóga ón gcrann agus a bhí faithní le leigheas agus chuiridís sa talamh iad.[4]
Ní léir go bhfuil aon rud speisialta sa bhfearnóg chun faithní a leigheas—is iomaí planda eile atá luaite mar leigheas d’fhaithní—an crann creathach (Populus tremula), an fhéithleog (Lonicera periclymenum), an fhuinseog (Fraxinus excelsior), agus an draighean (Prunus spinosa) ina measc. Go deimhin tá 33 leigheas éagsúla d’fhaithní luaite i mBailiúchán na Scol, ina measc fataí, an Tríonóid Naofa, agus líochán ó mhadra.[5]

Más faithní a bhí ag cur as do dhuine i gContae an Chláir, bhíodh duilleoga an troim (Sambucus nigra) le cuimilt orthu chun an ruaig a chur ar na faithní. Ach bhí slata troim le cur sa talamh i gContae Liatroma leis an éifeacht chéanna a bhaint amach.[6] Is cur chuige eile a bhí in úsáid i bPort Láirge—bhíodh gearrthacha le cur ar bhata troim, ceann do gach faithne a bhí le leigheas. Chuirtí an bata i mála, an mála a chur sa talamh, agus ansin fanacht go lobhadh an bata troim.
“Fadó dá mbeadh faithne ar dhuine ní bheadh le déanamh aige ach bata truimd’fhághail agus gearradh a chur ann do gach ceann des na faithne a bhí air agus an bata a chur isteach ins an gcré annsan. Chomh luath is a lobhfadh an bata imtheóchadh an faithne.”
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 645: Leathanach 109
Bhí leagan eile ar an gcur chuige seo freisin:
“Cuir an bata i mála annsan agus fág ag an gcrosaire é. An té a sciobann an mála tógfa sé an faithne leis agus imtheóca siad uait-se.“
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 645: Leathanach 110
Ní fios cén bunús eolaíoch atá leis—-deir an duine céanna gur féidir seilmide a chuimilt ar na faithní, agus nuair a gheobhaidh an seilmide bás, d’imeodh na faithní
Codanna na gCrann
Bhí crainn ann a raibh úsáid leighis do gach cuid de. In Éirinn, d’úsáidtí na duilleoga an chaorthainn (Sorbus aucuparia), fiuchta in uisce, chun na scoilteacha a mhaolú, agus deirtear go raibh deatach na nduilleog dóite go maith don phlúchadh.[7] Thógtaí coirt an chrainn (fiuchta) do chasacht i gContae Lú, agus na duilleoga mar cheirín do shúile tinne, agus d’ití na caora dearga in Ulaidh le fáil réidh le péisteanna.[8]

Ba léir, freisin, go raibh daoine ag brath ar gach cuid den trom (Sambucus nigra). Tá fréamhacha an chrainn go maith, má bhruitear iad, le tinneas cinn a leigheas, dár le tagairt amháin i mBailiúchán na Scol as Contae Chiarraí. Bhí na duilleoga go maith le dó a leigheas. Moladh fíon na gcaora chun sciaitíce a mhaolú.[9] D’úsáidtí an choirt, a bhfuil tréithe purgóideacha agus fualbhrostacha inti, chun titimeas agus othrais a bhainistiú.[6, 7] D’úsáidtí laíon an chrainn chun cóireáil a dhéanamh ar bhorrphéisteanna.[6] Bhaintí leas as na duilleoga chun breoiteachta broinceacha agus scamhógacha a leigheas.[10]
Maidir leis an dair (Quercus spp.), cheaptaí go raibh leigheas sna duilleoga agus sna dearcáin do thinnis dhifriúla. Ach is sa gcoirt ba mhó a bhí leigheas na darach, más fíor do na hiontrálacha sna lámhscríbhinní i mBailiúchán na Scol. D’fhiuchtaí an choirt thriomaithe agus dhéantaí craosfholcadh leis an leacht chun scornach tinn a leigheas. Bhí leigheas ann freisin don bhuinneach, d’othrais, agus do dhaitheacha i gceantair éagsúla ar fud na tíre. Is leigheas do phian sa mbolg a bhí sa gcoirt a ithe, i gContae na Gaillimhe. Thugtaí an sú a bhí fágtha tar éis an choirt a bhruith do chapaill a bhí ag casacht.[11] D’úsáidtí na duilleoga leis an ruaig a chur ar borrphéisteanna in Uíbh Fhailí.[8]
Modhanna Tógála
Is iondúil gur ó bhéal ó thógtaí codanna na crann mar leigheas. Ar mhaithe le héascaíocht, is bruite in uisce a bhíodh an chógas go minic. Dhéantaí tae, síoróip agus sú as peitil an draighin (Prunus spinosa) agus thógtaí é mar chógas leighis do bhuinneach, ainéime, agus breoiteachtaí eile. [12] Thugtaí sú na roithleoige do ghasúir freisin leis an ruaig a chur ar phéisteanna.[13] Bhíodh daoine ag coigilt ar choirt crainn éagsúla freisin, go háirithe na saileacha.
Ach bhí cuid de na cur chuigí neamhghnách. Le fuil sróine a leigheas i gContae Chiarraí, chuirfeá an chréafóg faoi sceach troim ar an tsrón.
Purgóidí
Thógtaí urlacaigh (do chuir amach) nó purgóidí chun dul i ngleic le breoiteachtaí éagsúla. Cheaptaí gur bealach maith a bhí iontu le fáil réidh le pé tinneas a bhí ag cur as don othar. Bhí údair phraiticiúla ann chun purgóidí a thógáil freisin—go háirithe má bhí duine ceangailte sa gcorp.

Is purgóid iad caora an chrainn an phaide bhréin (Rhamnus cathartica). Is ón tréith seo a fhaigheann an crann an t-ainm Béarla purging buckthorn, agus an t-ainm eolaíoch cathartica. Ní bhíonn an éifeacht purgóideach seo chomh láidir nuair a dhéantar na caora fiuchta a chaolú.[14] Is purgóid iad codanna ón draighean fearna (Frangula alnus) freisin, go háirithe an choirt agus na caora.[15]
Plandaí Nimhneacha

Ní léir go raibh faitíos ar dhaoine codanna nimhneacha de phlandaí a úsáid mar chóir leighis. In ainneoin go bhfuil an feoras (Euonymus europaeus) nimhneach,[6, 16] bhaintí úsáid as na torthaí mar phurgóid, urlacach, agus spreagthach don ae.[9] Tá an t-iúr (Taxus baccata) luaite i mBailiúchán na Scol mar leigheas ar bhorrphéist agus buíochán, agus rúta an iúir mar leigheas ar dhroim tinn.
Is alcalóidígh taicsín—ceimiceáin atá i ngach cuid den chrann seachas in aral an toraidh—iad na comhdhúile is cúis le nimh an iúir. Cé go bhfuil an nimh seo marfach, fritheadh amach go bhfuil na ceimicí seo in ann dochar a dhéanamh do chealla ailse. D’éirigh le heolaithe substaint ar a dtugtar paclitaxel a shintéisiú as an nimh a bhíonn san iúr Ciúin-Aigéanach (Taxus brevifolia) atá anois in úsáid i gceimiteiripe le cóir leighis a chur ar dhaoine atá ag fulaingt le hailse brollaigh, ailse ubhagáin, agus ailse scamhóg.[17] Rinneadh sléacht ar chrainn iúir an domhain, an t-iúr coiteann (Taxus baccata) san áireamh, chun an acmhainn seo a fháil sular éirigh le heolaithe na drugaí seo a shintéisiú.[14, 18]
Plandaí mar Fheithidicídí
Bhíodh daoine sa gCríoch Lochlann ag úsáid na roithleoige go stairiúil chun an ruaig a chur ar fheithidí. [19] Léiríonn staidéir le déanaí go gcuireann an ola seo pairilis ar mhíoltóga beaga an phortaigh agus go gcuireann sé an ruaig orthu. Tá sé chomh héifeachtach le DEET, an substaint atá comónta i dtáirgí tráchtála chun an ruaig a chur ar mhíoltóga beaga.[20] Oibríonn sé in aghaidh seangán agus muiscítí freisin.
Bhaintí úsáid as torthaí an fheorais [14] (bácáilte agus púdar déanta astu) agus coirt an chrainn[9] chun míolta gruaige ar chloigne gasúr a mharú in Éirinn.[7] Scaipfeadh daoine na duilleoga púdaraithe i dtithe i Somerset, Shasana, mar fheithidicíd nádúrtha.[7]
Is ó chroíadhmaid na cufróige Nootka (Callitropsis nootkatensis) a aimsíodh an tsubstaint nootkatone den chéad uair. Tá an ceimiceach céanna le fáil i seadóga (is é a thugann blas na seadóige don toradh sin). Tá éileamh ar an táirge seo i dtionscail na cumraíochta, na cógaisíochta agus an bheatha. Déantar sintéisiú ar nootkatone anois mar gheall nach bhfuil sé éasca an t-ábhar a asbhaint ó na cufróga. Is feithidicíd maith, freisin, é nootkatone in aghaidh sciortáin.
Cógas d’Ainmhithe

D’úsáidtí plandaí chun ainmhithe a leigheas freisin. Ba leigheas a bhí sa sceach gheal ar an mbruinne dhearg, galar a bhuailfeadh beithígh san am atá caite. Chun an chóir cheart a thabhairt, dhéantaí codanna den sceach a bhruith agus an leacht a thabhairt don bhó.420:140 D’úsáidtí an roithleog ar ainmhithe freisin, chun fiabhras i gcapaill, péisteanna i mbeithígh, puchán ae i ngamhna, agus taomanna i madraí a leigheas.[6]
“Fásann an rileóg go flúirseach ins na sléíbhtibh. Tá gas righin airthi, préamhacha láidre uatha, billeóga beaga agus baluith ait láidir uathu Tá leigheas iongantach ar an rileóig. Nuair a geibheann na ba agus na beithidhigh eile an Fluke deineann na feirmeóirí púsóíd as an rileóig.”
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 471: Leathanach 143
Deir Williams go dtugtaí an roithleog do bheithígh in Éirinn le múin fola a leigheas, ach ceapadh in Albain gurb í an roithleog cúis leis an ngalar sin sna beithígh, dá n-íosfaidís na duilleoga.[13] Léiriú, b’fhéidir, nach raibh bunús eolaíoch le cuid de thuiscintí an phobail ar an bplanda.
Difríochtaí Tíreolaíochta sa Luibhliacht
Tá sé spéisiúil go raibh úsáidí éagsúla á mbaint as plandaí i réigiúin dhifriúla in Éirinn (agus thar lear). Mar shampla, dheirtí go raibh sé go maith do dhó croí duilliúr óg an aitinn (Ulex spp.) a ithe, agus coirt na sceiche a dhiúil, i gContae Loch Garman, agus bhí sú na mbláthanna (feochta i siúcra) go maith do chasacht i bPort Láirge.[21]

B’é an cógas céanna (bláthanna a bhrith agus deoch a ól) a bhí ann chun phéisteanna i ngasúir a leigheas, i gContae Shligigh, ach na bláthanna a bhruith le bainne seachas uisce.[7, 21] D’úsáidtí bláthanna an aitinn le fáil réidh le slócht i gContae Dhoire. Laghdaigh barr na ngéag óga at i ndaoine agus ainmhithe, de réir taifid ó Chontae na Mí.[21] Dheirtí gur leigheas ar chasacht i dTír Chonaill a bhí san aiteann Gaelach[11] agus ar fhaile i Loch Garman (na géaga úra a chogaint agus an sú a shlogadh).[21]
Tá an t-aiteann gallda (Ulex europaeus) ar cheann de na sceacha is fairsinge in Éirinn. Luíonn sé le réasún go mbeadh cur chuigí éagsúla ann chun leas a bhaint as an bplanda, ag am nuair nach raibh mórán cumarsáide idir ceantair a bhí scoite amach óna chéile.

Bhí difríochtaí sa luibhliacht idir Éirinn agus an Bhreatain freisin. Bhaintí i bhfad níos mó úsáide as an leamhán sléibhe (Ulmus glabra) mar chógas leighis in Éirinn ná sa Bhreatain, cé go raibh an planda fairsing ar fud na n-oileán. Dhéantaí ungadh de choirt istigh (agus uaireanta duilleoga) an leamháin shléibhe. D’úsáidtí é go príomha chun at a laghdú, ach freisin le fuiliú a stopadh, buíochán a leigheas, agus mar chóir ar othrais agus ailse. Dhéantaí an choirt a changailt i Sasana mar chógas leighis ar scornach tinn agus casacht, ach ní léir go raibh an cleachtas seo forleathan sa mBreatain.[8] Bhí sé seo amhlaidh leis an dair (Quercus spp.)—is mó úsáide a bhaintí as an dair mar chógas leighis in Éirinn ná sa mBreatain.[8]

Is iomaí úsáid a bhaintí as an meas torc allta (Hypericum androsaemum) mar luibh leighis ar Mhór-roinn na hEorpa. Is ón bhFraincis (tout–saine, a chiallaíonn leigheas ar gach rud) a thagann ainm Béarla an phlanda, tutsan, léiriú ar úsáid an phlanda mar chógas leighis. D’úsáidtí an planda mar phianmhúchán, mar phurgóid, chun sciaitíce a bhainistiú, agus mar chóireáil ar an gcrithgalar.[22] D’úsáidtí é chun créachtaí a ghlanadh agus mar fhualbhrostach freisin,[9] ach ní léir go bhfuil an oiread sin fianaise gur úsáideadh sa gcaoi sin an planda sa mBreatain ná in Éirinn.[7] B’fhéidir go raibh dóthain de lus na Maighdine Muire (Hypericum perforatum) ag fás in Éirinn, luibh a bhfuil an-cháil uirthi mar gheall ar an gcógas leighis a thugann sí, agus a bhfuil gaol gairid aici leis an meas torc allta, nach raibh éileamh mór ar an sceach sin mar chógas leighis in Éirinn.

Is sceach eile í an chaor chon (Viburnum opulus) atá fairsing in Éirinn, ach nach léir gur baineadh mórán leasa aisti mar chógas leighis anseo. Ach sa Tuirc, úsáidtear na caora a bhíonn ar an gcaor chon mar chógas leighis do bhreoiteachtaí amhail galar croí, brú fola ard, fuiliú, slaghdáin, agus diaibéiteas.[23] Déantar deoch traidisiúnta, gilaburu, as na caora sa Tuirc freisin. Chun gilaburu a dhéanamh, stóráiltear na torthaí in uisce, in áit dhorcha, ar feadh ceithre mhí chun iad a choipeadh agus an blas géar a mhaolú.[24]
Crainn ar Leith
Bhí crainn agus sceacha ar leith a d’úsáidtí i bhfad níos mó mar chógas leighis ná speicis eile. D’úsáidtí an trom níos minice agus níos fairsinge, in Éirinn agus sa mBreatain, chun breoiteachtaí a leigheas ná aon chrann eile.[7] Bhí na saileacha (Salix spp.) go mór in úsáid freisin, agus an dair (Quercus spp.).

Ach ní raibh úsáid fhorleathan mar chóir leighis ag daoine do gach planda dúchasach. Bhaintí úsáid as géaga an phéine Albanaigh (Pinus sylvestris), fiuchta in uisce, chun faoiseamh a thabhairt do na scamhóga sa mBreatain[7] agus cheaptaí go raibh cumhra an chrainn go maith dóibh siúd a bhí ag fulaingt le póilió. Ach níl mórán tagairt d’úsáid an chrainn mar chóir leighis in Éirinn, seachas go mbaintí úsáid as roisín an chrainn le fuiliú méire a stopadh i gCill Mhantáin.[8] Is beag nár díothaíodh an crann seo in Éirinn timpeall 1600AD. B’fhéidir gur raibh úsáid níos forleithne don chrann nuair a bhí sé fairsing, ach nach bhfuil fianaise i scríbhinn againn dó seo, agus b’fhéidir nár mhair an cleachtas seo i gcuimhne na ndaoine ach an oiread.
Is planda dúchasach é an crann silíní fiáin (Prunus avium), ach ní bhaintí mórán leasa as mar chógas leighis in Éirinn,[6] cé go n-úsáidtí géaga silíní chun breoiteachtaí lamhnáin a leigheas i Sasana, agus ba bhealach maith chun gúta a sheachaint silíní a ithe gach lá.[7]
Bhaintí go leor úsáide as an donnroisc (Prunus padus) sa luibhliacht ar Mhór-roinn na hEorpa, mar chógas ar chasacht, toinníteas, clocha duáin, broincíteas agus ainéime, i measc breoiteachtaí eile.[25] Ní fios, áfach, cé chomh fairsing is a bhí an luibhliacht seo á chleachtadh in Éirinn.
Tá an fheá (Fagus sylvatica) in Éirinn ar feadh na céadta blianta. Seachas go mbaintí úsáid i Sasana as na bachlóga duilleoige le cóir leighis a chur ar neascóidí nó fíocais, níl aon taifead eile d’úsáid na feá mar leigheas ar na hoileáin seo.[8]
Plandaí Neamhdhúchasacha
Cé gur mó úsáide a bhaintí as crainn dhúchasacha sa luibhliacht, bhíodh úsáid ag daoine do chrainn agus sceacha neamhdhúchasach freisin. Úsáideadh duilleoga ar an crann cnó capaill (Aesculus hippocastanum) in Éirinn chun fiabhras creathach a leigheas, ach seachas sin ní léir go raibh mórán úsáid eile ag muintir an oileáin seo don chrann mar chógas leighis. [6] Ach ní mar sin atá sé ar Mhór-roinn na hEorpa. D’úsáidtí síolta an chrainn le fiabhras, féitheacha borraithe, scoilteacha, agus haemaróidí a leigheas.[6] Baintear úsáid as coirt agus duilleoga an chrainn san Albáin agus sa gCosaiv mar chógas leighis ar bhreoiteachtaí a bhaineann leis an gcóras imshruthaithe agus deacachtaí réamatacha.[26] Baintear úsáid as na síolta, agus an ceimiceach aescin atá iontu, chun fadhbanna le féitheacha (ar cúis le féitheacha bhorrtha) a leigheas. Is é bailiú na gcealla bána sa bhfuil is cúis leis an mbreoiteacht seo, agus cuireann aescin, a bhfuil tréithe frith-athlastacha agus frith-éidéime aige, stop leis.[27]
Tá plandaí neamhdhúchasacha eile ag fás in Éirinn inniu a raibh úsáid á baint astu mar chógas leighis ina gceantar dúchais féin. D’úsáidtí na duilleoga agus na bláthanna na fiúise (Fuchsia magellanica), in éineacht leis na teilí (Tilia spp.), chun fiabhras a rialú, agus na duilleoga chun mí-dhíleá a leigheas, agus mar thámhachán.[28] D’óltaí (agus óltar) tae (Linden Tea) ón teile (Tilia spp.) mar chógas leighis ar chasacht, scornach tinn, chun brú fola a laghdú, mar fualbhrostach agus mar thámhachán.[31] Cheaptaí go raibh tréithe frithathlastacha ag an tae freisin.[32]
Cosúil le roinnt cufróga eile, tá tréithe cógaisíochta, amhail frith-athlastach, frith-víreas, agus feithidicídeach, ag cufróg Monterey (Hesperocyparis macrocarpa), buaircíneach síorghlas atá curtha go forleathan in Éirinn, go háirithe ar chósta an iarthair.[29, 30]
Dhéantaí leigheasanna as coda éagsúla den sprús Lochlannach (Picea abies). D’úsáidtí roisín an chrainn le ungtha éagsúla a dhéanamh don chraiceann. Dhéantaí athbhríoch, le scorbha a sheachaint, as buaircíní an sprúis.

Cógais Osnádúrtha
San am sula raibh béim ar an réasún agus an modh eolaíoch, is minic go raibh an t-osnádúr fite fuaite sa luibhliacht. Mar shampla, in ainneoin go dtógtaí duilleoga triomaithe an aitinn (Ulex spp.) mar leigheas ar bhreoiteachtaí difriúla i gContae Chiarraí, d’úsáidtí iad freisin chun an ruaig a chur ar thaibhsí agus ainsprideanna.[33]
Bhí an rud céanna amhlaidh leis an bhfuinseog (Fraxinus excelsior). D’úsáidtí codanna na fuinseoige chun cóireáil a chur ar dhaoine a bhí ag fulaingt le raon leathan breoiteachtaí—scoilteacha, éidéime, agus fiabhras ina measc.[6] Gheobhadh an sú, a thiocfadh as géag fuinseoige a cuireadh sa tine, réidh le faithní ach é a chuimilt ar an gcraiceann, de réir iontráil amháin i mBailiúchán na Scol. Tá an leigheas céanna ar thinneas cluaise—an sú a chur ar olann agus é a chur sa gcluas thinn—luaite d’iontrálacha ó Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann, Cill Dara, agus Contae na Mí.

Spéisiúil go maith, bhí an leas céanna á bhaint as an bhfuinseog i Sasana chun tinneas cluaise a mhaolú.[7] Tugann an scaipeadh tíreolaíochta seo le fios gur oibrigh an modh seo, nó sin go raibh na pisreoga céanna á roinnt idir thíortha difriúla. Luaitear freisin sa mBailiúchán gur leigheas do shúile tinne iad bachlóga duilleog fuinseoige curtha in uisce.
Ach is minic an chóireáil leighis seo a bheith neamhghnách. De réir iontráil amháin ó Contae na Mí, ní gá ach tairne a bhuaileadh isteach i stoc fuinseoige le doightheacha (tinneas fiacaile) a leigheas.
I gContae Mhuineacháin bhí leas eile, thar a bheith difriúil, á bhaint as an bhfuinseog.chun maidhm sheicne, nó heirne, a leigheas. Scoiltfí gas nó stoc d’fhuinseog óg le poll nó bearna a dhéanamh ann a bheadh sách mór le go mbeadh an duine breoite in ann dul tríd. Chuirfí tríd an bpoll iad agus, tar éis roinnt paidreacha a rá, cheanglaítí an crann le chéile arís chun an poll a dhúnadh agus le go gcneasódh an crann. Ní fhéadfaí an chrann a ghearradh ná a bhaint nó thiocfadh an bhreoiteacht ar ais.
Bhí an cleachtas céanna i Sasana, go háirithe do ghasúir óga. Scaití chaithfí iad a chur tríd an bpoll naoi n-uaire le héirí na gréine, ar feadh naoi lá i ndiaidh a chéile, le go ndéanfaí an beart i gceart. Ba searmanas dáiríre a bhí ann, agus bheadh comhoibriú an phobail ag teastáil, le lámh cúnta a thabhairt agus le crainn fhuinseoige cuí a sholáthar, mar is minic gur ar thalamh phríobháideach a bhídís. Bhí ceangaltas ar úinéir na talún ar a raibh an crann ag fás gan í a ghearradh ina dhiaidh sin (nó ar a laghad fanacht go gcaillfí an othar, ar aon chaoi).[7]
Tá an cur síos ar an ‘leigheas’ céanna do bhreoiteacht eile, an “scáthánach”, ach ag úsáid saileacha (Salix spp.) seachas fuinseoga, i mBailiúchán na Scol
“Leigheas don Scáthach: Ar maidín lá bealtaine tabhair leat leanbh go dtí an áit a bhfuil slatacha saileóige ag fas. Scoilt saileóg le d’ordóg agus tarraing ón a chéile í ionnus go dtig leat an leanbh agus a aghaidh soir a chur fríd trí huaire ar éirigh na gréine in ainm and Athar agus an Mhic agus an Spioraid naomh. Annsin ceangaltar an saileóg le snáth dearg agus de réir mar ghreamochas an scoilt sa chrann arais léigheasfaidh an leanbh.“
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0787, Leathanach 94
Éifeacht na Luibhliachta
Cé chomh héifeachtach a bhí an luibhliacht sular tháinig an cógas nua-aimseartha? Tá a fhios againn anois go bhfuil raon leathan comhdhúl, ceimiceán, agus substaintí éagsúla eile i bplandaí atá, ar bhealaí éagsúla, go maith don chorp. Tá a fhios againn freisin nach bhfuil bunús eolaíochta le go leor den chógas a bhí i bhfeidhm sular tháinig forbairt ar an leigheas nua-aimseartha atá againn anois.
Má bhí pobail ar fud na hEorpa ag baint úsáide as an trom mar chógas leighis do bhreoiteachtaí tromchúiseacha, luíonn sé le réasún go mb’fhéidir go raibh údar bailí acu. Agus tá seans maith go raibh an ceart acu—léiríonn staidéir ar chomhdhéanamh an phlanda go bhfuil tréithe frithbhaictéaracha, frithvíreasacha, frithdhúlagráin agus fhrithshiadaigh ag an trom.[34] [35] Ach ní chiallaíonn sé sin go raibh gach úsáid bailí. Mar shampla, dhéanadh tréidlianna iarracht an trom a úsáid chun an cheathrú dhubh, galar a bhíonn ar bheithígh, a leigheas[6]—cé nach bhfuil aon fhianaise go bhfuil éifeacht ar bith aige seo.[36]

Tá éifeacht frithdhúlagráin feicthe in lus na Maighdine Muire (Hypericum perforatum). Maítear, ó thurgnaimh a rinneadh ar lucha, go bhfuil éifeacht frithdhúlagráin ag sceach neamhdhúchasach atá ag fás in Éirinn, lus buí Mhanannáin (Hypericum calycinum). Ceaptar go bhfuil sé chomh láidir le luibheanna Eoin Baiste eile, amhail lus na Maighdine, agus go bhféadfaí é a úsáid go teiripeach i ndaoine.[37] Tá an meas torc allta (Hypericum androsaemum) sa ngéineas céanna leo, agus tá cáil ar chumhachtaí leighis na sceiche dúchasaí seo.
Aisparín agus na Saileacha

Ar feadh na mílte bliain, bhí an-tóir mar acmhainn leighis ar chrainn i ngéineas na saileach (Salix spp.), agus tá údar maith leis sin. Cé gur san airgead luachra (Filipendula ulmaria) a aimsíodh an t-aigéad salicylic, frítheadh an ceimiceán céanna i sú agus i gcoirt na saileach, agus is mar gheall air seo a tugadh salicin air. Is ón gceimiceán seo a dhéantar aspairín, an pianmhúchán agus druga frith-athlastach neamhstéaróideach.[7]
Cé nach raibh a fhios ag daoine an chúis eolaíoch gur oibrigh leigheas déanta as saileacha chun pian a mhaolú, bhí a fhios acu go raibh údar maith ann chun é a úsáid mar seo. Is í an tsaileach bhán (Salix alba)—crann neamhdhúchasach in Eirinn—is mó atá luaite leis an gceimiceán salicin. D’úsáidtí an tsaileach bhán ar fud na hEorpa, ar feadh na gcéadta bliain, chun pian a mhaolú, mar gheall ar an salicin atá ann.[38] Ach tá an ceimiceán le fáil i ngach planda den ngéineas seo, agus d’úsáid daoine pé cineál saileach a bhí in aice láimhe. Mar shampla, d’úsáidtí an tsaileach reatha (Salix repens) mar leigheas ar thinneas cinn i gContae Dhún na nGall.[7]
An Taighde is Déanaí
Tá roinnt mhaith taighde eolaíochta déanta ar éifeacht na luibliachta. Tá polaifeanóil—ceimiceáin le tréithe frithfhungasacha agus frithbhaictéareacha—aimsithe i gcaora an chaorthainn.[39] Ní haon ionadh, mar sin, go mbaintí úsáid as na torthaí ar fud na hEorpa chun buinneach, scornach tinn agus scorbha a leigheas.[14]

B’fhéidir go raibh údar maith ag daoine codanna den fhearnóg a úsáid mar chógas leighis freisin. Tá fianaise ann go bhfuil tréithe frithmhiocróbacha ag an bplanda a chuidíonn leis an gcorp cneasú.[40] Tá comhdhúile athlastacha faighte sa bhfearnóg, freisin, a d’fhéadfadh cabhrú le raon leathan breoiteachtaí.[41]
D’úsáidtí an roithleog sa gCríoch Lochlann mar leigheas ar an víreas, Herpes zoster,[42] agus léiríonn taighde go bhfuil tréithe frithvíreasacha, frith-bhaictéaracha agus frithmhiocróbacha ag an sceach dhúchasach sin a rachadh chun sochair an té a thógadh codanna de.[19]
Ach caithfear a bheith cúramach gan áibhéil a dhéanamh den phoitéinsil leighis atá i gcrainn agus i sceacha. Cosúil le go leor plandaí eile, tá poilafeanóil éagsúla le fáil sna daracha (Quercus spp.). Cé go maítear go bhfuil maitheas sna ceimicí seo don chorp, níl aon fhianaise chrua ann fós go bhfuil éifeacht iontu:
Whilst the case for the biological functions of polyphenols in humans is accumulating, there remains insufficient evidence to claim clear and undisputed positive health effects relating to their consumption, particularly with regards to long-term dietary ingestion and human health.[43]
Tagairtí
1. Wyse, S.V., J.E. Brown, and P.E. Hulme, Seed release by a serotinous pine in the absence of fire: implications for invasion into temperate regions. AoB Plants, 2019. 11(6): p. plz077.
2. Fichtner, A. and V. Wissemann, Biological flora of the British Isles: Crataegus monogyna. Journal of Ecology, 2021. 109(1): p. 541-571.
3. Wilson, T.G., Some Irish folklore remedies for diseases of the ear, nose and throat. Irish Journal of Medical Science (1926-1967), 1943. 18(6): p. 180-184.
4. Drury, S., Plants and Wart Cures in England from the Seventeenth to the Nineteenth Century: Some Examples. Folklore, 1991. 102(1): p. 97-100.
5. Barron, C. and T. Soverino, Snails, Water in a Stone, and Holy Wells: An Examination of Wart Cures from the Irish Schools’ Folklore Collection, 1937–38. Folklore, 2020. 131(4): p. 386-412.
6. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
7. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
8. Allen, D.E. and G. Hatfield, Medicinal plants in folk tradition. 2004.
9. Moloney, M.F., Irish ethno-botany and the evolution of medicine in Ireland. 1919: MH Gill.
10. Atkinson, M.D. and E. Atkinson, Sambucus nigra L. Journal of Ecology, 2002. 90(5): p. 895-923.
11. Bhreathnach, Ú., An introduction to the National Folklore Collection and Meitheal Dúchas. ie. 2019.
12. Popescu, I. and G. Caudullo, Prunus spinosa in Europe: distribution, habitat, usage and threats. U: European Atlas of Forest Tree Species,(San-Miguel-Ayanz, J., de Rigo, D., Caudullo, G., Houston Durrant, T., Mauri, A. ured.), Luxembourg, str, 2016. 145.
13. Williams, N., Díolaim Luibheanna. 1993, Sáirséal-Ó Marcaigh: Baile Átha Cliath.
14. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
15. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
16. Thomas, P.A., M. El‐Barghathi, and A. Polwart, Biological Flora of the British Isles*: Euonymus europaeus L. Journal of Ecology, 2011. 99(1): p. 345-365.
17. Cech, N.B. and N.H. Oberlies, From plant to cancer drug: lessons learned from the discovery of taxol. Natural Product Reports, 2023. 40(7): p. 1153-1157.
18. Mayor, S., Tree that provides paclitaxel is put on list of endangered species. BMJ (Clinical research ed.), 2011. 343: p. d7411.
19. Michael, J.A.S., et al., Past, Present and Future Utilisation of Myrica gale (Myricaceae). Economic Botany, 1996. 50(1): p. 122-129.
20. Blackwell, A., A. Stuart, and B.B. Estambale, The repellent and antifeedant activity of Myrica Gale oil against Aedes aegypti mosquitoes and its enhancement by the addition of salicyluric acid. 2003.
21. Lucas, A.T., Furze: A Survey and History of Its Uses in Ireland. Béaloideas, 1958. 26: p. 1-204.
22. Sebastin, A., St John’s wort, a panacea? BMJ: British Medical Journal, 2006. 333(7560): p. 187-187.
23. Karaçelik, A.A., et al., Antioxidant components of Viburnum opulus L. determined by on-line HPLC–UV–ABTS radical scavenging and LC–UV–ESI-MS methods. Food chemistry, 2015. 175: p. 106-114.
24. Baschali, A., et al., Traditional low-alcoholic and non-alcoholic fermented beverages consumed in European countries: a neglected food group. Nutrition Research Reviews, 2017. 30(1): p. 1-24.
25. Houston Durrant, T. and G. Caudullo, Prunus padus in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. 144.
26. Ravazzi, C. and G. Caudullo, Aesculus hippocastanum in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016. 60.
27. Dudek-Makuch, M. and E. Studzińska-Sroka, Horse chestnut-efficacy and safety in chronic venous insufficiency: an overview. Revista Brasileira de Farmacognosia, 2015. 25(5): p. 533-541.
28. Bernal Ochoa, A.M., et al., Intestinal/uterine antispasmodics, sedative effects of Fuchsia magellanica Lam. leaves’ and flowers’ extracts and their flavonolic components. Phytomedicine Plus, 2021. 1(4): p. 100060.
29. Al-Sayed, E., et al., Cytotoxic and anti-inflammatory effects of lignans and diterpenes from Cupressus macrocarpa. Bioorganic & Medicinal Chemistry Letters, 2020. 30(10): p. 127127.
30. Elmongy, E.I., et al., Antidiarrheal and Antibacterial Activities of Monterey Cypress Phytochemicals: In Vivo and In Vitro Approach. Molecules, 2022. 27(2).
31. Pavlović, T., et al., Linden tea from Serbia–an insight into the phenolic profile, radical scavenging and antimicrobial activities. Industrial Crops and Products, 2020. 154: p. 112639.
32. Eaton, E., G. Caudullo, and D. De Rigo, Tilia cordata, Tilia platyphyllos and other limes in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. 184-185.
33. Uí Chonchubhair, M., Flóra Chorca Dhuibhne: Aspects of the flora of Corca Dhuibhne. 1998: Oidhreacht Corca Dhuibhne.
34. Skowrońska, W., et al., Wound healing potential of extract from Sambucus nigra L. leaves and its fractions. Journal of Ethnopharmacology, 2024. 320: p. 117423.
35. Młynarczyk, K., D. Walkowiak-Tomczak, and G.P. Łysiak, Bioactive properties of Sambucus nigra L. as a functional ingredient for food and pharmaceutical industry. Journal of Functional Foods, 2018. 40: p. 377-390.
36. Wood, C., Science and Politics in the War on Cattle Diseases: The Kansas Experience, 1900-1940. Agricultural History, 1980. 54(1): p. 82-92.
37. Öztürk, Y., et al., Effects of Hypericum perforatum L. and Hypericum calycinum L. extracts on the central nervous system in mice. Phytomedicine, 1996. 3(2): p. 139-146.
38. Harbourne, N., et al., Effect of drying methods on the phenolic constituents of meadowsweet (Filipendula ulmaria) and willow (Salix alba). LWT – Food Science and Technology, 2009. 42(9): p. 1468-1473.
39. Arvinte, O.M., et al., Rowanberry—A Source of Bioactive Compounds and Their Biopharmaceutical Properties. Plants, 2023. 12(18): p. 3225.
40. Altinyay, C., et al., Antimicrobial activity of some Alnus species. Eur. Rev. Med. Pharmacol. Sci, 2015. 19(23): p. 4671.
41. Ren, X., et al., The Genus Alnus, A Comprehensive Outline of Its Chemical Constituents and Biological Activities. Molecules, 2017. 22(8): p. 1383.
42. Skene, K.R., et al., Myrica gale L. Journal of Ecology, 2000. 88(6): p. 1079-1094.
43. Vauzour, D., et al., Polyphenols and Human Health: Prevention of Disease and Mechanisms of Action. Nutrients, 2010. 2(11): p. 1106-1131.