Foraoiseacht in Éirinn

Is ag tús an 20ú haois a bhunaigh an Stát earnáil na foraoiseachta in Éirinn. Faoin am sin, ní raibh ach 1.6% den tír clúdaithe le crainn. Ba é an péine Albanach an crann ba thábhachtaí don tionscal ar dtús ach, nuair a tosaíodh ag cur ar thalamh bocht, imeallach, thosaigh an sprús Sitceach agus an péine Contórtach ag teacht chun cinn. Sna 1950idí, ba é an sprús seo an crann ba mhó a cuireadh ar phortaigh agus is é an speiceas tráchtála is tábhachtaí in Éirinn anois.
Inniu, tá níos lú ná 11% d’Éirinn clúdaithe le crainn, agus is fáschoillte tráchtála iad 87% de sin. Is fiú timpeall €2.3 billiún earnáil na foraoiseachta do gheilleagar na tíre. Mar sin féin, cruthaíonn an spleáchas ar chrainn neamhdhúchasacha cosúil leis an sprús Sitceach fadhbanna comhshaoil—aigéadú ithreach agus uisce, meath na bithéagsúlachta, agus caillteanas gnáthóige, ina measc. Ardaíonn na dúshláin seo ceisteanna faoi inbhuanaitheacht na foraoiseachta in Éirinn.
Bunú Earnáil na Foraoiseachta
Thosaigh foraoiseacht in Éirinn nuair a bunaíodh ionad traenála foraoiseachta sa gCraobhach i gContae Chill Mhantáin in 1905. Ag an am sin, bhí timpeall 122,000 heicteáir, nó 1.6% d’achar na tíre faoi chlúdach crainn—an t-achar is lú ó leá na n-oighearshruthanna.
Ceapadh Sasanach, Arthur Forbes, mar an chéad Stiúrthóir Foraoiseachta in Éirinn chun an tionscnamh a thiomáint. Ba fhear é a bhreathnaigh ar an bhforaoiseacht go príomha mar earnáil thráchtála.[1]
An Péine Albanach
Tugadh tús áite don phéine Albanach nuair a bunaíodh an tseirbhís fhoraoiseachta. Cuireadh lear mór den chrann idir sin agus 1950, nuair a laghdaíodh go mór an líon a bhí curtha sa tír.
Tharla an t-athrú seo nuair a feiceadh go raibh an péine contórtach (Pinus contorta) ag soláthar crainn níos feiliúnaí, go háirithe ar thalamh imeallach ar a raibh an péine Albanach curtha go dtí sin.
Bhí buntáistí ag crainn eile i gcomparáid leis an bpéine Albanach freisin. Bíonn crainn cosúil leis an sprús Sitceach (Picea sitchensis) agus giúis Dhúghlais (Pseudotsuga menziesii) réidh le gearradh nuair a shroicheann siad 35 bliain, ach caithfear fanacht 15 bliain eile sular féidir an péine Albanach a ghearradh chun an méid céanna adhmaid a sholáthar.[2]
Ní crann tábhachtach é an péine Albanach i bhforaoiseacht na hÉireann níos mó, ach tá an crann fós ar an dara buaircíneach is mó a chuirtear sa mBreatain (is é an sprús Sitceach, crann atá an-choitianta in Éirinn freisin, atá sa chéad áit sa gcatagóir sin).[3]
An Sprús Sitceach

Bhí an sprús Sitceach in Éirinn ó 1835, nuair a tugadh isteach é le cur mar chrann taispeántais agus ornáideach,[4] ach is nuair thosaigh an Stát ag foraoisiú an oileáin ó 1905 ar aghaidh gur tuigeadh an acmhainn a bhí sa mbuaircíneach seo mar chrann fáschoillte.[5]
Is in oirthear na tíre a cuireadh ar dtús an sprús Sitceach. Bunaítear an crann go héasca agus fásann sé go maith i raon leathan coinníollacha, cé gur ar ithir mhianrach, thais is fearr a fhásann sé. D’éirigh go maith leis an gcrann ar thalamh gharbh, ar thalamh chrochta, agus ar thalamh fhliuch, áit a raibh rátaí fáis tapa aige.
Mar go raibh tús áite tugtha do chúrsaí talmhaíochta ar thalamh maith, bhí an fhoraoiseacht teoranta do thalamh imeallach, go háirithe ar phortaigh agus ar thalamh crochta—gnáthóga a bhí go mór in oiriúint don sprús Sitceach. Faoi lár na 1950idí, bhí an sprús seo ar an gcrann is fairsinge a bhí curtha ar thalamh portaigh.[6]
Go dtí na 1950idí, is ar thalamh an Stáit, den chuid is mó, a cuireadh an sprús. Ach nuair a cuireadh tús lena chur ar thalamh príobháideach, go minic ar thalamh a bhí níos oiriúnaí fós don chrann, tháinig méadú mór ar tháirgiúlacht na bhforaoisí agus dá réir sin, tháinig méadú as cuimse ar achar talún na hÉireann a bhí clúdaithe ag an mbuaircíneach neamhdhúchasacha seo.
Síolraíonn an sprús Sitceach in Éirinn agus tá sé ag scaipeadh ar thalamh portaigh an iarthair.
An Péine Contórtach

Stair an Chrainn
Is é an luibheolaí aitheanta, David Douglas, a rinne taifead eolaíoch den phéine contórtach (Pinus contorta) den chéad uair. Chonaic sé an crann ag béal abhainn Columbia i Washington, Mheiriceá.[7]
Ceaptar gur moladh an t-ainm eolaíoch contorta mar gur feiceadh crainn mharbha den speiceas céanna in aice le Loch Klamath, in Oregon, Mheiriceá. Bhí cuma chasta ar na crainn[8] (maítear freisin gur mar gheall ar chastacht na spíonlaigh a tugadh contorta mar ainm eolaíoch ar an bpéine seo).
Tá ceithre fhospeiceas, nó cineál, den phéine contórtach ag fás i ngnathóga éagsúla i Meiriceá Thuaidh. Chonaic Eorpaigh an cineál murryana den chéad uair in 1852, agus tháinig ceann sin go dtí an Bhreatain in 1854, bliain sular tháinig fospeiceas contorta go Sasana.[7]
An Péine i bhForaoiseacht na Éireann
Ceaptar gur i gConga, Co. na Gaillimhe, in 1884, a cuireadh an chéad phéine contórtach in Éirinn. Is timpeall na bliana 1916 a chuir an foraoiseoir Arthur Forbes cineálacha éagsúla péine contórtach sa gCraobhach, Contae Chill Mhantáin, le go bhfeicfí cén ceann is fearr a bhí in oiriúint d’aeráid agus coinníollacha na tíre.[9, 10]
Rinneadh comparáid idir rátaí fáis na gcineálacha éagsúla, agus nuair a feiceadh go raibh na crainn an fhospeicis contorta 50% níos airde ná an dá speiceas eile, socraíodh tús áite a thabhairt don bhfospeiceas contorta.[7]
Is in 1923 a cuireadh an péine contórtach in Éirinn den chéad uair mar chrann fhoraoiseachta.[11] Mar gurb í Pinus contorta fosp. contorta—le duilliúr dorcha—an cineál is coitianta a cuireadh ar dtús,[9]tá craobhacha le duilliúr dorcha ag crainn na bhfáschoillte is sine in Éirinn. Ach diaidh ar ndiaidh, tosaíodh ag impórtáil níos mó síolra ó na cineálacha murrayana agus latifolia, crainn le duilliúr buíghlas. Anois, is é an cineál murrayana is coitianta atá ag fás in Éirinn.[8]
Ba léir gur an-tógtha a bhí foraoiseoirí le ráta fáis agus le caighdeán adhmaid a bhí ag an bpéine contórtach, mar gur tháinig méadú mór ar líon na gcrann den speiceas seo a cuireadh in Eirinn. Chuimsigh Pinus contorta 6.5% de na chrainn fhoraoiseachta a cuireadh in 1933 in Éirinn; bhí an sprús Sitceach ag 27% agus an péine Albanach ag 31.5%.
Faoi 1956, bhí an péine Albanach tite go 3.4%, and sprús Sitceach ag 40%, agus an péine contórtach ag 30.8%. Sa tréimhse céanna, méadaíodh go mór ar an méid talún san iarthar—Contae na Gaillimhe, Contae Maigh Eo, agus Contae Dhún na nGall—a tugadh don bhforaoiseacht.[9]
Mar gheall ar na buntáistí seo cuirtear an péine contórtach go fairsing i bhfáschoillte foraoiseachta na hÉireann.
Is minic go gcuirtear an péine seo in áit an phéine Albanaigh nó an sprús Sitceach, ar shuíomhanna crochta, oscailte, le go leor báistí, áit a bhfuil sé in ann dul i ngleic le talamh bocht, fliuch.[3] I measc crainn dhúchasacha agus neamhdhúchasacha, níl feiliúnach agus inmharthana ar bhonn eacnamaíoch ar thalamh bocht, crochta, an iarthair ach an dá speiceas seo.
Go deimhin, is é an péine contórtach an rogha dheiridh do shuíomhanna bochta, feannta an iarthair, mar go bhfuil sé níos fearr ag dul in iomaíocht le fraoch ná mar atá an sprús Sitceach.[12]
Ach níl an crann gan locht. Bíonn deacracht ag an gcineál murrayana, le duilliúr buíghlas, dul in iomaíocht leis an aiteann Gaelach (Ulex gallii) agus an fraoch mar gheall ar na craobhacha níos éadroime atá aige. Mar gheall go raibh ráta fáis níos moille ag an gcineál seo bhí sé níos moille ag dúnadh isteach ceannbhrat an chrainn (leis an ruaig a chur ar na plandaí ísle a bhí in iomaíocht leis).[9] Is minic gur luibhicíd an réiteach a bhíonn ar an bhfadhb seo.
Tá an péine contórtach anois ar an dara crann is tábhachtaí do thionscadal na foraoiseachta in Éirinn—tá an sprús Sitceach fós ar an gceann is tábhachtaí.[13]
Síolraíonn an péine contórtach go héasca agus tá an crann nádúraithe i ngnáthóga atá feiliúnach dó ar fud na tíre.[3]
Foraoiseacht thar lear
Ní hí Éirinn amháin a chaithfear a dhul i ngleic le dúshláin earnáil na foraoiseachta. Tugadh péine Monterey (Pinus radiata) isteach go dtí an Nua-Shéalainn sna 1850idí, áit ar cuireadh ar dtús é mar chrann foscaidh, sular cuireadh é i bhfáschoillte foraoiseachta.
Cuimsíonn fáschoillte den phéine Monterey 1.6 milliún heicteáir anois sa Nua-Shéalainn—90% de na foraoisí atá curtha ansin. Táirgeann an speiceas formhór an ábhair adhmaid sa tír sin, agus cuimsíonn earnáil an phéine 3% d’olltáirgeacht intíre na tíre. Tá earnáil na foraoiseachta sa Nua-Shéalainn ag brath go hiomlán beagnach ar an gcineál seo péine.[15]

Tá péine Monterey nádúraithe agus ag scaipeadh ansin anois. Lasmuigh den Nua-Shéalainn, is sa tSile (1.5 milliún ha), agus san Astráil (0.77 milliún ha) atá na fáschoillte is mó den chrann seo.[15]
Cé go bhfuil an péine seo curtha go forleathan sna tíortha seo, níl sé fairsing i bhfáschoillte foraoiseachta na hÉireann mar atá an péine contórtach.
Ach maítear go bhfuil acmhainn i bpéine Monterey mar chrann foraoiseachta in Éirinn amach anseo. Léirigh trialacha a déanadh ar chineálacha éagsúla sna 1970idí go bhfuil an fospeiceas ó oileán Guadaloupe, amach ó chósta Mheicsiceo, ar an bpéine is mó poitéinsil in Éirinn.[16]
Is níos feiliúnaí fós a bheidh an tír d’fháschoillte den chineál crainn seo má leantar leis na treochtaí athraithe aeráide.
Foraoisí in Éirinn Inniu
Clúdaíonn crainn níos lú ná 11% d’achar na hÉireann, ach is fáschoillte foraoiseachta iad 87% den mhéid sin. Is 51% d’fháschoillte foraoiseachta na tíre a bhí tugtha don sprús Sitceach in 2020.[17]
Ní beag an earnáil í an fhoraoiseachta in Éirinn anois. Tá beagnach 3,000 duine fostaithe go díreach san earnáil, agus beagnach 10,000 post cruthaithe ag oibríochtaí indíreacha. Meastar go dtugtar 29 milliún cuairt ar choillte na hÉireann gach bliain.[18] Cuireadh luach €2.3 billiún ar aschur na hearnála in 2012.[5]
Bagairtí don sprús in Éirinn
Cé go bhfuil earnáil na foraoiseachta in Éirinn anois ag brath go mór ar an sprús Sitceach, ní fios céard atá in ann don bhuaircíneach neamhdhúchasach seo amach anseo. Is iomaí riosca agus bagairt atá roimh an gcrann ar an oileán seo.
Cé go dtéann fréamhacha an sprúis Shitcigh síos níos doimhne ná fréamhacha buaircíneacha eile, tá siad leochaileach do ghaothstoitheadh ar thalamh éadomhain. Ceaptar gur tromchúisí a bheas gaothstoitheadh san aimsir fhiáin atá tuartha de thoradh an athraithe aeráide.[19]
Beidh tionchair eile ag an athrú aeráide ar an bhforaoiseacht in Éirinn. Maítear, má éiríonn an aeráid níos tirime, nach bhfaighidh an sprús Sitceach an 1,000 mm de bháisteach in aghaidh na bliana atá ag teastáil ón mbuaircíneach sin.[19] Mura bhfaigheann, ní bheidh foraoisí an sprúis inbhuanaithe go heacnamaíoch.
Is fadhb mhór é an gobachán péine (Hylobius abietis). Beireann sé uibheacha sna stumpaí de chrainn sprúis nua-ghearrtha. Itheann siad coirt síológa sprúis, agus má itear an choirt timpeall an stoic uilig, maraítear an tsíológ.[5]
Déanann fianna dochar d’fháschoillte sprúis freisin. Is dúshlán mhór freisin é an fungas Heterobasidion annosum. Téann na spóir isteach sna stumpaí nua-ghearrtha, agus scaipeann sé ó fhréamh go fréamh chuig crainn lánfhásta. Lobhann sé an croí-adhmad, agus is féidir leis a bheith marfach don chrann.[20]
Tionchar na bhFáschoillte ar an Éiceachóras
Ní féidir limistéar suntasach d’Éirinn a bhratú le crainn shíorghlasa neamhdhúchasacha cosúil leis an sprús Sitceach agus an péine contórtach gan cur isteach ar chothromaíocht na timpeallachta. Agus tá réimeas na mbuaircíneach seo—go háirithe an sprús Sitceach—tar éis tionchar thar na bearta a bheith ar éiceachórais an oileáin.

Bithéagsúlacht
Nuair a dhúnann ceannbhrat fhoraois sprúis isteach air féin, ní mórán solais a scaoiltear síos go sraith plandaí na talún. Níl cleachtadh ag plandaí dúchasacha na hÉireann ar a leithéid de ghnáthóga, is beag speiceas atá in ann fás faoi na coinníollacha sin.[5]
Dá bhrí sin, ní crann é an sprús Sitceach atá tábhachtach ó thaobh bithéagsúlacht na tíre de. Cinnte, tugann sé tearmann d’éin agus do mhamaigh, ach thabharfadh crainn dhúchasacha an tearmann céanna dóibh agus bheidís níos fearr do ghréasán na bithéagsúlachta.
Luibhicíd
Níl an sprús Sitceach (ná an sprús Lochlannach) in ann dul i gcomórtas leis an bhfraoch ar thalamh portaigh (mar go dtógann an fraoch an nítrigin dó féin). Mar sin, bíonn an fraoch le marú, nó bíonn leasú talún le tabhairt don sprús, má bhíonn an buaircíneach chun an lámh in uachtar a fháil.[12] Mar gheall air seo, baintear úsáid as luibhicíd chun na plandaí dúchasacha seo a mharú, le go mbeidh an sprús in ann bunú.
Scrios na bPortach

Is sna bratphortaigh Atlantacha ba mhó a cuireadh an sprús tar éis 1955 agus is mór an scrios a rinneadh ar na gnáthóga portaigh nuair a cuireadh na monashaothruithe sprúis os a gcionn.
Is iomaí bealach a chuireann monashaothruithe sprúis as don timpeallacht. Ag an leibhéal is bunúsaí, laghdaítear an méid gnáthóg dúchasach—a bhíonn saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de—dá mhéid crainn sprúis a chuirtear. Cuirtear as do ghnáthóga a bhíonn ar imeall na bhfáschoillte sprúis freisin, mar go n-imríonn siad tionchar ar phátrúin draenála freisin.
Aigéadú Uisce
Ní oireann an leasú talún a úsáidtear chun sprúis a fhás don timpeallacht ach an oiread. Déantar eotrófú ar uiscebhealaí nuair a ritheann an leasú isteach iontu. Fásann blás algach san uisce, laghdaíonn an méid ocsaigine san uisce, agus éisc agus orgánaigh eile.
Anuas ar seo, tá an sprús Sitceach ar cheann de na crainn is mór a dhéanann aigéadú ar an gcréafóg ina bhfásann sé.[21] Dá thoradh sé, déantar aigéadú ar shruthchúrsaí—aibhneacha, locha, srutháin—go dtí an leibhéal nach mbíonn éisc in ann an t-uisce a sheasamh.
Sioltachán
Cruthaíonn oibriúcháin foraoiseachta dúshláin maidir le sioltachán freisin. Truaillíonn siolta sruthchúrsaí agus méadaítear ar an gcreimeadh créafóige nuair a chuirtear agus a bhaintear fáschoille. [5]
Ceapadh Carbóin
Cuirtear stop le ceapadh carbóin nádúrtha nuair a chuirtear fáschoillte ar phortaigh. Níl na crainn sprúis in ann an oiread carbóin a cheapadh i gcomparáid leis na portaigh atá fúthu. [5]
Tagairtí
1. Carey, M., The Avondale Initiative 1905. COFORD Connects, 2010.
2. Mooney, O., Scots pine-the forgotten species of Irish forestry? Irish Forestry, 1986.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
4. Twomey, M., A. Fennell, and F. McHugh, The tree register of Ireland. Irish Forestry, 2002.
5. O’Tuama, P., et al., 5.4 Challenges and opportunities–Sitka spruce in Ireland. Opportunities and challenges, 2016: p. 340.
6. Gray, H., The economics of Irish forestry. Journal of the Statistical and Social Enquiry Society of Ireland, 1963. 21(2): p. 18-24.
7. O’Driscoll, J., The importance of lodgepole pine in Irish forestry. Irish Forestry, 1980.
8. O’Kelly, P., Pinus contorta as a forest tree in Ireland. Irish Forestry, 1952.
9. Mooney, O., Pinus contorta in Irish forestry. Irish Forestry, 1957.
10. Lines, R., Pinus contorta in Ireland, 1955. Forestry, 1957. 30(2): p. 139-139.
11. O’Driscoll, J., Pinus contorta in Ireland-A forester’s guide to provenance identification. Irish Forestry, 1968.
12. Savill, P., The silviculture of trees used in British forestry. 2013.
13. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
14. Lotan, J.E. and W.B. Critchfield, Pinus contorta Dougl. ex. Loud. Silvics of North America, 1990. 1: p. 302-315.
15. Bellingham, P., et al., The right tree in the right place? A major economic tree species poses major ecological threats. Biological Invasions, 2023. 25(1): p. 39-60.
16. Fennessy, J., Monterey pine-a possible alternative species for commercial forestry in Ireland. Irish Forestry, 2017. 74.
17. Irwin, S., et al., The value of plantation forests for plant, invertebrate and bird diversity and the potential for cross-taxon surrogacy. Biodiversity and Conservation, 2014. 23(3): p. 697-714.
18. An Roinn Talmhaíochta, B.a.M., Forest Statistics Ireland 2023, B.a.M. An Roinn Talmhaíochta, Editor. 2023, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara: Loch Garman. p. 104.
19. Purser, P.M., et al., The potential impact of climate change on Irish forestry. Irish Forestry, 2004. 61(1): p. 16-34.
20. Tuffen, M.G. and H.M. Grogan, Current, emerging and potential pest threats to Sitka spruce plantations and the role of pest risk analysis in preventing new pest introductions to Ireland. Forestry: An International Journal of Forest Research, 2018. 92(1): p. 26-41.
21. Augusto, L., et al., Impact of several common tree species of European temperate forests on soil fertility. Annals of forest science, 2002. 59(3): p. 233-253.