Súdaireacht

Próiseas na Súdaireachta

Séard is súdaireacht ann ná an cóireáil a dhéantar ar chraiceann ainmhithe ag úsáid ábhair plandaí ar leith—coirt, duilleoga, nó torthaí—chun an craiceann a athrú go leathar, ábhar atá solúbtha, marthanach agus atá in ann teas agus taise a sheasamh. Gan próiseas na súdaireachta, lobhadh an craiceann go tapa.

An dair ghaelach.

Is é cuspóir na súdaireachta ná struchtúr próitéine an chraicinn a athrú. Tá tainnin, chomhdhúil aigéadach atá i gcodanna crann amhail an dair agus an fhearnóg, an-tábhachtach sa bpróiseas seo. Nuair a chuirtear tainnin i bhfeidhm ar an gcraiceann, tarlaíonn imoibriú ceimiceach idir an collaigin sa gcraiceann (próitéin ar leith a bhíonn i gcraicne ainmhithe agus daoine) agus an tainnin.[1] Tógann an tainnin áit an uisce i struchtúir an chraicinn, á dhéanamh láidir, solúbtha, agus marthanach.

I gceird na súdaireachta, gearrtar an choirt ón gcrann agus bristear síos é. Cuirtear an choirt ar bogadh i mbairillí móra uisce ar feadh míonna chun an tainnin a úscadh as. Uaireanta, fiuchtar an t-uisce chun an próiseas a bhrostú. Ansin cuirtear na craicne, a mbíonn cóireáil déanta orthu roimh ré, ag bogadh sa leacht tainnine ar feadh roinnt seachtainí. Triomaítear an leathar a thagann amach ag deireadh an phróisis.

Bhí ceird na súdaireachta ríthábhachtach in Éirinn chun bróga, málaí, éadaí, agus earraí eile a tháirgeadh, ach bhí ról suntasach aici freisin i stair agus i ngeilleagar na hÉireann. Ba thionscal mór é an tsúdaireacht, agus bhíodh súdairí suite go minic in aice le foinsí uisce chun an próiseas a éascú.

Crainn na Súdaireachta

Bhí níos mó tábhachta leis an dair i dtionscal na súdaireachta ná aon chrann eile. Cé go bhfuil tainnin i gcrainn eile, amhail an bheith agus an fhearnóg, tá níos mó tainnin i gcoirt dharach (tagann an focal tainnin ón bhfocal Gaillise, tann, don dair), agus dhéantaí (agus déantar fós) leathar ar ardchaighdeán as craicne ainmhithe ag úsáid tainnin darach. Dhóití mar bhreosla an chuid sin den choirt a bhí fágtha tar éis an tainnin a bhaint di.[2]

An tsaileach bhán.

Baineadh úsáid as coirt na sailí i gceird na súdaireachta freisin. Ba iad an saighleánach (Salix viminalis), an tsaileach chorcra (Salix purpurea), an tsaileach bhriosc (Salix fragilis), saileach na dtrí bhall (Salix triandra), agus an tsaileach bhán (Salix alba) is mó a d’úsáidtí don obair seo.[2] Tá rian na dtraidisiún sin fós le feiceáil sna cineálacha sailí seo atá fós ag fás ar thaobh an bhóthair, i ngarrantaí, agus ar bhruacha aibhneacha.

An bheith chlúmhach.

Baineadh úsáid as an mbeith,[3], as an bhfearnóg agus as an bhfuinseog[2]  i dtionscal na súdaireachta freisin. Ach níl an caighdeán céanna tainnin i ngach speiceas dúchasach in Éirinn. Cé go dtugann an tainnin atá i gcrainn amhail an fhearnóg agus an bheith dathanna maithe dearga agus donn don leathar agus oibríonn sé go tapa, ní bhíonn an leathar seo chomh marthanach agus chomh uiscefhriotaíoch i gcomparáid leis an leathair a bhfaighfeá ag úsáid tainnine ón dair.[4] Baineadh úsáid as an gcaorthann i gceird na súdaireachta freisin (ach ní raibh an úsáid seo fairsing in Éirinn).[2]

An roithleog.

Ba fhoinsí tainnine iad sceach freisin. D’úsáidtí an roithleog i dtionscal na súdaireachta i gCo. Dhún na nGall[5], agus san 18ú haois bhronnadh Cumann Bhaile Átha Cliath duais ar an té ab fhearr a leasódh leathar leis an bplanda.[6]

Tionchar na Súdaireachta

In Éirinn, cosúil le go leor áiteanna eile ar fud an domhain, bhí tionchar mór ag ceird na súdaireachta ar na crainn dhúchasacha. Ar feadh na gcéadta bliain, ba é an dair an foinse ba mhó luach mar fhoinse tainnine.

Chuir an t-éileamh mór ar choirt dharach le haghaidh súdaireachta, chomh maith len húsáid na darach i dtionscal na tógála, i mbruithniú iarainn, agus mar bhreosla, go mór leis an dí-fhoraoisiú forleathan a tharla in Éirinn thar na céadta bliain. Fágadh nach raibh ach achar fíor-bheag den oileán clúdaithe le crainn dhúchasacha faoin 19ú haois.

Tagairtí

1. Falcão, L. and M.E.M. Araújo, Vegetable Tannins Used in the Manufacture of Historic Leathers. Molecules, 2018. 23(5): p. 1081.

2. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.

3. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.

4. Redwood, M., Vegetable tannins and their colouring effect with leather. 2020.

5. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.

6. Williams, N., Díolaim Luibheanna. 1993, Sáirséal-Ó Marcaigh: Baile Átha Cliath.