Fioghual

Bhí fioghual, nó gualach, ar cheann de na táirgí ba thábhachtaí a sholáthair crainn do dhaoine ó aimsir na Meánaoiseanna go dtí an 19ú haois. Faightear fioghual nuair a dhóitear adhmad i dtimpeallacht gan mórán ocsaigine. Dónn sé níos teo ná adhmad—bhí an teocht ard seo ag teastáil chun iarann a bhruithniú. Chuir an t-éileamh a bhí ar iarann, agus ar fhioghual chun é a dhéanamh, go leor brú ar choillte na hÉireann ag an am sin.
Fioghual
Is ábhar dubh, éadrom, póiriúil é fioghual a dhéantar as adhmad a dhó go mall gan mórán ocsaigine, próiseas ar a dtugtar pirealú. Tá sé saibhir i gcarbón agus úsáidtear é mar bhreosla nó mar scagaire.
Bhí fioghual tábhachtach mar go ndónn sé ag teochtaí níos airde ná adhmad, agus dónn sé níos glaine ná adhmad freisin. Bhí na tréithe seo ag teastáil ó bhreosla le gur féidir iarann a bhruithniú go héifeachtach sna hoibreacha iarainn a bhí ar fud na tíre ag an am.
Bhí an próiseas, a d’fhan den chuid is mó gan athrú ar feadh na gcéadta bliain, ag brath ar chrainn dhúchasacha agus bhí tionchar suntasach aige ar choillte na tíre. Thosaigh tábhacht an fhioghuail ag laghdú sa 19ú haois de réir mar a tháinig gual agus cóc chun cinn.
Ag Déanamh Fioghuail
Ceird thraidisiúnta ab ea táirgeadh fioghuail in Éirinn. Dhéantaí é go minic taobh istigh de choillte. Ba é an modh ba choitianta le fioghual a dhéanamh ná áith nó tornóg a thógáil. Carnán cónúil de lomáin adhmaid a bhí ann, 3-4 troigh ar fhad de ghnáth, socraithe thart ar chuaille lárnach.
Ansin chlúdaítí an carnán le créafóg, scraith agus fásra eile chun séala aerdhíonach a chruthú, ionas go mbeadh smacht ag an té a bhí i bhfeighil na tornóige ar an méid aeir a scaoilfí isteach. Lasadh tine ag an mbun, agus dhéanfaí an dó mall a rialú go cúramach.
Bhí rath an phróisis ag brath ar scil an té a bhí i bhfeighil na tornóige. Dá scaoilfí an iomarca aeir isteach, lasfadh an t-adhmad as smacht. Mura bhfaigheadh an t-adhmad a ndóthain aeir, phlúchfaí an tine. Choinneofaí an tine íseal lasta ar feadh roinnt laethanta nó seachtainí go dtí gur iompaigh an t-adhmad go fioghual.
Crainn a Sholáthair an tAdhmad
Is as an dair a dhéantaí formhór an fhioghuail a bhí ag teastáil chun iarann a bhruithniú sular tosaíodh ar ghual a dhó. Thosaigh daoine ag bruithniú iarainn os cionn 2,000 bliain ó shin agus bhí an cheird fairsing ar an oileán seo—tá 79 foirnéis bhruithnithe ón Iarannaois aimsithe ag seandálaithe in Éirinn go dtí seo.[1]

Cé gur mó úsáide a bhaintí as an dair mar fhoinse fioghuail, ní hí an dair a sholáthair an fioghual is fearr. Is ón bhfearnóg, an tsaileach bhán, agus an draighean fearna a dhéantaí an fioghual is fearr, ach ní raibh na crainn seo chomh coitianta leis an dair.[2] Faightear fioghual maith ó adhmad na sailchearnaí agus ón bhfionncholl freisin.[3]
Cosúil le tionscal na súdaireachta, chuir tionscal an fhioghuail brú ar fhoraoisí darach na tíre, agus tháinig meath suntasach ar an méid den tír a bhí faoi chlúdach na gcrann seo.
Púdar Gunna
Déanann an t-adhmad ón draighean fearna fioghual ar ardchaighdeán.[4, 5] Is as an bhfioghual sin a dhéantar púdar dubh a dhónn go tapa agus atá fós in úsáid i dtinte ealaíona agus i bhfiúsanna pléascacha.[6] Soláthraíonn an fhearnóg, an feoras, agus na teilí fioghual den scoth i ndéantúsaíocht púdair ghunna freisin.[7]
Is féidir an fhearnóg a bhunscoitheadh, agus cuireadh fáschoillte fearnóige le fioghual a a sholáthar don tionscal seo. Bhí monarcha mhór i mBaile an Chollaigh, Corcaigh, a bhain leas as na foraoisí fearnóige seo, chun púdar gunna a dhéanamh d’arm na Breataine, go dtí gur dúnadh é i 1903.
Fioghual Mar Uirlis Sheandálaíochta
Dár ndóigh, faightear fioghual sa luaith a bhíonn fágtha tar éis tine adhmaid. Is uirlis thábhachtach é an fioghual seo do sheandálaithe agus iad ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoin saol a bhí ag daoine fadó. Mar shampla, dónn adhmad an draighin go maith, agus aimsíodh fioghuail na sceiche, a thug le fios gur breosla tine a bhí ann dóibh siúd a mhair ar an oileán sa Chré-umhaois.[8]
Fioghual d’Ealaíontóirí
Tá úsáid fós á baint as fioghual, agus ní amháin mar bhreosla tí. Déantar fioghual ar ardchaighdeán—le húsáid ag ealaíontóirí—as adhmad an fheorais. Is ionann an t-ainm Fraincise atá ag an bhfeoras—‘fusain’—agus an t-ainm Fraincise d’fhioghual. Dar leis an luibheolaí aitheanta, Carl Linnaeus, is as adhmad an fheorais a dhéantar an fioghual d’ealaíontóirí is fearr.[4]
Tagairtí
1. Dolan, B., Making iron in the Irish midlands the social and symbolic role of Iron Age ironworkers. The Journal of Irish Archaeology, 2016. 25: p. 31-48.
2. Smith, G., Medieval Gunpowder Chemistry: A Commentary on the Firework Book. Icon, 2015: p. 147-166.
3. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
4. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
5. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
6. Zecchin, B., G. Caudullo, and D. de Rigo, Frangula alnus in Europe: Distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of Forest Tree Species, 2016.
7. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
8. O’Donnell, L., Woodland dynamics and use during the Bronze Age: New evidence from Irish archaeological charcoal. The Holocene, 2017. 27(8): p. 1078-1091.