Bláthanna agus Bláthraí

Bíonn bláthanna ar gach crann agus sceach nach buaircíneach iad, ach ní mar a chéile a bhíonn gach bláth. Níl mórán crann ná sceach a mbíonn bláthanna aonair acu. Is iondúil gur bláthraí, struchtúir chasta le go leor bláthanna éagsúla, a bhíonn acu. Tugtar panacail ar na bláthraí fada a bhíonn ar an seiceamóir, agus is coirímí a bhíonn ar leithéidí an caorthann agus an sceach gheal. Bíonn caitíní, struchtúir fhadaithe le go leor bláthanna, ag saileacha, daracha, fearnóga, agus beitheanna.

Réamhrá

Braisle de bláthanna ar an gcrann silíní fiáin.
Bláthanna ar an draighean fearna.

Seachas an crann silíní fiáin, an draighean fearna, agus an paide bréan, níl mórán crann agus sceacha dúchasacha in Éirinn a mbíonn bláthanna aonair, nó i mbraislí beaga acu. Bíonn sé níos éifeachtaí ag crainn bláthraí móra feiceálacha a fhás, ionas gur féidir feithidí agus pailneoirí eile a mhealladh chucu. Tá go leor cineálacha bláthra ann; raicéimíl, panacail, agus coirímí, ina measc.

An Raicéim

Is i raicéimí a fhásann na bláthanna a bhíonn ar méaracán an phúca. Osclaíonn na bláthanna in íochtar ar dtús.

Is bláthra neamhchraobhach é an raiceim, ar a mbíonn bláthanna aonair ag fás amach ó ghas fada amháin. Bíonn na bláthanna is sine ag íochtar an raicéime, agus na bláthanna níos óige in uachtar. Is raicéimí iad bláthanna an donnroisc, chomh maith leis na bláthanna a bhíonn ar mhéaracán an phúca.

An Choirím

Coirím ar an caorthann.
Coirím ar an sceach gheal.

Bíonn os cionn 200 bláth i mbláthra an chaorthainn. Tugtar coirím ar an mbláthra seo, ina mbíonn gais níos faide ar bhláthanna a fhástar ó íochtar an phríomhghais, ná na bláthanna a fhástar ó uachtar an phríomhghais. Mar gheall air seo, bíonn bláthanna an bhláthra go léir ar an leibhéal céanna, a bheag nó a mhór. Bíonn na bláthanna is sine ar imeall an bhláthra, agus is iad a osclaíonn ar dtús. Is coirimí iad bláthraí na sceiche gile freisin.

An Panacal

Panacal, ceartseasmhach ar an gcrann cnó capaill.
Panacal an tseiceamóra, ag crochadh anuas ón gcraobh.

Tugtar panacail ar bhláthraí fada an tseiceamóra, a chrochann anuas ón ngéag. Is bláthra craobhach é an panacal, a bhfuil raicéim de bhláthanna ar gach craobh den phanacail. Mar gheall air seo, is bláthra móra, casta iad. Feictear panacail freisin ar an bhfuinseog agus ar an gcrann cnó capaill.

An Chíme Chumaisc

Tugtar címe chumaisc ar bhláthra an troim.
Bíonn bláthanna beaga torthúla ar an gcaor chon timpealaithe ag bláthanna móra aimride.

Tugtar címe chumaisc ar bhláthra an trom. Ciallaíonn sé seo go mbíonn gas craobhach ag an mbláthra, agus bíonn bláth ag deireadh gach craobh. Bíonn barr maol ag na bláthraí seo. Osclaíonn na bláthanna sa lár ar dtús (is iad na bláthanna ar an imeall a osclaíonn ar dtús i gcas na coiríme).

Tá bláthra spéisiúil ag an gcaor chon, sceach dhúchasach. Is címe chumaisc é freisin, ach tá sé difriúil ó bhláthra an troim. Ar an gcaor chon, bíonn an bláthra timpeallaithe ag bláthanna móra aimride a mheallann pailneoirí (feithidí). Taobh istigh díobh, bíonn na bláthanna beaga torthúla. Cinntíonn an struchtúr seo go mbeidh pailniú éifeacht déanta ar na bláthanna.

Caitíní

Pailin ag teacht ar chaitín fireann ar an tsaileach bhriosc.
Caitín baineann ar an tsaileach rua.

Is spíce fadaithe, dlúth le bláthanna beaga gan peitil, atá sa gcaitín. Is iondúil go mbíonn caitíní baineann nó fireann. Bíonn caitíní ar go leor crainn dhúchasacha. I gcás saileacha, bíonn caitíní baineanna agus fireanna ar chrainn dhifriúla. I gcás na beitheanna, na fearnóga, agus na daracha, bíonn na caitíní ar na crainn chéanna.

Caitíní fireanna ar an dair ghallda.
Bláth baineann ar an gcrann céanna.

Bíonn caitíní fireanna fada ar an gcoll, ach is bláth beag neamhfheiceálach é bláth baineann an chrainn sin.

Is iondúil go ndéanann an ghaoth na caitíní a phailniú.