Bunscoitheadh

Ciallaíonn bunscoitheadh an stoc a ghearradh in aice leis an talamh chun go bhfásfaidh meatháin nua, caola. Is cleachtas ársa é seo atá ann ón tréimhse Neoiliteach. Tugtar barrscoitheadh ar an gcaoi a ngearrtar an stoc ag leibhéal níos airde. Má dhéantar bunscoitheadh go hinbhuanaithe, is féidir le crainn géaga díreacha a chur ar fáil ar feadh na céadta blianta, mar go gcuireann an cleachtas seo go mór le haois an phlanda. Is ar an gcoll (Corylus avellana) is mó a chleachtar an cheird seo in Éirinn, ach dhéantaí an dair (Quercus spp.) agus crainn dhúchasacha eile a bhunscoitheadh freisin. Ní féidir gach crann a bhunscoitheadh; mar shampla, cailltear fréamhacha an phéine Albanaigh (Pinus sylvestris) nuair a ghearrtar é. In ainneoin go mbíonn crainn á ngearradh mar seo go minic, is gnáthóga saibhre iad roschoillte ó thaobh na bithéagsúlachta de, a mheallann ainmhithe éagsúla.
Réamhrá
Ní gá go gcailltear crann má ghearrtar an stoc in aice leis an talamh. Tá cineálacha crainn ann a fhásfaidh meatháin nua ón áit a ngearrtar iad. Is minic go mbíonn na meatháin seo caol, díreach agus ar aon mhéid lena chéile.[1] Má ghearrtar na géaga seo le himeacht aimsire, fásfaidh meatháin nua ón stoc agus tosóidh an timthriall arís.
Is bunscoitheadh a thugtar ar an gcur chuige seo ina ngearrtar stoc an chrainn go híseal in aice na talún le go bhfásfaidh géaga ar féidir a bhaint agus a úsáid. Is cleachtas ársa é seo atá linn ón tréimhse Neoiliteach.[2, 3]
Tugtar barrscoitheadh ar an gcaoi a ngearrtar an stoc ag leibhéal níos airde. Dhéantaí barrscoitheadh le nach mbeadh na meatháin óga i bhfoisceacht ainmhithe cosúil le fianna a bheadh sa tóir ar na géaga óga, boga. Is iondúil go ndéantar barrscoitheadh anois chun srian a chur ar airde an chrainn, nó chun cuma ornáideach a thabhairt dó.
Má dhéantar bunscoitheadh ar bhealach atá inbhuanaithe, is féidir le crainn géaga díreacha a chur ar fáil ar feadh na céadta blianta, mar go gcuireann an cleachtas seo go mór le haois an phlanda. Ní mhaireann an coll de ghnáth ach ar feadh timpeall 100-150 bliain d’aois, ach d’fhéadfaí míle bliain a bhaint as an stól bunscoite—an chuid sin den stoc san íochtar nach ngearrtar. Tugtar roschoill ar choill de chrainn bhunscoite.
Crainn a Bhíonn Bunscoite
Is iomaí crann dúchasach in Éirinn a ghlacann le bunscoitheadh. Is ar an gcoll (Corylus avellana) is mó a chleachtar an cheird ársa seo. Dhéantaí an crann seo a bhunscoitheadh níos minice ná aon chrann eile ar chúiseanna éagsúla. Fásann sé go tapa tar éis é a ghearradh, agus soláthraíonn sé slata tiubha gach 7-10 bliain, tréimhse níos giorra ná go leor crua-adhmaid eile. Chomh maith leis sin, bhí an-éileamh ar slata an choill i gceird na caoladóireachta; agus is as an adhmad go minic a dhéantaí cosa agus lámha d’uirlisí éagsúla.

In éineacht leis an gcoll, dhéantaí bunscoitheadh ar an tsail (Salix spp.), an fhearnóg (Alnus glutinosa), an leamhán (Ulmus spp.), an fhuinseog (Fraxinus excelsior), an dair (Quercus spp.), an bheith (Betula spp.) agus an crann fia-úll (Malus sylvestris).
Dhéantaí speiceas eile de chrainn a bhunscoitheadh sa mBreatain. Glacann an teile (Tilia spp.) le bunscoitheadh níos fearr ná aon chrann eile seachas an coll (Corylus avellana).[2] Cuirtear go mór le haois an chrainn nuair a dhéantar é seo—maireann stóil teilí ar feadh os cionn 2,000 bliain.[4] Glacann an castán (Castanea sativa) go maith le bunscoitheadh freisin, agus is iondúil gur mar sin a saothraítear adhmad an chrainn. Tá adhmad an chastáin trom agus níos boige ná adhmad darach. Níl sé chomh láidir le hadhmad darach agus ní mhaireann sé chomh fada ach an oiread,[2] ach soláthraíonn roschoillte den chrann cuaillí maithe.
Ní féidir gach crann a bhunscoitheadh. Bhí an péine Albanach níos goilliúnaí ná crainn eile nuair a thosaigh daoine ag gearradh crainn in Éirinn den chéad uair mar nach nglacann sé le bunscoitheadh. Cailltear fréamhacha an phéine nuair a ghearrtar é gar don talamh.[5] Is í seo ceann de na cúiseanna gur bheag nár díothaíodh an crann ón oileán.
Timthriall an Bhunscoite
Ní bhíonn an tréimhse chéanna ama idir ghearrthacha ag cineálacha crainn éagsúla, agus braitheann an tréimhse freisin ar thiús na slata atá ag teastáil. Ní bheifeá ag fanacht ach 4 go 7 mbliana le cois oirnéise a bhaint d’fhuinseog bhunscoite, ach thógfadh cois do scuab bheithe 15 bliain le fás.[2]
Tugtar roschoill ar an gcoillearnach ina bhfuil an bunscoitheadh á dhéanamh. Ní ghearrfaí gach crann sa roschoill—ligfí do chrainn ar leith sa roschoill fás go hard. Is ardchrainn nó crainn lánairde a thugtar orthu seo, agus is minic gur dair a bhí sa gcrann lánairde. Bhaintí na crainn lánairde seo gach 50-100 bliain, agus d’úsáidtí an t-adhmad chun longa a dhéanamh, nó nuair a bhí cláir mhóra ag teastáil i dtionscal na tógála.
Dhéantaí crainn a bhunscoiteadh chun breosla a sholáthar, cuaillí agus slata do thionscal na tógála agus na caoladóireachta, agus coirt do thionscal na súdaireachta.
Ba iad an crann sleamhain (a bhí bunscoite) agus an fheá (a bhí barrscoite) i roschoillte móra taobh amuigh den chathair, a sholáthair formhór an adhmaid tine i Londain san am atá caite.[2]
Dhéantaí pionnaí don ghréasaíocht as adhmad an fheorais (Euonymus europaeus)—thugtaí pegwood air.[6] Ceaptar go raibh roschoillte d’fheorais bunscoite in Éirinn tráth den tsaol chun freastal ar an éileamh a bhí ann don adhmad.[7]
Stair an Chleachtais in Éirinn
Bhí crainn á mbainistiú trí bhunscoitheadh in Éirinn le fada an lá. Dhéantaí tithe Bhaile Átha Cliath as caolach agus dóib in aimsir na Lochlannach, a thugann le fios go raibh bunscoitheadh ar siúil ar scála ollmhór in Éirinn ag an am.[3]
Is iomaí úsáid a baineadh as na cineálacha adhmaid a bhíodh á dtáirgeadh sa roschoill. De réir taifead amháin a bhain le roschoill i gCill Mhantáin go luath sa 18ú haois déag, is 50% (de réir luacha) den adhmad a chuaigh i dtreo tógáil báid agus tógáil ghinearálta. Is ag úsáid na crann lánairde den chuid is mó a bhí i gceist anseo.
Fuaireadar 36% den ioncam ó bheith ag díol coirte (as meascán d’ardchrainn agus craobhacha bunscoite). Is i dtreo tionscadal na súdaireachta is mó a chuaigh an choirt. Bhain 8% den ioncam le beart-adhmaid (cordwood)—as craobhacha bunscoite den chuid is mó. D’úsáidtí an chuid eile den adhmad do chúipéirí (déantúsaíocht bairillí), agus chun oirnéisí éagsúla agus cnaipí d’éadaí a dhéanamh.
Dhéantaí fioghual as beart-adhmaid, a d’úsáidtí in oibreacha iarainn. Ba le coilínigh Shasanacha na hoibreacha iarainn agus is Sasanaigh a bhformhór a bhíodh ag obair iontu. Ní raibh mórán measa ag úinéirí na n-oibreacha ar oibrithe Éireannacha. Go deimhin, thugtaí oibrithe isteach as Sasana lena chinntiú nach bhfoghlaimeodh an dream áitiúil an cheird.
“Sir Richard Moryson, President of Munster, believed that planting ‘this idle country with industrious people’ was the only way ‘both to enrich it and secure the people to His Majesty’s obedience in time.“[8]
Thosaigh meath ag teacht ar roschoillte darach tar éis 1815, nuair a tosaíodh ag úsáid iarainn i mbáid seachas adhmad, agus tosaíodh ag iompórtáil oibreán súdaireachta nua ó Mheiriceá Theas le húsáid in áit coirt dhúchasach.[9]
Tá rian na roschoillte ársa fós le feiceáil ar fud na tíre. Nuair a thréigtear roschoill, agus mura mbaintear na crainn, coinníonn na meatháin ag fás. Is comhartha maith é sean-chrann ilstocach gur roshcoill a bhí ansin fadó.
Ach níl deireadh le cleachtas na roschoille bunscoite. Déantar bunscoitheadh anois ar shaileacha éagsúla chun bithmhais a chur ar fáil do thionscadal an fhuinnimh in-athnuaite.
In ainneoin go mbíonn crainn á ngearradh agus á mbaint go minic i roschoillte, is gnáthóga saibhre iad ó thaobh na bithéagsúlachta de. Bíonn níos mó solais i roschoillte ná gnáthchoillte, coinníollacha a thaitníonn le plandaí cosúil leis an tsailchuach (Viola spp.), coinnle cora (Hyacinthoides non-scripta), an grán arcáin (Ficaria verna), an nead choille (Anemone nemorosa) agus an tseamsóg (Oxalis acetosella). Meallann bláthanna na bplandaí seo meachain, féileacáin, leamhain agus feithidí eile.

Ach ní gá go mbeadh na coinníollacha geala i roschoillte feiliúnach do phlandaí amhail brífítí (caonaigh agus aelusanna), nach mbeadh in ann ag an teas agus an solas a thagann tar éis a ngearrtar na crainn.[10]
Níl sé molta bunscoitheadh a chleachtadh i gcoillte atá sean-bhunaithe, lena gcuid gréasáin thábhachtacha fhéin de léicin, caonach, agus raithneach. Ach tá sé tábhachtach go ndéantar bainistiú cuí ar roschoillte seanbhunaithe, nó beidh baol go ndéanfar damáiste dóibh, bíodh sin mar gheall ar innilt ó bheostoc agus fianna, nó gortghlanadh iomlán ag daoine.

Is féidir dochar a dhéanamh dóibh gan aon drochthionchar seachtrach. Gan bainistiú ceart, athróidh an roschoill go foraois ard, le raon difriúil de chrainnte, sceacha, agus plandaí. Mar go bhfuil meascán uathúil de phlandaí agus ainmhithe ag brath anois ar roschoillte, cuireann siad go mór le héagsúlacht na n-éiceachóras trí chéile.[10]
Tagairtí
1. Koop, H., Vegetative reproduction of trees in some European natural forests. Vegetatio, 1987. 72(2): p. 103-110.
2. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
3. Rackham, O., Woodlands. 2006: Collins.
4. Eaton, E., G. Caudullo, and D. De Rigo, Tilia cordata, Tilia platyphyllos and other limes in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. 184-185.
5. McGeever, A.H. and F.J.G. Mitchell, Re-defining the natural range of Scots Pine (Pinus sylvestris L.): a newly discovered microrefugium in western Ireland. Journal of Biogeography, 2016. 43(11): p. 2199-2208.
6. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
7. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.
8. McCracken, E., Charcoal-Burning Ironworks in Seventeenth and Eighteenth Century Ireland. Ulster Journal of Archaeology, 1957. 20: p. 123-138.
9. McEvoy, T., A review of Irish forestry. Irish Forestry, 1954. 11(1): p. 20.
10. Kirby, K.J., G.P. Buckley, and J. Mills, Biodiversity implications of coppice decline, transformations to high forest and coppice restoration in British woodland. Folia Geobotanica, 2017. 52(1): p. 5-13.