Bilí

Fadó, bhí crainn ar leith in Éirinn a tugadh stádas speisialta dóibh. Thugtaí bile ar chrann beannaithe, nó ar chrann a bhí speisialta i mbealach éigin. Go minic bhídís ag fás in aice le háit speisialta, tobar beannaithe nó áitreabh suntasach cosúil le ráth nó caiseal. Is minic go mbíodh muintir na háite ag cruinniú le chéile faoi bhile.

Bhí cúig chrann bile ar leith a bhí thar a bheith suntasach in Éirinn. Tá siad seo luaite i lámhscríbhinní cosúil le Leabhar Laighin (12ú haois) agus Leabhar Ard Mhacha (9ú haois). Sa seanchas, deirtear gur thug Trefuilngid Tre-eochair caora ó chraobh beannaithe do Fhionntán, mac Bhóchra. Chuir Fionntán na torthaí agus is astu a d’fhás na crainn bheannaithe seo.[1]

Chúig Bhile mór le rá

Ceaptar gur i gContae na Mí a d’fhás Bile Tortan. Is crann fuinseoige a bhí ann agus, de réir taifead (áibhéalach) amháin, bhí sé 150 m ard agus 25 m ar leithead. Ceaptar gur fhás sé ag áit a mbíodh treibheanna ag cruinniú le chéile. Leagadh sa mbliain 600 AD é.[1]

Ba fhuinseog a bhí i gCraobh Dhaithí, a d’fhás i bhFir Bhile, Contae na hIarmhí, agus ba fhuinseog a bhí i mBile Uisnigh, a d’fhás in Uisneach, Contae na hIarmhí, freisin.

Is crann iúir a bhí in Eo Rosa, i gContae Cheatharlach. Nuair a thit sé roinneadh na craobhacha i measc na naomh in Éirinn, agus d’úsáid Naomh Mholing iad chun díon a chur ar shéipéal ar shuíomh mhainistreach Mholing i gContae Cheatharlach.

Cé go gceapfá ón ainm gur crann iúir a bhí in Eo Mugna, deirtear gur dair a bhí ann, ach ceann draíochta, a raibh dearcáin, úlla, agus cnónna coill mar thorthaí air.[2, 3] Is i gContae Chill Dara a d’fhás Eo Mugna agus, de réir an tseanchais, bhí craobhacha an chrainn chomh fada agus chomh leathan sin go bhféadfadh míle duine dul i bhfoscadh fúthu.

Bilí Eile

Bhí bilí eile in Éirinn chomh maith leis na cúig cinn mhóra thuasluaite. Is minic gur raibh bile san áit a mbíodh ríthe nó cinn fine á n-oirniú. Mar gheall air sin, ba sprioc é do namhaid an rí an bile a scrios, agus is minic a déanadh é seo.[1]

Is léir ó na logainmneacha a bhfuil an focal bile iontu go raibh bilí ar fud na tíre. Tá sé seo le feiceáil i logainmneacha cosúil le Achadh an Bhile (Contae an Chabháin) agus Baile an Bhile (Contae Mhaigh Eo) i measc go leor eile.

Tagairtí

1. Lucas, A.T., The sacred trees of Ireland. 1963: Cork Historical and Archaeological Society.

2. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.

3. Ó hÓgáin, D., Trees in Irish Lore. Irish Forestry, 2003. 60: p. 46-60.