Duilleoga Crainn le Bláthanna

Tá duilleoga ríthábhachtach do chrainn. Is sna duilleoga a tharlaíonn fótaisintéis—an próiseas ina n-athraítear, ag úsáid solas na gréine, dé-ocsaíd carbóin (CO2) ón aer go ocsaigin agus carbaihiodráití cosúil le siúcra. Baineann an planda úsáid as an bhfuinneamh atá stóráilte sna carbaihiodráití agus é ag fás. Scaoiltear leis an ocsaigin—is iad na crainn agus plandaí eile (agus fíteaplanctón sa bhfarraige) a chinntíonn go bhfuil dóthain ocsaigin againn chun análú.
Duilleoga Simplí agus Comhdhuillí
Bíonn dhá chineál duilleog ar phlandaí. Bíonn duilleoga simplí, ina mbíonn duilleog iomlán amháin ar gach gas, ar fhormhór na gcrann. Bíonn comhdhuillí—atá comhdhéanta de níos mó ná duillín amháin—ag crainn cosúil leis an bhfuinseog nó an caorthann.
Tugtar duilleoga cleiteacha ar chomhdhuillí na fuinseoige agus an chaorthainn—fásann na duillíní ó dhroimín fada i lár na duilleoga. Is cuid de pheitín (gas) na duilleoige é an droimín. Tugtar comhdhuillí bosacha ar chomhdhuillí cosúil leo siúd a bhíonn ar an gcrann cnó capaill. Fásann duillíní seo ó phointe amháin i lár na duilleoige.
Uaireanta, is cosúil gur comhdhuillí iad duilleoga atá an-maothánach (ar nós duilleoga na sceiche gile) nó an-bhosach (cosúil le duilleoga an tseiceamóra). Ach níl sé seo amhlaidh—is duilleoga simplí iad, ach bíonn siad gearrtha go domhain síos i dtreo lár na duilleoige.
Cruthanna Duilleoige
Is iomaí cruth atá ar dhuilleoga crainn, agus is féidir crainn éagsúla a aithint ach staidéar a dhéanamh ar na duilleoga.
Imeall na Duilleoige
Is comhartha sóirt é imeall na duilleoige chun crann nó sceach a aithint. Ní bhíonn imill fhiaclacha ar na duilleoga a bhíonn ar an draighean fearna. Bíonn imill fhiaclacha ar dhuilleoga crainn cosúil leis an bhfearnóg.
Uaireanta bíonn na himill dé-fhiaclach ar an gcoll (bíonn dhá ró de fhiacla ar an duilleog, ró amháin taobh istigh den ró eile).
Is iondúil go mbíonn imill dhuilleoga an chuilinn deilgneach. Bíonn siad corrach freisin. Feictear tréith chorrach na nduilleog níos fearr ar duilleoga neamhdheilgneacha an chuilinn.
Duilleoga eipeachormánacha
Caithfear a bheith cúramach ag úsáid duilleoga chun crainn a aithint. Is minic nach mbíonn an cruth ná na tréithe céanna ag duilleoga eipeachormánacha agus a bhíonn ar na duilleoga a bhíonn ar gnáth-ghéaga.
Fásann meatháin eipeachormánacha ó íochtar an stoic—bíonn siad coitianta ar chrainn cosúil leis an teile choiteann, an leamhán sléibhe, daracha, agus poibleoga.
Duilleoga ar Bhuaircíneacha Síorghlasa
Ní hionann na duilleoga a bhíonn ar bhuaircíneacha agus na duilleoga a bhíonn ar chrainn le bláthanna. Bíonn spíonlaigh géara ar chrainn phéine agus ar sprúis. Is fear i bhfad na duilleoga seo chun coinníollacha fuara nó tirime a sheasamh.
Bíonn duilleoga gainneacha ar chufróga agus ar chéadair. Bíonn na duilleoga seo ina luí thar chiumhais a chéile, greamaithe go dlúth ar an ngéag.
Is minic go mbíonn pátrúin bhána ar an taobh íochtarach de na duilleoga. Is iad seo na stómaí, agus cuidíonn siad leis an malartú gáis idir an atmaisféar agus an planda.