An fhine Adoxaceae

Is sa bhfine Adoxaceae atá dhá chrann (ach is minice a thugann muid sceacha orthu) a fhásann go dúchasach in Éirinn—an trom (Sambucus nigra) agus an chaor chon (Viburnum opulus).

Tá an trom ar an bplanda ón bhfine Adoxaceae is coitianta in Éirinn, agus ba phlanda tábhachtach é do shochaí na tíre fadó.

An trom (Sambucus nigra)
An chaor chon (Viburnum opulus)

Bíonn imeall na nduilleog fiaclach i bplandaí na fine seo agus bíonn na duilleoga (agus na bachlóga sa ngeimhreadh) ar aghaidh a chéile ar an ngéag. Bíonn bláthra de bhláthanna beaga le cúig pheitil acu. Is drúp é toradh na sceiche—síol le clúdach crua adhmadach atá timpeallaithe ag ábhar bog feolmhar (an chaor).

Is ó phlanda beag eile sa bhfine, moscadal (Adoxa moschatellina), ilbhliantóg atá coitianta sa mBreatain ach an-annamh in Éirinn, a fuair an fhine an t-ainm Adoxaceae. Níl sé le fáil ach ar dhá shuíomh in Éirinn[3]—in aice le Béal Feirste agus in aice le Baile Átha Cliath—agus ceaptar gur tugadh isteach sa tír é.[4]

Is í an tSín ceantar dúchais na bplandaí ón dá ghéineas eile atá sa bhfine Adoxaceae. Sinadoxa agus Tetradoxa.

Plandaí sa bhfine Aquifoliaceae