Crainn agus Logainmneacha

Bhí Éirinn brataithe le crainn fadó agus, cé gur díothaíodh iad, tá lorg na gcoillte móra seo le feiceáil fós ar thírdhreach an oileáin—sna bratphortaigh uaigneacha, sna cnámhiarsmaí atá greanta i gcarraigeacha chósta an iarthair, agus sna fíorbheagán áiteanna in Éirinn a bhfuil fós faoi chlúdach na gcoillte ársa seo. Tá macalla na gcrann le cloisteáil freisin i logainmneacha na tíre. As an timpeall 60,000 baile fearainn atá in Éirinn, meastar go mbaineann 13,000 acu le crainn nó le gnéithe a bhaineann le crainn.[1]
An Dair sna Logainmneacha
Go hiondúil, dá líonmhaire a bhí crann ar leith, is mó seans go bhfeicfear é i logainm. D’fhág an dair a lorg ar logainmneacha na tíre, agus léiríonn líon na logainmneacha ina bhfuil tagairt do dharacha iontu cé chomh coitianta agus chomh forleathan a bhí an crann seo fadó.

Tá os cionn míle logainm in Éirinn a thagraíonn don dair, de réir taifid ar Bhunachar Logainmneacha na hÉireann.[2] Tá an sampla is suntasaí, doire, a chiallaíonn roschoill dharach, le feiceáil in ainm Chontae Dhoire. Tá an ginideach de sheanfhocal don dair, ráil, le feiceáil i Raileach, i gContae Dhoire, agus i gCluain Raileach i gContae Longfoirt, freisin.
Tá omna, focal eile don dair, i bPort Omna, i gContae na Gaillimhe:
“Cialluigheann Omna crann darach agus luigheann an t-ainm Áth Omna nó Port Omna le reásún i ngeall air a raibh de chrainnte darach ‘sna coillte.”
Bailiúchán na Scol, Im. 0057, Lth. 0219
Tá an focal farcan, ainm eile don dair, in Achadh Farcáin i Muineacháin (ciallaíonn farcan alt in adhmad freisin).[3] Baineann darthanach, mar atá i nDarthanach, i gContae Mhaigh Eo, le háit ina bhfásann daracha. Tá an dair i bhfolach sa logainm Áth an Choite (Contae Luimnigh) freisin. Is bád déanta as adhmad darach a bhí sa gcoite.[4]
An Bheith

Bhí an bheith fairsing in Éirinn freisin, agus tá ainm an chrainn sáite i logainmneacha éagsúla ar fud na tíre—Gleann Beithe i gCiarraí agus Achadh Bheithe i gContae Fhear Manach, ina measc. Tá Doire Bheithe (Doire Bheathach[5]) i gContae Longfoirt agus Díseart Beitheach i gContae Laoise.
Scaití, faightear leagan firinscneach den ainm sna logainmneacha, mar shampla Gleann an Bheithe i dTír Chonaill, Gort an Bheithe i gContae an Chláir, agus Coill an Bheithe i gContae Fhear Manach. Uaireanta eile, is é an leagan baininscneach a bhíonn luaite le háit, mar shampla Bealach na Beithe, Contae Liatroma.
Tá Tír na Scuab i gContae Ard Mhacha, áit as a dtáinig na scuaba beithe, is cosúil.[5] Tá tagairt i mBailiúchán na Scol de chrann ar leith i mBeith an Chrochaire, i gContae Chiarraí, ar a crochadh fear san am atá caite.
An Coll

Is iomaí logainm in Éirinn leis an bhfocal coll iontu freisin. Tá Eachaire Collchoille i gContae Muineacháin agus Baile Coill i gContae Mhaigh Eo. Ceaptar gur ón gcoll a tháinig Caillteanán i gContae Shligigh, Cúil Damhnata i gContae Muineacháin, agus Calaros i gContae Chiarraí, i measc iliomad logainmneacha eile in Éirinn a bhfuil lorg an chrainn sin orthu.[5]
Cé gur cosúil leis an bhfocal coill atá coll sa nginideach, is léir nach bhfuil aon ghaol idir an dá fhocal. Ní go mbeadh sé éasca a bheith cinnte ar crann nó coill atá i gceist nuair a bhfeictear an focal coill i logainm.
An tIúr
Is léiriú ar chomh fairsing a bhí an t-iúr in Éirinn iad logainmneacha amhail Maigh Eo (sean-ainm eile ar an iúr é eo), an tIúr, in Ard Mhacha, Achadh na nIúr, i nGaillimh, agus Loch an Iúir, i nDún na nGall.
Tá Cluain Iúrach i gContae Mhaigh Eo agus Eochaill i gContae Chorcaí. Tá Cill an Iúir mar logainm in ar a laghad 13 chontae éagsúla. Tá Machaire Mhaigh Eo i gContae an Dúin spéisiúil. Tugann Joyce an t-aistriúchán a leanas air: ‘the (large) plain of the (smaller) plain of the yews.’[5]
Is iúrach (agus eochaill) a thugtar ar áit ina bhfásann iúir, agus freisin do shoitheach déanta as iúr.[6] Tugtar iúróir ar an té a bhíonn i mbun iúróireachta (a oibríonn le hadhmad an iúir).

Ní gá gur ainmnithe i ndiaidh an iúir (Taxus baccata) atá gach ceann de na logainmneacha le iúr ann. Tugtar an t-iúr binne (i measc ainmneacha eile) ar an aiteal (Juniperus communis)—is dóigh mar gur síorghlas iad an dá chrann, go bhfásann siad ar chloch aoil, agus go bhfuil cosúlachtaí idir torthaí na gcrann.
An Fhuinseog

Ní fada go rachaidh fuinseoga na hÉireann bealach an iúir—tá scrios á ndéanamh ar na crainn sin mar gheall ar fhungas a tháinig isteach ó Mhór-roinn na hEorpa.
Bhí am ann nuair a bhí fuinseoga móra millteacha ag fás ar fud na tíre—deirtear go raibh ceann i gContae an Chláir le stoc beagnach 13m ar leithead.[7] Tá sé sa seanchas go raibh scoileanna scairte á reáchtáil istigh sna crainnte ollmhóra seo, a raibh stoic cuasacha acu go minic.
Tá na fuinseoga móra ársa seo díothaithe anois, agus fuinseoga óga faoi léigir ag an ngalar fungais. Ach, cosúil leis an iúr, mairfidh rian na bhfuinseog i logainmneacha na tíre. Tá lorg an chrainn le feiceáil sna focail fuinse, fuinseann, agus fuinseog.[1]
Tá Doire na Fuinse i gContae Chiarraí, Abhainn na Fuinseann i gContae Chorcaí, na Fuinseoga i gContae na Mí, agus Fuinseogach i gContae Chábháin. Fágtar an f ar lár sa tuaisceart, mar shampla Loch Uinsinne i gContae Dhún na nGall agus Uinseannach i gContae Liatroma.[8]
An Cuileann

Is deacair an méid logainmneacha a ainmníodh don chrann cuilinn a mheas, mar go bhfuil focal eile, cuileann, a chiallaíonn fána, sna logainmneacha freisin. Más in aice le cnoc nó sliabh atá an áit, gach seans gur cuileann (fána) atá i gceist, seachas cuileann (an crann). Séard is cuileanach ann ná áit ina bhfásann crainn chuilinn, agus tá go leor logainmneacha ann leis an bhfocal seo iontu.
An Fhearnóg
Tá fearnóg agus fearn (ainm eile don chrann) le feiceáil i logainmneacha ar fud na tíre, Fearna (Loch Garman) agus Buiríos na Fearna (Uíbh Fhailí) ina measc.[1] Tá Baile na bhFearn i gCo. an Dúin.[5] Tá fearnán agus fearnáin i logainmneacha freisin (Béal Átha Fearnáin i Ros Comáin).
Tá Baile na mBarróg i gCo. Mhaigh Eo. Is léir gur focal eile é barróg don fhearnóg, nó slata fearnóige.[5] Tá Cora Fearnacháin in gCo. Chabháin—ceathrú is brí le cora agus séard ia fearnachán ann ná áit ina bhfuil fearnóga ag fás.
Crainn Neamhchoitianta
Ceaptar go raibh an chaithne níos fairsinge ná mar atá anois—is i gContae Chiarraí is mó a fhásann an crann síorghlas seo anois. Ní léir go bhfuil aon logainm in Éirinn a bhfuil an chaithne luaite ann. Deirtear i bhfoinsí éagsúla go gciallaíonn cuinche (atá le feiceáil i logainmneacha amhail Cuinche agus Fíoch Chuinche, Contae an Chláir) caithne, ach is cosúil nach bhfuil aon ghaol sanasaíochta idir an dá fhocal.[9]

Is iomaí ainm atá ar roithleog (railleog, cam-shaileog, raid, raidleog, reileog, rideog, roidleog, roilleog, ruideog, rudóg, truideogach, raideog, roilleogach, ina measc), sceach bheadh chumhra a fhásann ar thalamh portaigh ar fud na tíre. Cé nach bhfuil mórán plandaí eile in Éirinn leis an oiread sin ainmneacha éagsúla orthu, ní léir gur fhág an roithleog a lorg ar logainmneacha na hÉireann.
Tá Ciob Roideoige (Cíb na Raideog[10]) i gContae Mhuineacháin agus deir Williams gurbh í Crois na Roideog an sean-ainm a bhí ar Chrois Chúil Aodha, Contae Chorcaí.[10] Seachas sin, ní fheictear go bhfuil mórán áiteanna eile ainmnithe in ómós don phlanda seo.
Níl ainm an aitil le feiceáil i mórán logainmneacha ach an oiread. Tá Oileán an Aitil i gContae an Chláir, ach is aistriú ón mBéarla é sin.[1] Níl ainm an fhionnchoill coitianta i measc logainmneacha na tíre ach an oiread, cé nach crann annamh é an fionncholl in Éirinn.
Ní léir gur fhág an crann creathach a rian ar logainmneacha na hÉireann ach an oiread, seachas an Crann Criothach, i gContae Uíbh Fhailí. Tá Crathaigh i gContae Dhún na gGall, ach deirtear gur ainm áitiúil é seo do phortach a bhíonn ag crith, seachas an crann.[5]
An Ghiúis/An Péine Albanach

Bhí an péine Albanach ar cheann de na crainn ba choitianta in Éirinn fadó. Tugtar giúis ar an bpéine Albanach freisin, cé gurb í seo an t-ainm caighdeánach atá ar na crainn atá sa ngéineas Abies (fir i mBéarla) freisin.
Is giúis nó giúsach phortaigh freisin an focal atá ar an adhmad sin a fhaightear sna portaigh in Éirinn. Is iarsmaí iad seo de na crainn a d’fhás sna gnáthóga sin fadó. Cé gur crainn phéine a bhí i gcuid acu, bhí daracha ina measc freisin.
Cé go raibh an buaircíneach seo fairsing in Éirinn gearradh go leor de agus ní raibh sé in ann dul in iomaíocht le crainn dhuillsilteacha eile. Níl an focal giúis le feiceáil i mórán logainmneacha na tíre, seachas go bhfuil Mín an Ghiúis i gContae Dhún na nGall. B’fhéidir go raibh an crann imithe sular thosaigh daoine ag tabhairt ainmneacha ar áiteanna. Tá na focail giubhas, giuthas, nó giús níos coitianta i logainmneacha na hAlban, áit raibh agus a bhfuil an crann seo i bhfad níos fairsinge.[11]
Tagairtí
1. Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.
2. Bunachar Logainmneacha na hÉireann. 2024.
3. Hogan, E., Luibhleabhrán: Irish and Scottish Gaelic Names of Herbs, Plants. Trees (Dublin, 1900). 50.
4. Joyce, P.W., The Origin and History of Irish Names of Places. 1910, Baile Átha Cliath: M.H. Gill.
5. Joyce, P.W., Irish Names of Places. 1913, Baile Átha Cliath: Phoenix Publishing Ltd.
6. Ó Dónaill, N. and T. De Bhaldraithe, Foclóir Gaeilge-Béarla. 1992: An Gúm.
7. Coleman, W.S., Our Woodlands, Heaths, and Hedges: A Popular Description of Trees, Shrubs, Wild Fruits, Etc. with Notices of Their Insect Inhabitants. 1859: Routledge, Warnes & Routledge.
8. Mac Labhraí, S., Local Placenames. "Before I Forget…": Journal of the Poyntzpass and District Local History Society, 1989(3): p. 15-25.
9. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
10. Williams, N., Díolaim Luibheanna. 1993, Sáirséal-Ó Marcaigh: Baile Átha Cliath.
11. Mooney, O., Scots pine-the forgotten species of Irish forestry? Irish Forestry, 1986.