Bachlóga

Bíonn bachlóga duilleoige agus bachlóga bláthanna ar ghéaga chrainn agus is istigh iontu a fhorbraíonn na duilleoga agus na bláthanna. Tosaíonn na bachlóga féin ag forbairt ag deireadh an tsamhraidh nó ag tús an fhómhair. Tugann dath, cruth, agus méid na bachlóige, chomh maith le suíomh na bachlóige ar an ngéag, le fios cén cineál crann atá ann.
Bachlóga Urchomhaireacha agus Ailtéarnacha
Is tréith bhunúsach í chun crainn a aithint an mbíonn na bachlóga (agus na duilleoga) ag fás ar aghaidh a chéile ar an ngéag (urchomhaireach) nó go hailtéarnach. Fásann siad go hailtéarnach ar fhormhór na gcrann, ach tá crainn choitianta ann, cosúil leis an bhfuinseog, an trom, agus an seiceamóir, a mbíonn na bachlóga ar aghaidh a chéile.
Bachlóga Ailtéarnacha
Bachlóga Urchomhaireacha
Scálaí na mBachlóg
Bíonn bachlóga fhormhór na gcrann clúdaithe ag scálaí bachlóige, a chosnaíonn na duilleoga atá ag forbairt taobh istigh ón bhfuacht nó ó dhamáiste. San Earrach, de réir mar a éiríonn na laethanta níos faide agus níos teo, méadaíonn na bachlóga, agus osclaíonn na scálaí chun an duilleog nua a scaoileadh amach. Is féidir crainn a aithint ón méid scálaí, agus na cineál scálaí, atá ar na bachlóga.
Bachlóga ar an nGéag
Bíonn bachlóga brúite síos ar an ngéag ar chrainn éagsúla, cosúil le saileacha agus an crann sleamhain. I gcrainn eile, cosúil leis an bhfearnóg agus an fheá, bíonn siad crochta suas agus amach ón ngéag.
Bachlóga Clúmhacha
Bíonn bachlóga agus géaga clúmhacha ar an mbeith chlúmhach, ach bíonn bachlóga na beithe gile neamhchlúmhach. Bíonn sé deacair na crainn seo a aithint óna chéile gan breathnú ar na ngéaga agus ar an gcoirt.
Tréithe Eile na mBachlóg
Is tréith úsáideach é dath na bachlóige chun an crann a aithint. Bíonn bachlóga dubha ar an bhfuinseog agus bíonn bachlóg mhullaigh—bachlóg mhór ag deireadh na géige—ar an bhfuinseog freisin.
Bíonn bachlóga glasa ar an seiceamóir. Bíonn bachlóga dearg-oráiste ar an dair, agus bachlóga dearga ar an gcaor chon. Bíonn bachlóga fada caola ar an bhfeá, agus bachlóga móra greamaitheacha ar an gcrann cnó capaill.