Torthaí agus Síolta

Bíonn torthaí agus síolta ag gach planda a bhfuil bláth air. Go heolaíoch, is éard is toradh ann ná an t-ubhagán aibí a bhfuil síolta taobh istigh ann. Forbraítear an toradh tar éis don bhláth pailniú. Clúdaíonn an toradh na síolta, agus tá dhá phríomh-sprioc aige: an síol a chosaint, agus tacú le scaipeadh na síolta.
Ní gá go mbeadh toradh mór agus feolmhar, cosúil le úlla agus plumaí. Bíonn torthaí tirime agus adhmadacha ag plandaí freisin. Tá go leor cineálacha torthaí ag crainn agus sceacha na hÉireann. Cuimsítear ina measc pómaí (torthaí na sceiche gile agus an chaorthainn), drúip (silíní agus airní), capsúil (saileacha agus poibleoga), caora (torthaí na fraochóige agus an troim), cnónna (cnónna coill agus dearcáin na darach), faighneoga (torthaí an aitinn), aicéiní (beitheanna agus fearnóga), agus roinnt cineálacha eile.
Forbairt Torthaí
Cairpéal go Ubhagán go Toradh
Bíonn an cineál toradh a bhíonn ag planda ag brath ar an méid cairpéil sa mbláth. Cuimsíonn an cairpéal an t-ubhúlach (an áit a mbíonn na huibheacha), an stiogma (an áit a ghlacann le pailin), agus an stíl (an tiúb a nascann an dá orgán).
Más cairpéal amháin bhíonn sa mbláth, is ubhagán simplí a fhorbraítear. Más níos mó ná cairpéal amháin a bhíonn ann, comhleánn siad chun ubhagán cumaisc a chruthú. Uaireanta nascann codanna eile den bhláth den ubhagán de réir mar a fhorbraítear an toradh. Eascraíonn torthaí agus síolta éagsúla as na próisis seo go léir.
Cineálacha Torthaí
Aicéiní agus Samáir
Is toradh tirim í an aicéin, atá chomhdhéanta de chlúdach tanaí, cosúil le páipéar, le síol amháin taobh istigh di. Ní bhíonn an síol greamaithe de chlúdach na haicéine. Ní osclaíonn an aicéin chun an síol a scaoileadh—briseann an síol tríd an gclúdach nuair a thosaíonn sé ag fás. Is aicéiní iad na ‘síolta’ beaga a bhíonn ar dhromchla an tsutha talún.
Bíonn sciatháin ar chlúdach na n-aicéin a bhíonn ar chrainn cosúil leis na fearnóga agus na beitheanna. Tugtar samáir ar na haicéiní sciathánacha seo. Bíonn na samáir seo istigh i strobalais (nó ‘cóin’) na bhfearnóg agus na mbeitheanna. Nuair a bhíonn na cóin seo aibí, osclaíonn siad agus imíonn na samáir sa ngaoth.
Bíonn samáir ar mhailpeanna freisin, an seiceamóir san áireamh. Sa chás seo, ní i strobalais a bhíonn siad, ach greamaithe dá chéile agus ag crochadh anuas ón gcraobh.
Capsúil
Is capsúil iad torthaí na saileach agus na bpoibleog. Is torthaí oscailteacha iad na capsúil. Forbraíonn siad taobh istigh de na caitíní baineanna. Osclaíonn na capsúil nuair a bhíonn siad aibí chun na síolta beaga a scaoileadh amach. Bíonn ribí beaga gruaige ar na síolta a chuidíonn leo imeacht sa ngaoth.
Is capsúl freisin a bhíonn ag an bhfeoras mar thoradh. Osclaíonn an capsúl bándearg chun an t-aral oráiste a nochtadh. Is istigh san aral a bhíonn an síol. Bíonn dathanna geala ar thoradh an fheorais chun éanacha a mhealladh.
Cnónna
Is torthaí tirime ar leith iad cnónna. Tugtar fíor-chnónna orthu uaireanta chun idirdhealú a dhéanamh idir iad agus torthaí eile a thugann daoine cnónna orthu. Bíonn blaosc crua adhmadach, nach n-osclaíonn chun an síol aibí a scaoileadh, ag cnónna. Ní fhorbraíonn cnónna ach i mbláthanna a mbíonn ubhagáin chumaisc iontu (rud a tharlaíonn nuair a bhíonn níos mó ná cairpéal amháin sa mbláth).
Bíonn cnónna cosúil le cnónna coill agus dearcáin na ndarach suite istigh i gcupúl, crotal a fhorbraíonn ó ghais agus ó bhrachtanna na mbláthanna. Bíonn cupúl na ndearcán crua, ach bíonn an crotal a bhíonn ar cnónna coill bog agus cosúil le duilleoga.
Cé nach gclúdaíonn an cupúl ach leath de na cnónna seo, clúdaíonn crotal spíonlach chupúl na feá agus an chastáin an cnó ina iomlán. Osclaíonn an crotal chun na cnónna aibí a scaoileadh.
Caora
Cé go dtugann muid caora ar na torthaí a bhíonn ar chrainn cosúil leis an gcaorthann agus an sceach gheal, níl sé sin cruinn. Is toradh gan cloch ina lár, a tháinig ó bhláth amháin le ubhagán amháin, í an chaor. Ag úsáid an tsainmhínithe seo, is caora iad na torthaí a bhíonn ar an bhfraochóg, an chaithne, agus an trom.
Drúip
Is torthaí boga, feolmhara iad drúip. Bíonn blaosc chrua (tugtar ioncharp air) sa lár, ina mbíonn síol amháin taobh istigh ann. Is drúip iad na torthaí a bhíonn ag crainn agus sceacha sa ngéineas Prunus—silíní agus airní ina measc. Is mar gheall ar an gcroí adhmadach crua seo a thugtar clochthorthaí ar na torthaí seo.
Is drúip freisin iad na torthaí a bhíonn ar an gcaor chon, cé go dtugann muid caora orthu. Tá go leor drúp inite—is drúip iad ológa agus cnónna cócó.
Pómaí
Is pómaí iad na torthaí a bhíonn ag crainn úll agus crainn phiorraí. Bíonn síolta (bíonn níos mó ná síol amháin i gceist) an toraidh seo clúdaithe le croí righin. Tá cleachtadh maith againn ar an gcroí righin seo nuair a itheann muid úll, agus bíonn na síolta feiceálach leabaithe taobh istigh den chroí.
Bíonn croí an phóma é féin timpeallaithe ag substaint fheolmhar (a itheann muid go minic). Ní ón ubhagán a thagann an chuid fheolmhar seo, ach is ón ngabhdán—gas an bhlátha—a thagann sí. Is mar gheall go mbíonn níos mó ná ubhagán amháin sa toradh a thugtar ‘accessory fruits’ ar phómaí. Is pómaí iad na torthaí a bhíonn ag an sceach gheal, an caorthann, agus na cainchíní freisin.
Torthaí na Léagúm
Tugtar léagúim ar phlandaí sa bhfine Fabaceae, agus tá an ghiolcach shléibhe agus an dá chineál aiteann atá dúchasach in Éirinn sa bhfine seo. Tá go leor plandaí dúchasach eile sa gclann plandaí Fabaceae—peasairí (Vicia spp.), na seamairí (Trifolium soo) agus crobhanna éin (Lotus spp), ina measc. Is ann freisin atá piseanna agus pónairí, agus cosúil leis na glasraí seo, is faighneoga iad torthaí na bplandaí seo.
Osclaíonn na faighneoga nuair a bhíonn siad aibí chun na síolta a scaoileadh. Is iondúil go dtarlaíonn sé seo nuair a éiríonn siad sách tirim. I gcás plandaí cosúil leis an aiteann, osclaíonn na faighneoga le pléascadh, agus scaiptear na síolta roinnt méadar ón bplanda. Tugtar toradh oscailteach ar thorthaí tirime mar seo a osclaíonn nuair a bhíonn siad aibí.
Cineálacha Torthaí Eile
Ní fíor-chaora iad sméara dubh na drise. Is braisle de dhrúipíní—torthaí beag iontu féin—í an sméar. Is drúp amháin é gach drúipín, le síol a bhíonn timpeallaithe ag clúdach crua, agus an clúdach sin timpeallaithe ag an gcuid fheolmhar.

Eascraíonn gach drúipín ó chairpéal éagsúil a bhí ar an mbláth. Bíonn na cairpéal cruinnithe timpeall ar ghabhdán amháin. Nuair a phioctar sméar, tagann an gabhdán leis. Ach nuair a phioctar sú craobh, fanann an gabhdán ar craobh an phlanda.

Tugtar mogóirí ar thorthaí an róis, agus níl siad cosúil le torthaí plandaí eile. Tugtar torthaí bréagacha orthu, mar nach mbaineann an chuid fheolmhar den mhogóir le balla an ubhagáin, mar a mbaineann le torthaí eile. Is éard atá sa gcuid fheolmhar den mhogóir ach an cupán bláthach, ina raibh an codanna éagsúla den bhláth. Is istigh ansin bhíonn torthaí an róis. Is aiceíní beaga clúmhacha iad.