An Choirt

Is í an choirt an clúdach cosanta a bhíonn ar stoc, ar chraobhacha, agus ar ghéaga an chrainn. Síneann an choirt ó dhromchla an chrainn go dtí an caimbiam, an chuid sin den chrann is cúis le fás tánaisteach an chrainn (leathnú, seachas fadú, an chrainn). Tugann an choirt cosaint don chrann in aghaidh damáiste, galracha, lotnaidí, agus adhaimsir.
Is minic a bhíonn pátrúin de lionsacháin ar an gcoirt. Tacaíonn na hoscailtí seo le malartú gáis idir an crann agus an t-aer. Bíonn coirt mhín ar chrainn óga agus éiríonn sí scoilteach nó scamhann sí de réir mar a fhásann an crann amach le haois. Is féidir crainn éagsúla a aithint ó chuma, ó dhath, ó phátrún nó ó uigeacht na coirte.
Feidhmeanna na Coirte
Déantar coirt a dheighilt ina dhá chuid, an fléam taobh istigh agus an choirt sheachtrach ar an thaobh amuigh. Is fíochán beo é an fléam. Tacaíonn sé le haistriú siúcra agus cothaithigh eile ó na duilleoga chuig na fréamhacha agus codanna eile an chrainn. Is féidir crann a mharú má chrioslaítear an fléam (má ghearrtar é timpeall an stoic).
Tá an choirt taobh amuigh—idir an fléam agus dromchla an stoic agus na gcraobhacha—marbh. In ainneoin sin, feidhmíonn an chuid seo den choirt mar líne chosanta in aghaidh damáiste, galracha, lotnaidí, agus adhaimsir. Scoilteann agus scamhann an chuid seo den choirt, mar go ndéantar athnuachan leanúnach uirthi ón taobh istigh.
Lionsacháin
Uaireanta, bíonn pátrúin de spotaí nó bandaí le feiceáil sa gcoirt. Is lionsacháin iad seo agus cabhraíonn siad le gáis a mhalartú idir an crann agus t-aer taobh amuigh. Bíonn na lionsacháin seo an-fheiceálach ar chrainn óga, go háirithe fearnóga óga. Bíonn siad suntasach ar chrainn silíní fiáin agus ar bheitheanna lánfhásta freisin.
Crainn a aithint
Aithnítear crainn éagsúla ó chuma, dath, pátrún agus uigeacht na coirte.