Na Bretha Comaithchesa

Tugadh stádas ar leith do chrainn i sochaí na hÉireann sa Mheánaois, nuair a bhí an Féineachas i bhfeidhm. Luadh sna Bretha Comaithchesa, lámhscríbhinn ón 8ú haois, na dlíthe a bhain le ceithre ghrúpa de chrainn agus de sceacha. Is iad seo na hairig fedo (‘uaisle na coille’), na haithig fedo (‘meánaicme na coille’), na fodla fedo (‘íseal-aicme na coille’), agus na losa fedo (‘sceacha na coille’).[1]
De réir na Bretha Comaithchesa, ghearrtaí pionós ar leith dá ndéanfaí damáiste do cheann de na plandaí sa ngrúpa seo. Bhíodh leibhéal an phionóis ag brath ar an méid damáiste a déanadh don chrann (craobh a ghearradh, an stoc a ghearradh, nó an crann iomlán a bhaint), agus ar an ngrúpa ina raibh an crann.
Mar shampla, in éiric an damáiste a déanadh, thógtaí dhá bhó bhainne agus bodóg ón té a ghearr ceann de huaisle na coille. Bhíodh bó bhainne amháin le híoc dá ndéanfaí damáiste do cheann de mheánaicme na coille. Is caora a bhí mar phionós dá ndéanfaí damáiste do sceacha na coille, nó bodóg dá mbainfí an sceach ina hiomlán.
Na hAirig Fedo
Sna hairig fedo (‘uaisle na coille’) bhí:
- An Dair
- An Coll
- An Cuileann
- An tIúr (ibar)
- An Fhuinseog (uinnius)
- An Péine Albanach (octach)
- An Crann Fia-Úll (aball)
Na hAithig Fedo
Sna haithig fedo (‘meánaicme na coille’) bhí:
Na Fodla Fedo
Sna fodla fedo (‘ísealaicme na coille’) bhí:
Na Losa Fedo
Sna losa fedo (‘sceacha na coille’) bhí:
- An Raithneach (raith)
- An Roithleog (rait)
- An tAiteann
- An Dris
- An Fraoch
- An Ghiolcach Shléibhe
- An Rós—b’fhéidir an fheirdhris (Rosa canina), an rós is coitianta in Éirinn.
- An tEibheann
- Luachair (lecla)
Na Losa Fedo
Áirítear sa liosta de na losa fedo gach planda atá luaite mar sa ngrúpa seo sna foinsí go léir, ach níl gach foinse ar aon intinn maidir le comhdhéanamh an ghrúpa. Níl an t-eibheann, an luachair, an raithneach, ná an roithleog luaite mar losa fedo i ngach foinse.
Easnaimh
Níl gach crann ná sceach dhúchasach in Éirinn liostáilte sna grúpaí thuas. I measc na n-easnamh tá an paide bréan, draighean fearna, an chaor chon, an chonbhaiscne, an donnroisc, an fhraochóg, agus an tsú craobh.[1]
An Bheith

Níor rinneadh idirdhealú idir an bheith chlúmhach agus an bheith gheal sa gcóras seo. Chuile sheans gur áiríodh iad faoi ainm amháin,[2] mar gur tuigeadh go raibh an tábhacht chéanna ag baint leis an dá speiceas, in ainneoin na ndifríochtaí eatarthu,
Chuile sheans gur mar gheall ar chaighdeán an adhmaid—nach bhfuil chomh luachmhar le hadhmad na darach, mar shampla—nach n-áirítear an bheith in uaisle na coille (airig fedo).[1, 2]
An Coll

Ba léir go raibh tábhacht thar na bearta ag an gcrann coill in Éirinn fadó. Tá an coll mar cheann de na litreacha san aibítear oghaim agus, in ainneoin gur níos cosúil le sceach ná crann atá sé, áiríodh an coll mar uaisle na coille (airig fedo) sa bhFéineachas. Is dócha gur áiríodh an coll san aicme is airde mar gheall go raibh an oiread sin tábhacht le cnónna agus le hadhmad an chrainn.[1]
An tIúr

Thug sean-Ghaeil na hÉireann urraim don iúr (ibar) agus áiríodh an crann i measc uaisle na coille (airig fedo) sa bhFéineachas. Is cosúil gur bronnadh an stádas seo ar an iúr mar gheall ar na déantáin éagsúla a dhéantaí le hadhmad an chrainn.[1]
An Péine Albanach

Tugadh octach ar an bpéine Albanach (tugtar giúis air freisin). Áiríodh an péine seo mar cheann de na hairig fedo sa bhFéineachas mar gheall ar chomh tábhachtach a bhí roisín an chrainn chun adhmad a chaomhnú agus chun cosaint a thabhairt do bháid.[3]
Tá sé spéisiúil gur áiríodh an crann san aicme seo, mar ceapadh gur díothaíodh go hiomlán é ón tír faoin am seo. Cé go raibh sé fós sách fairsing leis an crann a áireamh i measc uaisle na coille, ba léir go raibh meath mór ag teacht ar an bpéine Albanach in aimsir na Meánaoise.[4]
An Feoras

Áiríodh an feoras in aicme íseal na coille, na fodla fedo, in éineacht le leithéidí an trom agus an chaithne,[5] ach níl mórán béaloidis faoin bhfeoras in Éirinn.[3] Níl sé seo amhlaidh in áiteanna eile. Is meafair é do chailliúint an tsoineantais, i mbéaloideas mhór-roinn na hEorpa, méar a phriocadh trí thimpiste ar fearsaid an fheorais.[6]
An tAiteal

Maíonn Kelly gurb é an t-aiteal an crann fir atá liostáilte sna fodla fedo, cé go n-admhaíonn sé nach bhfuil sé cinnte.[1] Molann Mac Coitir gur ionann fir agus fiar, a chiallaíonn casta, a thugann le fios gur aiteal atá i gceist, mar gheall ar chuma chasta an chrainn.[3]
An Fhuinseog

Crann fuinseoga a bhí i dtrí cinn de chúig chrann finscéalacha: Bile Tortan, a leagadh in 600 AD; Craobh Dhaithí a d’fhás i bhFir Bhile, Contae na hIarmhí; agus Bile Uisnigh, a d’fhás in Uisneach, Contae na hIarmhí.
Ceaptar gur áiríodh an fhuinseog, uinnius, mar cheann de “uaisle na coille” mar gheall ar thábhacht an adhmaid i ndéantúsaíocht troscáin (ríchathaoireacha go háirithe) agus cosa sleánna.[1] Meastar gur tugadh an t-ómós seo don bhfuinseog freisin mar go bhfásann sí ar chréafóg ghlárach, agus gur comhartha é de thalamh shaibhir go bhfuil an crann ag fás ann.[1]
An Leamhán Sléibhe

Tá sé suntasach go raibh dóthain leamhán sa tír ag an am chun an stádas de “ghnáth-chrainn” na coille a thabhairt don chrann.[1]
Ní léir go bhfuil an oiread sin seanchais faoin leamhán sléibhe agus atá faoi chrainn (mhóra) dhúchasacha eile. Deirtear go raibh leamhán mór, le stoc cuasach, ag fás i gCluain Mhic Nóis, agus gur sa stoc a cuireadh taisí na manach i bhfolach nuair a rinneadh ruathar ar an mhainistir. Ach nuair a chuaigh na manaigh ar ais tar éis an ruathair chun na taisí a tabhairt leo arís, bhí siad slogtha ag an gcrann.[5]
An Dair

Bhí ról lárnach ag an dair i sochaí agus i dtraidisiúin chultúr ar fud na hEorpa. Is mar gheall ar thábhacht an chrainn a airíodh an dair (is minic nach ndéantar idirdhealú idir an dá chineál dair sa seanchas faoin gcrann) sna airig fedo—uaisle na coille.
An Fionncholl

Bhí an fionncholl (ní fios go díreach cén speiceas, agus tá go leor speiceas ag fás in Éirinn) in úsáid ag pobal na hÉireann ar feadh na mílte bliain. Áiríodh an crann i measc na fodla fedo, an aicme crann is ísle, rud a léiríonn go mb’fhéidir nach raibh luach an-ard ag an gcrann i measc phobal na tíre.[1]
An Crann Silíní Fiáin

Ceaptar gurb é an crann silíní fiáin an crann idath agus fidath, a luadh i measc ghnáthchrainn na coille (aithig fedo) sa bhFéineachas.[1] Amhail ainmneacha crainn dhúchasacha eile, bhíodh idath agus fidath mar chéadainmneacha fadó.[3] B’fhéidir gur áiríodh an donnroisc in éineacht leis an gcrann silíní fiáin. Tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh eatarthu go dtí go mbíonn torthaí ar an gcrann (bíonn dath níos dorcha, beagnach dubh, ar thorthaí an donnroisc, le hais na caora dearga nó corcra a bhíonn ar an gcrann silíní fiáin).
An Chaithne

Is san aicme is ísle de chrainn na coille (fodla fedo) a cuireadh an chaithne sa bhFéineachas. I leaganacha éagsúla, fágadh an chaithne amach go hiomlán as an aicme sin agus cuireadh an fhéithleog nó an féithleann (Lonicera periclymenum) isteach ina háit, b’fhéidir mar nach raibh fáil forleathan ar an gcaithne.[1]
Tagairtí
1. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
2. Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.
3. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.
4. Kelly, F. The use of Ireland’s woodland in Medieval times. in Ireland’s Native Woodlands: Conference Proceedings Galway 8th-llth September 2004. 2005.
5. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
6. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.