An Donnroisc
Prunus padus

Is crann meánmhéide, duillsilteach é an donnroisc atá sa ngéineas céanna, Prunus, le crainn cosúil leis an draighean agus na silíní. Tá an donnroisc ar an silín is fairsinge ar domhan—fásann sé ar fud tuaisceart na hEorpa agus na hÁise, agus tá sé dúchasach in Éirinn. Breathnaíonn sé cosúil leis an gcrann silíní fiáin (Prunus avium) nuair a bhíonn na bláthanna bána amuigh, ach is silíní beaga dubha iad na torthaí, seachas caora dearga, mar a bhíonn ar fhormhór na gcrann silíní eile. Aithnítear freisin é mar gheall ar an drochbholadh a thagann ó choirt an chrainn. Feictear an silín seo go minic i gclampaí móra dlútha mar go gcuireann an crann seo meatháin aníos go rialta óna chuid fréamhacha.
Béarla: Bird Cherry
Dáileadh an Donnroisc
Tá an donnroisc ar an speiceas is fairsinge, ó thaobh na tíreolaíochta de, sa ngéineas Prunus (ina n-áirítear na silíní go léir, chomh maith le crainn eile le torthaí ‘cloiche’). Síneann a réimse dúchais ón tír seo, trasna na hEorpa agus soir chomh fada leis an tSibéir, an tSín agus an tSeapáin.[1] Is i dtuaisceart na hÉireann, den chuid is mó, a fheictear an donnroisc ag fás ar an oileán seo, cé go bhfuil sé ag fás anseo agus ansiúd i lár agus i ndeisceart na tíre, freisin.[2]
Ní thaitníonn gnáthóga aigéadacha leis an donnroisc; is fearr leis créafóg alcaileach, áit a bhfásann sé níos fairsinge. I measc na ngnáthóg is fearr leis an gcrann tá coillte taise, fálta sceach agus bruacha aibhneacha agus locha. Tá sé strusfhulangach, ach ní féidir leis seasamh in aghaidh sáile na farraige.[3] Fásann an silín seo, freisin, mar shraith mheánach i gcoillte toisc go bhfuil sé scáthfhulangach.[3]
Cuma an Donnroisc
Is crann beag, duillsilteach (go 15 m ar airde) é an donnroisc. Is crann gearrshaolach é (ní minic a bhíonn crainn os cionn 60 bliain d’aois).[1] Cosúil le go leor silíní eile, cuireann an donnroisc meatháin aníos go rialta, as a bhfásann crainn nua leis an gcomhdhéanamh géiniteach céanna, agus is minic a fheictear é ag fás i gclampaí móra, clónacha.[3]
Bíonn dath liath ar an gcoirt agus, cosúil le go leor silíní eile, bíonn línte cothrománacha ar an gcoirt. Lionsacháin is ea iad seo, poill sa gcoirt a éascaíonn malartú gás, ionas gur féidir leis an gcrann análú. Scamhann an choirt ón stoc i gcalóga fada, tanaí, agus bíonn boladh láidir searbh uaithi mar gheall ar an tainnin sa gcoirt.[3]
Duilleoga an Donnroisc

Bíonn na duilleoga ubhchruthach agus biorach, agus fásann siad go hailtéarnach ar an ngéag. Bíonn tomacha beaga gruaige in ascaill na bhféitheacha ar an taobh íochtarach den duilleog.
Bíonn dhá fhaireog bheaga dhearga ar an dá thaobh den ghas ag bun na duilleoige. Bíonn dath glas dorcha ar thaobh uachtarach na nduilleog, agus bíonn an taobh íochtarach níos gile.
Bláthanna an Chrainn
Is crann moinéiciach é an donnroisc (ní bhíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar chrainn dhifriúla). Chomh maith leis sin, bíonn bláthanna heirmeafraidíteacha air (bíonn codanna fireanna agus baineanna ar an mbláth céanna). Osclaíonn na bláthanna ar an donnroisc i mí Aibreán. Fásann idir 10 agus 40 bláth ar raicéimí fada a chrochann anuas ón ngéag.
Bíonn boladh láidir uathu agus pailníonn feithidí iad (míoltóga go hiondúil, ach meachain freisin). Is silíní beaga dorcha (beagnach dubh) iad na torthaí a thagann chun aibíochta ag deireadh an tsamhraidh.[1] Bíonn blianta torthaí flúirseacha (blianta measa a thugtar orthu) ag an donnroisc—tagann go leor torthaí ar an gcrann gach trí bliana nó mar sin.[3]
Itheann éin (lonta dubha agus smólaigh), chomh maith le mamaigh éagsúla, na silíní. Scaiptear na síolta go forleathan mar nach ndíleánn éin iad.
Úsáid an Donnroisc
Níl luach eacnamaíoch ag adhmad an donnroisc mar nach mbíonn na crainn sách mór chun mórán adhmaid a sholáthar. Ach, tá an t-adhmad dearg crua agus trom, éasca le hoibriú, agus is furasta snas a chur air.[3] Baineadh úsáid as chun rudaí beaga a dhéanamh, cosúil le lámha agus cosa d’uirlísí.
Déantar ruaim (glas ó na duilleoga, liath go glas ó na torthaí)[3] as silíní an donnroisc chun olann agus eangacha iascaireachta a dhathú.
Úsáidtear mar fhál sceach é mar nach n-itheann mórán ainmhithe na duilleoga[3] agus mar chrios foscaidh agus crios fuaimdhíonach mar go bhfásann sé go tapa agus mar go ndéanann sé clampaí móra.[1] D’úsáidtí coirt an chrainn mar lotnaidicíd san am atá caite, freisin.[4]
Tá blas searbh ar na torthaí mar gheall ar chiainíd hidrigine atá iontu, agus ní féidir iad ithe gan iad a phróiseáil roimh ré.[3] In ainneoin sin, déantar subh, glóthach agus licéar astu.[1]
Bhaintí go leor úsáide as an donnroisc sa luibhliacht, mar chógas ar chasacht, toinníteas, clocha duáin, broincíteas agus ainéime, i measc breoiteachtaí eile.[1] Ní fios, áfach, cé chomh fairsing is a bhí an luibhliacht seo á chleachtadh in Éirinn.
Níl mórán béaloidis faoin donnroisc in Éirinn, b’fhéidir mar nach crann coitianta é. Bhreathnaítear air in oirthuaisceart na hAlban mar chrann caillí, agus sa mBreatain Bheag mar chrann ar a chroch an diabhal a mháthair. Ach in ainneoin sin, cuireadh sa gcatagóir céanna leis an gcaorthann é (mar chrann maith) in iarthuaisceart na hAlban.[5]
Tagairtí
1. Houston Durrant, T. and G. Caudullo, Prunus padus in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. 144.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
4. Donno, D., et al., New Findings in Prunus padus L. Fruits as a Source of Natural Compounds: Characterization of Metabolite Profiles and Preliminary Evaluation of Antioxidant Activity. Molecules, 2018. 23(4): p. 725.
5. Vickery, A.R., Traditional Uses and Folklore of Hypericum in the British Isles. Economic Botany, 1981. 35(3): p. 289-295.
Tuilleadh Íomhánna


