Duilleoga Buaircíneacha

Ní hionann na duilleoga a bhíonn ar bhuaircíneacha agus na duilleoga a bhíonn ar chrainn le bláthanna. Bíonn spíonlaigh géara ar chrainn phéine agus ar sprúis. Is fear i bhfad na duilleoga seo chun coinníollacha fuara nó tirime a sheasamh. Bíonn duilleoga gainneacha, brúite in aghaidh na géige, ag cufróga agus céadair.
An Difríocht idir Sprúis, Giúiseanna, agus Cufróga
Bíonn duilleoga gainneacha ar chufróga agus ar chéadair. Bíonn na duilleoga seo ina luí thar chiumhais a chéile, greamaithe go dlúth ar an ngéag.
Méid Spíonlach i gCrainn Phéine
Déantar na crainn phéine a ghrúpáil de réir an líon spíonlach a bhíonn ar gach duilleog, nó fascúl. Tá péire ag an bpéine Albanach, mar atá ag an bpéine contórtach (Pinus contorta), an péine is fairsinge in Éirinn. Bíonn trí spíonlach i ngach fascúl ar phéine Monterey. Bíonn cúig cinn ag crainn phéine eile.
Pátrúin Bhána na Stómaí
Is minic go mbíonn pátrúin bhána ar an taobh íochtarach de na duilleoga. Is iad seo na stómaí, agus cuidíonn siad leis an malartú gáis idir an atmaisféar agus an planda. Uaireanta, is féidir iad a úsáid chun crainn a aithint.