Aiteann

Is sceach dheilgneach le duilleoga síorghlasa agus bláthanna buí é an t aiteann. Cé go bhfuil ceithre chineál ag fás in Éirinn, is iad an t-aiteann gaelach agus an t-aiteann gallda is fairsinge. Is sceach mhór í an t-aiteann gallda a fhásann ar fud na tíre. Is iondúil go mbíonn an t-aiteann gallda faoi bhláth sa ngeimhreadh agus san earrach. Is san iarthar agus sa deisceart is mó a fhásann an t-aiteann gaelach, sceach íseal, shínte le bláthanna órbhuí a thagann amach ag deireadh an tsamhraidh. Is féidir leis an aiteann fás gan mórán créafóige ná cothaitheach mar go bhfosaíonn sé nítrigin ón aer isteach ina chuid fréamhacha. Bhí an-tábhacht leis an aiteann san am atá caite—bhaintí úsáid as mar fhodar, mar bhreosla, agus mar adhmad tógála. Is iomaí úsáid leighis a bhaintí as an sceach seo freisin.
Cineálacha Aitinn
Tá ceithre chineál aiteann (plandaí sa ngéineas Ulex) ag fás in Éirinn. Tá péire acu, an t-aiteann gallda (Ulex europaeus) agus an t-aiteann gaelach (Ulex gallii), dúchasach. Is hibrid é Ulex x breoganii idir an dá aiteann dúchasach, agus is le gairid a tháinig an t-aiteann abhcach (Ulex minor) go hÉirinn—níl sé coitianta.[1]
Ceaptar gur ón bPortaingéil a tháinig an géineas Ulex ó thús (tá gach speiceas den ghéineas, timpeall 20 acu, ag fás i Leithinis na hIbéire) agus is é iarthar na hEorpa agus tuaisceart na hAfraice a réimse dúchais anois.[2]
Tá an t-aiteann gallda ar cheann de na na sceacha is fairsinge in Éirinn, ach níltear cinnte cén fáth a bhfuil an t-aiteann seo chomh forleathan. Ceaptar go raibh réimse fáis an aitinn sa mBreatain sách teoranta sular tosaíodh ag gearradh foraoisí na tíre sa Tréimhse Neoiliteach,[3] agus b’fhéidir go raibh an rud céanna amhlaidh in Éirinn. Ceaptar freisin gur scaipeadh an t-aiteann gallda ar fud na tíre mar gheall go raibh an oiread sin tóir air mar phlanda a d’fhéadfaí a shaothrú.[4]
Is in ithir aigéadach a bhíonn an t-aiteann compordach ag fás. Faightear é ar thalamh portaigh, ar thalamh clochach, ar dhumhcha, agus ar thalamh briste agus tréigthe.[1, 5] Tá níos mó aitinn ag fás go háitiúil anois ná mar a bhí mar gheall ar athruithe ar an gcaoi a dhéantar an talamh a bhainistiú—ligtear níos mó garrantaí i bhfiántas anois agus ní thógann sé i bhfad ar an aiteann greim a fháil orthu.[1]
Cur Síos ar an Aiteann
Cuma an Aitinn
Is sceach dhlúth, dheilgneach é an t-aiteann. Bíonn an t-aiteann gallda in ann 3 m ar airde a bhaint amach, ach is sceach íseal, shínte é an t-aiteann gaelach.
Duilleoga an Aitinn
Tá an t-aiteann sa bhfine céanna (Fabaceae) le plandaí trídhuilleacha aitheanta amhail na seamra (nó seamróga mar a thugtar orthu freisin). Cé go bhfuil duilleoga an-difriúla anois ag an aiteann, tá iarsma de dhuilleoga trídhuilleacha na seamra, nod do bhunús sinsearach an aitinn, le feiceáil ar an bplanda nuair a phéacann sé i dtús a shaoil, ach ní choinníonn sé na duilleoga seo ar feadh i bhfad.[6]
Ní ar aon dul le duilleoga plandaí eile iad duilleoga an aitinn. Is duilleoga maolaithe iad a bhíonn an-difriúil ó na duilleoga atá ar phlandaí eile sa bhfine Fabaceae. Bíonn siad beag, tanaí, le cruth lansach nó snáthaidiúil.[6] Bíonn siad deacair le feiceáil freisin, agus ní chabhraíonn sé ach an oiread gur dath glas atá ar dhuilleoga agus ar chraobhacha an aitinn agus é ag fás.
Deilgní an Aitinn
Is iad deilgní glasa an aitinn na tréithe is suntasaí atá ag an bplanda síorghlas seo. Ní duilleoga iad sin, ach géaga na sceiche. Tá struchtúr craobhach ar leith ag an aiteann. Is ar chraobhacha na sceiche (tugtar accessory branch orthu) a fhásann na deilgní príomha, a bhíonn timpeall 5 cm ar fhad. Fásann duilleoga agus deilgní tánaisteacha (a bhíonn níos giorra) ar na deilgní príomha seo. Bíonn deilgní righin, láidir, eitreacha ar an aitinn ghallda a bhíonn timpeall 25 mm ar fhad. Bíonn dath gormghlas ar ghéaga agus ar na deilgní. [5, 7]

Fásann bachlóg san ascaill idir na duilleoga agus na deilgní príomha as a dtagann craobh nua. Fásann an chraobh ar feadh bliana nó mar sin, agus bíonn sé idir 30 cm agus 40 cm ar fhad, ag brath ar an speiceas aitinn. Ansin cailltear an duilleog agus an dealg a bhíonn ag bun na craoibhe, cé go bhfanann siad ar an sceach ar feadh roinnt blianta. Is mar gheall air sin a bhíonn an t-aiteann chomh tirim agus feoite taobh istigh den sceach, agus ní bhíonn ag fás ach an chuid ghlas ar an taobh amuigh den sceach.[8, 9] Is mar gheall air sin, freisin, a bhíonn sé chomh héasca ar an aiteann loscadh in aimsir thirim.
Mar go bhfuil na duilleoga fhéin chomh beag sin, níl mórán clóraifille iontu, an substaint a chuireann ar chumas an phlanda, trí phróiseas fótaisintéise, fuinneamh a ghiniúint as carbón an aeir. Mar chúiteamh ar seo, déanann na deilgní cúram den chuid is mó den fhótaisintéis a dhéanann an planda.[10]
Ní chailleann an t-aiteann mórán uisce ó na duilleoga agus na deilgní spíonlacha trí thrasghalú, rud a chuireann ar a chumas maireachtáil in ithir thirim agus i ngnáthóga feannta.[6] Tugann na deilgní géara (idir dhuilleoga agus chraobhacha) cosaint don phlanda ó innilt ainmhithe freisin.
Bláthanna agus Torthaí

Bíonn boladh láidir cnó cócó ó na bláthanna buí, a fhásann i mbraislí ar an ngéag. Bíonn an struchtúr céanna ar bhláthanna an aitinn agus a bhíonn ar bhláthanna na bplandaí eile atá sa bhfine Fabaceae. Cúig pheiteal a bhíonn ar an mbláth. Tugtar an bhratach ar an bpeiteal uachtarach, bíonn na sciatháin ar cheachtar taobh den bhratach, agus is iad na cílí an dá pheiteal íochtaracha.[9]
De réir mar a théann an séasúr ar aghaidh, filleann an bhratach ina dhá leath agus clúdaíonn sí faighneog na síolta a fhásann taobh istigh. Bíonn dhá dhuilleog sa gcailís a fhanann ar an bplanda de réir mar a aibíonn na síolta.
Bláthú an Aitinn
Deirtear go mbláthaíonn an t-aiteann sa ngeimhreadh agus san earrach. Cé nach mbláthaíonn sceacha aitinn ar feadh na bliana, is minic go mbíonn bláth ar sceach éigin den aiteann ghallda ar feadh na bliana.[7]
Feictear go mbláthaíonn sceacha aonair den aiteann gallda faoi dhó sa mbliain. Le linn tréimhse amháin, fanann na bláthanna oscailte ar feadh achair níos faide, ach ní bhíonn an oiread sin bláthanna oscailte ar an sceach. Is bláthú níos giorra a bhíonn i gceist leis an dara tréimhse bhláthaithe, ach bíonn i bhfad níos mó bláthanna oscailte ar an sceach.
Is minic go dtosaíonn plandaí difriúla dul faoin bpróiseas bláthaithe seo ag amanna difriúla. Mar sin, breathnaíonn sé go mbíonn bláth ar an aiteann gallda beagnach i gcaitheamh na bliana.[11] Ceaptar gur straitéis iomadaithe é seo. Is feithidí a phailníonn bláthanna an aitinn. Mar go mbláthaíonn an t-aiteann gallda beagnach i gcaitheamh na bliana, cabhraíonn sé seo go mór leis iomadú agus scaipeadh go tréan. Anuas ar sin, mar nach mbíonn an oiread pailneoirí ar fáil don phlanda sa ngeimhreadh, fanann na bláthanna oscailte ar feadh tréimhse níos faide ag an am seo den bhliain chun deis a thabhairt dóibh pailniú. Freisin, seasann dath buí na mbláthanna amach go maith do phailneoirí i ndorchadas an gheimhridh.[12]
Bláthaíonn an t-aiteann gaelach uair amháin sa mbliain—ag deireadh an tsamhraidh agus tús an fhómhair.
Pailniú
Is meachain, den chuid is mó, a phailníonn bláthanna an aitinn. Téann na meachain isteach sna bláthanna ag cuartú neachtair (cé nach bhfuil neachtar iontu). Brúitear na cílí ar leataobh agus clúdaíonn an mheach an stíl (an chuid bhaineann den phlanda) le pailin ón staimín. Nuair a tharlaíonn sé seo, breathnaíonn an bláth míshlachtmhar agus seachnaíonn na meachain é ó shin i leith.[9]
Na Síolta
Is torthaí oscailteacha (dehiscent) a bhíonn ag an aiteann, faighneog dhonn (1-2 cm) ina mbíonn idir 1 agus 7 síol donn inti. Forbraítear na síolta taobh istigh den fhaighneog. Tosaíonn an fhaighneog ag triomú, agus cuireann sé seo strus ar an dá thaobh den fhaighneog go dtí go bpléascann sí, ag caitheadh na síolta amach ón bplanda.[9]

Is iomaí bealach atá ag an aiteann le síolta a scaipeadh—tógann feithidí iad, itheann éin iad, imíonn siad leis an ngaoth, agus snámhann siad in uisce.[11] Fanann na síolta suanach mura mbíonn coinníollacha feiliúnach dóibh le péacadh, [11] ach is iondúil go bpéacann an planda go héasca ón síol.
Iomadaíonn an t-aiteann gallda go fásúil freisin, trí meathán a chur aníos ó rútaí faoi thalamh, chomh maith le trí atáirgeadh gnéasach.[11]
Fosú Nítrigine
Is planda é an t-aiteann atá in oiriúint do choinníollacha nach bhfuil feiliúnach do go leor plandaí eile. Amhail plandaí eile sa bhfine Fabaceae, fosaíonn an t-aiteann nítrigin ina chuid fréamhacha, rud a chuireann ar a chumas fás i dtalamh bocht mianrach.[4] Tairgeann an planda na mílte síolta gach séasúr, agus ní mórán plandaí eile atá in ann dul in iomaíocht leis sna gnáthóga sin.[4]
An Hibrid Ulex x breoganii
Is hibrid idir an t-aiteann gallda agus an t-aiteann Gaelach é Ulex x breoganii (nó Ulex gallii fosp. Breoganii) a fhásann sa mBreatain agus in Éirinn. Tá tréithe ag an hibrid, ar nós fad na faighneoige agus líon síolta sa bhfaighneog, agus dath na mbláthanna agus an duilliúir, atá idirmheánach idir an dá phlanda.
Tá sé feicthe ag fás go nádúrtha san oirdheisceart agus timpeall ar na Beanna Boirche i gContae an Dúin. Mar go bhfuil éagsúlacht mhoirfeolaíochta ag an hibrid seo, tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir é agus an dá speiceas nádúrtha.
Is dócha, freisin, go bhfuil an hibrid seo níos forleithne ná mar a cheaptar, mar go síolraíonn sé sna háiteanna ina bhfásann an dá speiceas dúchasach in aice le chéile, achar a chuimsíonn sciar mhaith d’oileán na hÉireann.[1]
Úsáid an Aitinn

Luach an Aitinn
Breathnaítear ar an aiteann inniu mar fhiaile ionrach nach bhfuil aon mhaith ann do thada. Ach is léir, ón obair a rinne A.T. Lucas (1911-1986) ar an ábhar seo sna seascaidí, go raibh am ann nuair a bhí an t-aiteann thar a bheith tábhachtach do phobal na hÉireann.
Bhí luach ag aiteann—ghearrtaí deachú eaglasta ar gharrantaí aitinn sa 16ú haois. Bhí táirgeacht gharraí aitinn (furzy pasture a thugtaí air) chomh luachmhar céanna le talamh arúil i gContae Áth Cliath sa 17ú haois. Ba mhór an buntáiste é don té a raibh aiteann ag fás ar a thalamh.[4] Bhí an rud céanna amhlaidh i Sasana. In 1662 dúradh go raibh níos mó brabúis i mothair aitinn ná mar a bhí i dtalamh cruithneachta.[3] Is léiriú é ar shaibhreas an aitinn an nath a bhíodh acu i gContae Chiarraí:
“An t-ór faoin aiteann, an t-airgead faoin luachra, agus an gorta faoin bhfraoch.”[13]
Shaothraítí an t-aiteann i gContae Chorcaí in 1810—chuirtí é i rónna comhthreomhara, ag fágáil dóthain spáis idir na rónna le go bhféadfaí barraí eile a chur eatarthu. D’fhágtaí an t-aiteann ag fás ar feadh ceithre bliana nó go mbeadh sé 2 m ar airde, agus ansin bhaintí é.[4] I Mala, Contae Chorcaí, bhí móinéar aitinn—drochthalamh ina raibh aiteann curtha—ag beagnach chuile fheirmeoir.
D’úsáidtí adhmad aitinn mar bhreosla. Nuair a bhí an t-aiteann réidh le baint, loisctí an garraí leis an duilliúr agus na géaga beaga a dhó. Ní dhódh adhmad tiubh an aitinn le linn an loiscthe, agus bhaintí é ina dhiaidh le húsáid mar bhreosla.[4]
D’úsáideadh báicéirí, ach go háirithe, an breosla, ach dhóití i dtornóga aoil é agus bhaintí leas as mar bhreosla ginearálta, freisin.[14] Is adhmad aitinn a dhóití chun brící a dhéanamh i Sasana.[3] Tá saibhreas potaise i luaith aitinn, ábhar a úsáideadh i Sasana i ndéantúsaíocht gallúnaí.[3]

Aiteann do bheostoc
Is mar bheathú do bheostoc—capaill agus beithígh—a d’úsáidtí go leor den aiteann a saothraíodh.[14] Dár ndóigh, bhí an sceach shíorghlas seo in ann fodar a chur ar fáil i dtréimhse den bhliain nuair nach raibh mórán fáis eile ann.[3]
Cé go n-itheann ainmhithe na géaga óga glasa nuair a bhíonn siad bog, cruann na deilgní go tapa ar an bplanda agus seachnaíonn ainmhithe iad ina dhiaidh sin. Le gur féidir aiteann a úsáid mar fhodar, bhíodh sé le bualadh agus le brú chun na deilgní a mhaolú agus a bhriseadh. B’obair fhada, leadránach a bhí anseo—ba mhinic iad a bhrú i moirtéal cloiche ar feadh uaireanta fada an chloig[4] (thugtaí whin-mills ar an obair seo i Sasana).[3] Dúirt duine amháin, ó Phort an Dúnáin, Co. Ard Mhacha, in 1811:
“All the green parts are chopped off and put into a trough with a very solid bottom; here two or three men beat and mince them with instruments…in this state the whins may be given to horses. But it is still better for horses, and necessary for cows, that they should be softened somewhat.”[4]
Is cosúil go dtabharfaí suntas do bhreáthacht an chapaill a mbeadh aiteann aige mar bheathú.[13] Cheaptaí go raibh leigheas san aiteann freisin do larbha na boiteoige (Gastrophilus intestinalis), míoltóg a bhíonn coitianta in Éirinn sa samhradh. Faigheann capaill fíniú na larbha seo ina mbolg, ó am go ham.
D’úsáidtí aiteann (chomh maith le tuí, luachair (Juncus spp.) agus raithneach (Pteridium aquilinum))[15] mar easair—plandaí tirime a scaiptí ar urlár na gcróití, nó ar an talamh i gcúinne de gharraí, le compord a thabhairt d’ainmhithe agus iad ina luí. Bhaintí úsáid astu i gclósanna feirme freisin mar cuid den aoileach. Chaití ar thalamh an chlóis é, go háirithe in áiteanna a bhíodh fliuch nó cartaithe ag na hainmhithe, agus ligtí cead dó lobhadh. Dhéantaí carnáin de agus scaiptí sna garrantaí é (agus ar na fataí i gCiarraí)[15] de réir mar a bhí sé ag teastáil.
Úsáidí Eile don Aiteann
D’úsáidí aiteann i dtionscadal na tógála freisin. Bhí an t-adhmad in úsáid ar dhíonta tithe agus cróití—go hiondúil faoin scraith agus faoin tuí. Bhíodh an t-adhmad in úsáid freisin i mballaí tí.[4] Déantar cur síos mar seo ar an gceird i gContae Chorcaí:
Ar dtúis gheóbhainn scoilb sé slait salaidhe a fásann in áit fliuch riasgaig no slait tanaidhe aiteann a fhásann i brácha aiteann. Cuirfinn bior ar dhá thaobh gac sgolb agus glanfainn é go mbead sé go deas reidh. Annsin déanfainn an tuighe d’ullmhiú Déanfainn Tuighe cruitneachtan is fear ac dhéanfadh tuige coirce an gno leis.
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 382: Leathanach 587
D’úsáidtí an t-aiteann freisin mar bhunsraith bóithre, sa tslí chéanna a úsáidtear fós é sna portaigh mar chis.
Ghlantaí simléir agus toibreacha le craobhacha aitinn.[4] Dhéantaí camáin as adhmad aitinn freisin—thugtaí spaic nó spaic aitinn ar an gcamán.[4] Is iondúil gur píosa den bhfréamh le cor ann a d’úsáidtí.
D’ úsáidtí adhmad aitinn in íochtar potaí gliomaigh san Aird Thoir, i gCarna, Co. na Gaillimhe. Is as an saileánach (Salix viminalis) a dhéantaí an chuid eile den phota. D’úsáidtí adhmad aitinn le crogaí na gcurrachaí a dhéanamh freisin (leagtar an maide rámha anuas ar na crogaí agus is orthu a chasann siad).[4, 16]
D’úsáidtí coirt an aitinn chun dath buí a chur ar olann.[3, 17] Chuirtí aiteann mar fhálta sceach freisin—bhí sé de bhuntáiste go bhfásfadh sé i dtalamh bhocht nach raibh maith ar bith ann do thada eile.[4, 14] Chuirtí mothair aitinn le clúdach a thabhairt d’éanlaith ghéim freisin.[3, 14]
Cé go bhfuil an t-aiteann gallda fairsing ar fud na hÉireann anois, léiríonn taifid stairiúla gur mó úsáide a bhí á baint as aitinn in oirthear agus i ndeisceart na tíre. Ní fios an é nach raibh daoine ag úsáid aitinn i gConnacht agus in Ulaidh, nó an é go raibh sé in úsáid, ach nach bhfuil taifid ann á léiriú seo.[4]
Níl an t-aiteann gallda dúchasach i dtuaisceart agus iarthar na Breataine Bige, ach tugadh síolta aitinn isteach sa gceantar ó Éirinn, san 18ú haois, chun é a fhás mar fhodar do bheithígh. Ceaptar gur tugadh aiteann go Tír Chonaill ar an údar céanna.[3]
Tháinig deireadh le húsáid fhorleathan an aitinn am éigin san 19ú haois. Faoin am gur tháinig na 1930idí, ba léir nach raibh aon mheas ar an aiteann mar bheathú do bheithígh (má bhí riamh) i gCarna, Contae na Gaillimhe.[15]
Béaloideas an Aitinn
Níl an oiread sin béaloidis faoin aitinn agus a bheifí ag súil leis, i bhfianaise na húsáide a bhaintí as an sceach. Ach bhí traidisiún coitianta in Éirinn ar Lá Bealtaine a bhain le sceacha agus crainn éagsúla, an t-aiteann ina measc. Lastaí craobh aitinn agus chuirtí faoi útha na bó é Oíche Bealtaine le cosaint a thabhairt don ainmhí ón olc.[4]
In áiteanna eile thiomáintí beithígh idir dhá chraobh lasta (thugtaí scotháin orthu), nó bhuailtí na hainmhithe leo.[4] B’fhéidir gur aiteann a úsáideadh mar go bhfuil sé níos inlasta ná craobhacha sceacha eile, mar gheall ar na géaga feoite a bhíonn ar an gcraobh.
I gContae an Chláir thugadh an buachaill is sine sa teach craobh aitinn isteach Oíche Bhealtaine agus d’fhágtaí faoi rachtaí an dín é ar feadh bliana le go mbeadh rath agus ádh ar an teaghlach.[13]
Deirtear go raibh mí-ádh ag baint leis an aiteann in Éirinn freisin.[14] Is ag troid ar feadh bliana a bheidh muintir an tí i gContae an Chláir má thugtar aiteann isteach sa teach Oíche Bhealtaine—moltar sceach gheal (Crataegus monogyna) a thabhairt isteach más ádh (agus síocháin) atá de dhíth.[15]
Leigheas
Cheaptaí go raibh leigheas don bhuíochan san aiteann—bhruití na bláthanna agus d’óltaí an deoch. B’é an cógas céanna a bhí ann chun phéisteanna i ngasúir a leigheas, i gContae Shligigh, ach na bláthanna a bhruith le bainne seachas uisce.[4, 14] Dheirtí go raibh sé go maith do dhó croí an duilliúr óg a ithe agus coirt na sceiche a dhiúil i Loch Garman, agus bhí sú na mbláthanna (feochta i siúcra) go maith do chasacht i bPort Láirge.[4]
D’úsáidtí na bláthanna le fáil réidh le slócht i gContae Dhoire. Laghdaigh barr na ngéag óga at i ndaoine agus ainmhithe, de réir taifid ó Chontae na Mí.[4] Dheirtí gur leigheas ar chasacht i dTír Chonaill a bhí san aiteann Gaelach[15] agus ar fhaile i Loch Garman (na géaga úra a chogaint agus an sú a shlogadh).[4]
Ní fios ar úsáideadh an t-aiteann mar bhia do dhaoine, ach bhí nath cainte i gCiarraí, “d’íosfadh sé aiteann bruite”, tagairt don ocras a bheadh ar dhuine le linn an drochshaoil.[15]
Ainmneacha an Aitinn
Is minic go mbíonn roinnt ainmneacha difriúla ar phlandaí a raibh an-úsáid ag baint leo, agus tá sé seo amhlaidh leis an aiteann. Tá ‘aiteannach’ ar an aiteann i dTír Chonaill. B’fhéidir gur athraigh an aidiacht ‘aiteannach’ (áit ina bhfuil aiteann ag fás ann) go ainmfhocal tar éis imeacht ama.[4]
Is féidir tagairtí don fhocal aiteann (‘aittiun’) a fháil i lámhscríbhinní ón 8ú céad. Is eithin atá ar i mBreatainis.
Maidir leis an mBéarla, is whins a bhíonn in úsáid ó thuaidh den líne ó Chontae Mhaigh Eo go Contae an Lú, agus furze ar an aiteann ó dheas den líne sin. Is cosúil gur ainm ó Shasana é gorse, agus nach mbíodh sé in úsáid ach ag daoine a d’fhoghlaim an focal sin ó leabhair (nó acu siúd a chonaic i Sasana é agus a thug ar ais an focal).[4]
Téarmaíocht an Aitinn
D’úsáid sciar suntasach de phobal na hÉireann aiteann mar bhreosla agus mar fhodar. Ba léir gur tionsclaíocht mhór a bhí i gceist le aiteann a fhás, a bhaint, agus a iompar, agus gur ar an obair sin a bhí go leor de mhuintir na tíre ag brath mar shlí bheatha.[4] Cosúil le hobair phortaigh nó obair iascaireachta, bhí réim teanga in úsáid maidir le hobair aitinne, téarmaíocht atá imithe ón gcaint anois.
D’úsáidtí corrán fiaclach agus píosa adhmaid déanta as saileach (Salix spp.), a dtugtaí gabhlóg air (ladharóg a thugtaí air i nDún na nGall), le go bhféadfaí na craobhacha deilgneacha a láimhseáil gan gortú.
Bhaintí aiteann le speal aitinne freisin, oirnéis a bhí níos láidre ná gnáthspeal. Thug dornóg—miotóg déanta as súgán—cosaint do na lámha le linn na hoibre seo. Ghlaoití mútóg air i gContae Phort Láirge.
Bhrúití an t-aiteann—sula dtugtaí é d’ainmhithe mar fhodar—le máiléad aitinn, agus ghearrtaí é le rámhan aitinn agus scian aitinn. Scothán a bhí ar chraobh gearrtha. Speathánach a bhí ar na sceacha aitinn a dhóití agus iad ag fás, sula mbailítí an t-adhmad mar bhreosla. Bhí loisgneach ar seo freisin.
Tagairtí
1. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
2. Ainouche, A., et al., Phylogenetic relationships within tribe Genisteae (Papilionoideae) with special reference to genus Ulex. Advances in legume systematics, 2003. 10: p. 239-252.
3. Rymer, L., Ethnobotany and Native Distribution of Gorse (Ulex europaeus L.) in Britain. Environmental Conservation, 1979. 6(3): p. 211-213.
4. Lucas, A.T., Furze: A Survey and History of Its Uses in Ireland. Béaloideas, 1958. 26: p. 1-204.
5. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
6. Clements, D.R., D.J. Peterson, and R. Prasad, The biology of Canadian weeds. 112. Ulex europaeus L. Canadian Journal of Plant Science, 2001. 81(2): p. 325-337.
7. Stace, C., New Flora of the British Isles. 4ú ed. 2019: C&M Floristics.
8. Skipper, E.G., The Ecology of the Gorse (Ulex) with Special Reference to the Growth-Forms on Hindhead Common. Journal of Ecology, 1922. 10(1): p. 24-52.
9. Stokes, K.E., J.M. Bullock, and A.R. Watkinson, Ulex gallii Planch. and Ulex minor Roth. Journal of Ecology, 2003. 91(6): p. 1106-1124.
10. Medina-Villar, S., et al., The green thorns of Ulex europaeus play both defensive and photosynthetic roles: consequences for predictions of the enemy release hypothesis. Biological Invasions, 2022. 24(2): p. 385-398.
11. Cárdenas-Cárdenas, M.A. and F. Cortés-Pérez, Life history of Ulex europaeus and management actions to control its invasion. Actualidades Biológicas, 2023. 45(119).
12. Bowman, G., M. Tarayre, and A. Atlan, How is the invasive gorse Ulex europaeus pollinated during winter? A lesson from its native range. Plant Ecology, 2008. 197(2): p. 197-206.
13. Williams, N., Díolaim Luibheanna. 1993, Sáirséal-Ó Marcaigh: Baile Átha Cliath.
14. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
15. Bhreathnach, Ú., An introduction to the National Folklore Collection and Meitheal Dúchas. ie. 2019.
16. Ó Tuairisg, S., Cumarsáid Phearsanta. 2024.
17. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.