Céard é an difríocht idir crann agus sceach?

Is planda adhmadach ilbhliantúil (maireann sé níos faide ná bliain amháin) é crann, le príomh-stoc láidir as a dtagann na craobhacha tánaisteacha. Bíonn go leor stoic ag sceacha—ní bhíonn sé soiléir cá bhfuil an príomh-stoc, má tá ceann ann ar chor ar bith.

Ach ní bhíonn sé éasca uaireanta idirdhealú a dhéanamh idir crainn agus sceacha, agus ní ar aon intinn atá gach duine ar céard is crann ann agus céard é sceach.

An draighean – sceach.
An sceach gheal – crann.

Is minic go mbreathnaíonn an draighean, sceach ilstocach a scaipeann go héasca, cosúil leis an sceach gheal, planda le bláthanna bána a osclaíonn go luath tar éis bláthanna bána an draighin.

Tugtar sceach ar an sceach gheal ach, má bhreathnaítear go cúramach uirthi, is ó stoc amháin tiubh láidir a thagann na craobhacha, agus uaireanta déanann an sceach gheal crann beag.

Ar an lámh eile, is minic go mbíonn go leor stoc ag an gcoll agus ag an gcaorthann, ach tugtar crainn orthu.

An coll.

Tagann airde an phlanda i gceist freisin—ní bhíonn airde mhór ag an bhfeoras, cé go mbíonn stoc soiléir aige go minic. Breathnaítear ar an bplanda dúchasach seo mar sceach, seachas mar chrann, an chuid is mó den am.

Dár ndóigh, braitheann sé ar an ngnáthóg ina bhfásann an planda ar sceach nó crann é freisin. Is ar éigean go dtabharfá sceacha féin ar chuid de na crainn bheaga fheoite a fhásann i gConamara nó sa mBoirinn, cé go ndéanfadh na speicis chéanna crainn mhóra arda ghalánta i gcréafóg dhomhain shaibhir Cill Chainnaigh nó Chill Mhantáin. Tá tionchar láidir ag an aeráid agus ag an ithir ar an gcuma a bhíonn ar chrann nó ar sceach.

Aiteal cúpla méadar ar airde ar bhruach Loch Coirib.
Aiteal sínte i gConamara.

Tá cineálacha sínte de chrainn agus sceacha ann freisin. Cé go dtugtar crann ar an aiteal, ní chuirfeá an planda beag seo, nach bhfásann níos airde ná 3 nó 5 mhéadar, sa gcatagóir céanna leis an dair agus an fhuinseog. Ach tá cineál sínte den aiteal ag fás ar leacracha eibhir Chonamara nach bhfásann níos airde ná roinnt ceintiméadar. Tá an rud céanna amhlaidh leis an draighean fearna, a fhásann go 6 mhéadar i lár na tíre, ach a bhfuil leagan sínte de ag fás sa mBoirinn.

Sceacha agus Plandaí Luibheacha

Bíonn sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir crainn agus sceacha, ach bíonn sé suimiúil freisin breathnú ar an taobh eile den speictream: ar na plandaí beaga sin a fhásann sa bhfásra in éineacht leis an bhféar agus na plandaí luibheacha eile.

Tugtar planda luibheach ar phlanda a fhásann agus a chríonann siar sa ngeimhreadh (cailltear an chuid os cionn talún, ach ní gá go gcaillfí an fréamh). Is minic go dtugtar an sainmhíniú seo ar sceach: ilbhliantóg adhmadach, is é sin planda nach gcríonann siar sa ngeimhreadh, ach go mbíonn gais agus géaga adhmadacha le feiceáil i gcaitheamh na bliana.

An fraoch naoscaí – sceach?.

Má ghlactar leis an sainmhíniú sin, is iomaí sceach atá ag fás in Éirinn. Is sceach é an róslabhrás, an chaor chon, agus an roithleog. Ach is freisin sceacha iad na cineálacha fraoigh atá ag fás ar an bportach, chomh maith le plandaí beaga bídeacha, amhail lus na stalóg agus leaithín na Boirne.

Go deimhin, is sceacha iad na driseacha deilgneacha a thugann sméara dubha blasta dúinn sa samhradh. Fásann na gais sa gcéad bhliain, maireann siad os cionn talún sa ngeimhreadh, agus tagann bláthanna agus torthaí orthu sa dara bliain. Críonann an gas siar (faigheann sé bás) ina dhiaidh sin, ach cuireann na fréamhacha gais nua aníos bliain i ndiaidh bliana.

An ghlúineach bhiorach – ilbhliantóg luibheach (seachas ilbhliantóg adhmadach).

Ach ní fheicfear an ghlúineach bhiorach ar an suíomh seo. Cé go bhfeictear géaga arda agus duilleoga móra an phlanda seo i ngarrantaí agus ar leataobh an bhóthair sa samhradh, críonann sí siar sa ngeimhreadh—cailltear gach a raibh os cionn na talún, cé go mbíonn na fréamhacha beo, agus cuireann siad meatháin nua aníos arís an bhliain dár gcionn.