Atáirgeadh Plandaí

Úsáideann crainn agus sceacha bláthanna chun atáirgeadh. Forbraítear an toradh agus na síolta san ubhagán, atá ag íochtar na stíle. Gobann an stíl amach go hiondúil ó lár an bhlátha. Le go dtarlóidh an toirchiú seo, aistrítear pailin ó antair an bhlátha céanna, nó bláth éigean eile den speiceas céanna, go dtí an stiogma, ag barr na stíle. Aistrítear an pailin go hiondúil ag úsáid na gaoithe nó feithidí éagsúla.
Bláthanna heirmeafraidíteacha
Bíonn orgáin atáirge bhaineanna (stíleanna agus stiogmaí) agus orgáin fhireanna (staimíní agus antair) i mbláthanna heirmeafraidíteacha—tugtar bláthanna foirfe orthu freisin. Ciallaíonn sé seo go bhfuil bláth mar seo in ann é féin a phailniú—ach déantar cros-phailniú (pailnítear an bláth le pailin ó bhláth eile) freisin chun éagsúlacht ghéiniteach a mhéadú. Is bláthanna foirfe a bhíonn ar fhormhór de na plandaí sa bhfine Rosaceae—rósanna, crainn úlla, agus an crann silíní fiáin ina measc.
Crainn mhoinéiciacha
Bíonn crann moinéiciach nuair a bhíonn bláthanna fireanna agus bláthanna baineanna ar an gcrann céanna. Cosúil le bláthanna foirfe, is féidir le féin-phailniú tarlú le crainn mhoinéiciacha, ach bíonn an baol níos ísle. Is crainn mhoinéiciacha iad cuid de na crainn dhúchasacha is coitianta—an dair, an bheith, agus an coll, ina measc.
Crainn dhé-éiciacha
I gcás crainn dhé-éiciacha, bíonn bláthanna fireanna agus bláthanna baineanna ar chrainn dhifriúla. Sa chás seo, ní féidir le féin-phailniú tarlú. Go deimhin, le go dtarlóidh pailniú ar chor ar bith, caithfear crann baineann agus crann fireann a bheith sách gar dá chéile le go n-aistreoidh an phailin idir an dá chrann. Is crann dé-éiciach é an cuileann—ní bhíonn caora ach ar na crainn le bláthanna baineanna.