Pailniú

Pailnítear planda nuair a théann an phailin ó chuid fireann den bhláth isteach san ubhagán, cuid bhaineann den bhláth. Dá thoradh sin, tosaíonn toradh agus síolta ag forbairt sa mbláth. Ach, le go dtarlóidh sé seo, bíonn modh taistil ag teastáil ón bpailin chun dul chomh fada leis an mbláth baineann.
Is iondúil gur feithidí—meachain, leamhain, féileacáin, agus míoltóga, go príomha—a aistríonn an phailin chuig na bláthanna baineanna, ach úsáideann crainn cosúil le saileacha agus poibleoga an ghaoth chun an phailin a chur ag gluaiseacht.
Feithidí

Is iad feithidí na pailneoirí is tábhachtaí do chrainn agus do sceacha. Itheann siad neachtar agus pailin, agus greamaíonn an phailin dá gcorp agus iad ag tóraíocht bia sa mbláth. Nuair a chuimlíonn siad in aghaidh stiogma (cuid bhaineann) an bhlátha sin, dó bláth eile, aistrítear an pailin chuige, pailnítear an bláth, agus tosaítear ag forbairt an toraidh.
Is caidreamh comhairíochta é seo—faigheann an feithid bia, éiríonn leis an bplanda iomadú. Is bealach éifeachtach é le pailniú freisin, agus cinntítear éagsúlacht ghéiniteach an phlanda. Braitheann ar a laghad 75% de phlandaí an domhain ar fheithidí le pailniú—céatadán suntasach dár gcuid plandaí bairr ina measc.
Meachain
Cé go bhfuil an próiseas céanna i gceist le gach feithid, bíonn cur chúigí difriúla ag cineálacha feithidí difriúla. Is pailneoirí níos éifeachtaí ná formhór na bhfeithidí iad meachain, mar go mbailíonn siadsan pailin mar stór bia dá gcuid larbhaí. Greamaíonn go leor pailine dá gcuid corp clúmhacha, agus baineann meachain ar leith leas as ‘ciseáin’ bheaga sna cosa chun níos mó pailin fós a iompar. Croitheann bumbóga a gcuid sciatháin go tréan istigh sa mbláth chun an phailin a scaoileadh ó na hantair.
Féileacáin agus Leamháin

Níl féileacáin chomh héifeachtach le meachain ag aistriú pailine, ach bíonn próboscais fhada acu a chuidíonn le neachtar a fháil ó bhláthanna feadánacha, cosúil leis an fhiúise agus tor an fhéileacáin.
Is san oíche a chuardaíonn formhór na leamhán bia. Meallann boladh cumhra a bhíonn ar bhláthanna éagsúla na feithidí seo sa dorchadas.
Míoltóga


Is pailneoirí an-tábhachtacha iad míoltóga. Is cosúil le meachain iad meachain ghabhair, cé nach mbíonn acu ach péire amháin sciathán (le hais an dá phéire a bhíonn ag foichí agus meachain) agus bíonn siad ag triall ar na bláthanna céanna.
Tagann míoltóga, cosúil le cuil Mharcuis, amach san earrach ag lorg neachtair. Cé nach mbíonn siad chomh héifeachtach le meachain ag aistriú pailine, is veicteoirí tábhachtacha iad mar go mbíonn i bhfad Éireann níos mó acu ná meachain ag dul ó bhláth go bláth.
An Ghaoth mar Mhodh Pailnithe
Ní bhíonn an oiread sin plandaí in Éirinn ag braith ar an ngaoth, i gcomparáid le meachain, chun pailin a scaipeadh. Ach is í an ghaoth an príomh-mhodh a úsáideann cuid de na crainn is coitianta in Éirinn, saileacha, daracha, agus beitheanna ina measc. Is caitíní—bláthanna beaga neamhfheiceálacha ar ghas fadaithe—a bhíonn ar na crainn seo.
Mar nach modh spriocdhírithe é seo—ní bhogtar an pailin go díreach chuig an mbláth, mar a tharlaíonn le pailniú feithide—táirgeann caitíní líon mór millteach de phailin éadrom. Gluaiseann an phailin seo ar shruthanna aeir agus is trí sheans a tharlaíonn sé go dtuirlingíonn siad ar chaitín baineann den speiceas crann céanna.
Osclaíonn crainn a bhraitheann ar an ngaoth chun a gcuid pailin a scaipeadh a gcuid caitíní luath san earrach, sula n-osclaíonn na duilleoga. Tá sé tábhachtach nach mbeadh duilleoga sa mbealach ar an bpailin agus í ag gluaiseacht tríd an aer.
Fiabhras Léana
Bíonn aer an earraigh lán le pailin ó chrainn agus sceacha éagsúla. Cruthaíonn sé seo deacrachtaí dóibh siúd a bhíonn ag fulaingt le fiabhras léana. Is iad pailin ón bhfearnóg agus an mbeith is mó a chuireann as do na daoine seo.